February 2026: Leathanach don Cheiliúraí

Máirtín Mac Conmara MSC

Blackrock, Dublin

1 Feabhra 2026 (A)
An Ceathrú Domhnach Saor

An léacht i Soiscéal an lae inniu leis na Biáide cuireann sí tús le Seanmóir fada ar an Sliabh d e réir Mhatha (Matha 5:1-7:21), agus déanfar míreanna de a léamh san Aifreann go dtí an Naoú Domhnach Saor. Cuirtear Íosa inár láthair ag féachaint ar na sluaite. Is Dara Maois é, agus mar a oireann do mhúinteoir tá sé ina shuí. Amharcann na Biáide agus an Seanmóir siar agus chun tosaigh, siar ar na blianta fada a bhí ag Iosrael ag feitheamh le teacht na ríochta agus ar aghaidh do ré le teacht trína a dheisceabail féin agus a lucht leanúna, salann agus solas don chine daonna, iad dílis do theagasc Chríost. Tugann sé athmhíniú ar an Dlí agus na Fáithe do ré nua, ag cur béime ar an fhearg a mhaolú agus meas a bheith ar dhaoine eile, le tagairtí imeallacha do adhaltranas agus colscaradh. Téann sé thar an Dlí agus na Fáithe nuair a mhúineann sé gan aire a thabhairt don nath agus don mheon ‘Súil ar shúil agus fiacail ar fhiacail’ ach a mhalairt, grá a thaispeáint don namhaid. Tgugnn sé míniú nua ar chleachtais chráifeacha na nGiúdach maidir le déirc. urnaí (le sampla an Ár nAthair) agus troscadh, agus ag cur béime ar ghlaine chroí, agus ag moladh bheith ag iarraidh dul isteach an geata cúng sin ag deireadh aistir. Cuirtear clabhsúr leis an Seanmóir le rabhadh i gcoinne féinmhealladh, ach briathra Chríost a chluistin agus a dhéanamh, seachas iad a chluistin amháin, agus mar sin do dhuine a bheatha spioradálta bhunú ar charraig seachas ar ghainneamh.

     Le casadh uaidh sin go léacht an lae inniu, na Biáide: ionann biáid lena déantar duine suáilceach, sona, beannaithe agus bronntanas ó Dhia. Ar bheola Íosa d’oirfeadh na biáide don mhisean a bhí ag Íosa an dóchas a bhí ag Iosrael tríd na haoiseanna a chomhlíonadh. Ar ghrúpa amháin díobh sin a bhí ag feitheamh, tugadh ‘na boicht’, na boicht ó spiorad i leagan Mhatha, bocht ina gcroí istigh, agus mar sin le croí ar leathadh do theacht ríocht Dé, nó i leagan Mhatha ‘ríocht na bhflaitheas’. An bhiáid fúthu siú atá ceansa, ionann é, a bheag nó a mhór, agus an chéad cheann. Ainmníonn sé aicme soisialta seachas meon anama. An ‘talamh’ atá le glacdh mar oidhreacht, sa chomhthéacs seo ionann é, a bheag nó a mhór, agus ríocht na bhflaitheas. Beidh an teacht i seilbh air, cosúil le ríocht na bhflaitheas, anseo ar talamh agus sa tsíoraíocht, ar neamh. Iarrann Íosa orthu áthas agus gairdeas a bheith orthu faoi seo, mar is mór a dtuarastal ar neamh.Tugann géarleanúint an comhluadar Críostaí isteach i dtraidisiún Fhaithe an tSeantiomna.

     Maidir le lucht an dubróin de, sa téacs seo, ní hiad sin atá dubhach, gruama ná íobartaigh fhoiréigin iad ach ag teachtb le traidisiún an Bhíobla iad sin atá faoi bhrón nár tháinig comhlónadh na ngealltanas go fóill. An fhíréantacht ar a bhfuil ocras agus tart chuici ag na naoimh, ní fíréantacht anseo ar talamh atá i gceist ná cúiteamh eascaiteolaíoch a gcearta ach an dea-iompar anseo ar talamh ar toil le Dia, ‘ocras agus tart ar son an chirt’ mar a chuireann aistriúchan eile Gaeilege comhaimsire é. Níos déanaí (Matha 18:33) leagfaith Íosa féin béim ar cé chomh tábhachtach is atá sé bheith trócaireach. Ní féidir le aoinne ar talamh Dia a fheiceáil, ach is féidir a bhraistint é bheith i láthair ina Mhac Íosa agus sa dúlra. Feiceann na fíréin ar neamh a aghaidh. Tá dhá bhiáid ann ar an ngéarleanúint. Ceann ginearálta an chead cheann díobh sin a imríotar géarleanúint orthu ar son an chirt (‘mar gheall ar an bhfíréantacht’). Baineann an dara ceann i modh ginearálta le deisceabail Íosa (níor roghnaíodh an Dáréag go fóill). Feiceann Íosa roimh ré go ndéanfar géarleanúint, clúmhilleadh agus aithis orthu

* * *

8 Feabhra 2026 (A)
Cúigiú Domhnach Saor

Agallamh le Ceisteanna an Lae. Ó ghluaiseacht fhealsúnachta an ochtú céad déag anall ar a dtugtar an ‘Eagnaíocht’¸ an Soilsiú, an Erklärung, the Enlighenment, tá tuiscint eile ar an solas is dual don chine daonna seachas solas an tSoiscéil. Bíodh go bhfuil éagsúlacht mhór idir saoithe na gluaiseachta sin, is comónta an tuiscint acu gur leor an aigne dhaonna agus na céadfaí mar threoir don chine daonna gan aon chur isteach ó neamh nó ó shaol eile. Ní bheadh a leithéid de threoir inghlactha. Is cuid den saol ina mhairimid é sin. Ar an dtaobh eile de, lár-fhírinne ó Phól anall é nach leor an eagna dhaonna, maidir le eolas ar thoil Dé. Tá an méid a deir Pól faoi rúndiamhair Dé agus na croise mar bhunphrionsabal dár gcreideamh fíor i gcónaí. Bíodh go bhfuil glactha le saol an lae inniu le mórán de thuiscint agus de theagasc na mBiáide agus den tSeanmóir ar an Sliabh, tá gnéithe den ‘Eagnaíocht’, den Enlightenment, nach féidir glacadh leo.Ach tá an ‘chumhacht’ sin a thug an creideamh i gCríost agus a Chrois céaduair ag feidhmiú i gcónaí, agus ní mór do chreidmhigh bheith nascaithe le Críost agus an Spiorad Naomh trí urnaí agus dheabhóid.

* * *

15 Feabhra 2026 (A)
Séú Domhnach Saor

In aimsir Shíorach cuireadh an cheist: An féidir na haitheata a choimeád? Ardaíodh ceist dá leithéid faoi chuid de shoiscéal an lae inniu, go háirirthe faoin sliocht ‘Ná déan marú’ agus a leanann as go dtí: ‘Ná déan adhaltranas. Duine ar bith a bhreathnaíonn ar bhean le dúil inti, tá adhaltranas déanta aige cheana féin lei ina chroí’. Mar a deir Ard-Cúistiúnaí Dostoevsky: ‘Bhí meas ró-ard ag Íosa ar an chine daonna, mar rugadh é i bhfad níos laige agus níos isle ná mar a mheas Críost’. Faoi seo is féidir linn a rá nach cód dlí, taobh amuigh den cosc ar cholscaradh, a bhfuil i léacht an lae inniu, ach léiriú ar nádúr ríocht Dé, ríocht Íosa, agus an fhoirfeacht is dual di. Léiríonn briathra seo Íosa go bhfuil ré úr tagaithe leis féin, agus gairm faighte ag a lucht leanúna bheith mar thoscairí dó sin ina mbeatha.

     Téann seo le teachtaireacht an dara léachta: Tugann suáilce an chreidimh eagna nua don chreidmheach, nach eagna shaolta í. Ar ndoigh ní ionann sin agus a rá nach raibh meas ag Pól, nó nach bhfuil meas ag an eaglais, ar an eagna dhaonna mar stiúir i gcúrsai an tsaoil seo. Mar a scríobh Pól chuig na Filipigh (4:8): ‘Bíodh bhur n-aire ar an rud is fíor, ar an rud uasal, ar an rud cóir, ar an rud naofa, ar an rud measúil, ar an rud creidiúnach, ar an rud atá suáileach inmholta’. An teachtaireacht atá ag Pól sa dara léacht ná nach féidir linn dearmad a dhéanamh de gur rúndiamhair shlánaithe Dé atá san eaglais. Agus sinn in agallamh le saol ár linne ní dochar machnamh a dhéanamh ar sin go léir. Ceist eile a phléitear inniu ná an féidir maireachtáil de réir adeir an soiscéal. Cuireadh ceist dá leithéid ar Íosa, a thug mar fhreagra: ‘Tá an uile ní sodhéanta ag Dia’ (Matha 19:26). Ní freagra na ceiste é seo, ach ábhar machnaimh in aon phlé faoin gceist. Nuair atá rúndiamhair an tsoscéil agus na heaglaise i gceist, in aon phlé ní féidir grásta Dé a fhágaint as an áireamh.

* * *

22 Feabhra 2026 (A) Céad Domhnach den Charghas

Tá ábhar machnaimh ann dúinn i léachtaí an lae inniu, agus bonn chomh maith do agallamh le saol an lae inniu. Táimid ag tús an Charghais, agus sa saol sibhialta cuirtear an cheist ar chóir dúinn scor le deasghnátha agus eile a bhaineann leis an Carghas i saol tuata, saolta, dí-eaglaisíoch seo an lae inniu. Bíodh a rogha acu siúd, ach do chreidmhigh ní mór ceacht an Charghais a choimeád os comhair ár n-aigne, is é sin gur ann fós don pheaca, do chathú, bheatha, bás agus aiséirí Chríost agus a bhua ar na bpeaca agus an laige dhaonna.

     Is ann chomh maith don chathú de gach saghas dúinne daoine daonna. Guímid gach lá ar Dhia gan sin a ligint in gcathú. Tá cathuithe de shaghasanna iomadúla ann inniu: le drom a thabhairt do chreideamh i gCríost nó i nDia, le maireachtáil de réir luachanna an lae atá contrártha don Soiscéal agus do theagasc na hEaglaise seachas cloí leo, maidir le cúrsaí an teaghlaigh, naofacht an choirp de réir teagasc an Tiomna Nua agus mar sin de. Tá an Eaglais féin ag machnamh ar na cúrsaí i láthair na huaire.

     D’iarr Íosa tráth ar a dheisceabail faire a dhéanamh in aonacht leis. Tá a leithéid de chuireadh againn anois ag tús an Charghais: machnamh a dheanamh feadh thréimhse an Charghais ar chreideamh i gCríost agus san eaglais, agus bheith aontaithe le Críost sa chreideamh sin le staonadh de shaghas éigin, lena mheabhrú dúinn féin nach dtagann beatha nó borradh san eaglais gan urnaí agus troscadh de shaghas éigin. Ag smaoineamh a dúirt Íosa le Peadar: Bíodh smaointe Dé againn seachas smaointe daoine.

* * *

All Irish homily texts for the three years by Máirtín Mac Conmara MSC as in ‘Sunday Scripture Online’ have been published by ‘An Sagart’, Maynooth, under the titles Machnamh 1, 2, 3 at €10.00 per volume