Máirtín Mac Conmara MSC
Blackrock, Dublin
6 Meán Fómhair 2026
An Tríú Domhnach Fichead Saor
Sna saolta seo nuair atáthar ag iarraidh tionchar na hEaglaise i gcúrsai an phobail a mhaolú nó a chur ar cheal, nó fiú a mhaíomh gur baol don phobal í, ní dochar machnamh a dhéanamh ar an ábhar maraon le briathar Dé san Aifreann, go háirithe cuid den mhéid a deir Naomh Pól leis na Rómhánaigh sna sleachta atá á léamh againn sa liotúirge le cúpla Domhnach anuas.
As an dí-eaglaisiú leanann béim sa taobh seachtrach den duine aonair agus den stát, as a leanann folús spioradálta sa duine aonair, agus an baol dóibh bheith gan treoir sa saol agus in easpa nirt in am an ghátair.
Is léir go bhfuil an iliomad fadhbanna sa tsochaí ar eol dúinn inniu – droganna, agus a leanann astu mar mhí-ádh do theaghlaigh, brú ar andúiligh íoc as na drogaí agus bagairt phionóis nó bháis fíu orthu féin nó ar a muintir muna íocann, dúnmharú nó gortú le sceana.
Is soiléir go bhfuil an tsochaí is eol dúinn éirithe garbh sna slíte seo agus i modhanna eile. Déanann an rialtas agus na heagrais stáit, agus eagrais eile, iarracht nó a ndícheall dul in ngleic leis na fadhbanna, ach tá buntomhas san ábhar a théann thar rialtas nó eagras ar bith, agus is é sin anam an duine aonair agus na fórsaí ag feidhmiú istigh ann.
Na daoine a dhéanann machnamh ar staid an cine dhaonna, nó na sochaí seo againne, inniu labhraíonn siad faoin easpa meitifisice nó substainte ann, amhail is nach mbeadh sa duine ach tnútháin, paisin agus a leithéidí gan substaint taobh thiar díobh le treoir a thabhairt.
Is fiú machnamh air sin. Tá gairm againn rud a dhéanamh dá réir, go mór mór ag machnamh dúinn ar chaibidil dheiridh na litreach chuig na Rómhánaigh.
* * *
13 Meán Fómhair 2026
An Ceathrú Domhnach Fichead Saor
Bíodh go bhfuil teachtareacht an Bhíobla agus na Soiscéal dírithe go príomha ar chreidmhigh dfhéadfadh sé bheith in ann a lán a rá le ceannaraí an phobail shibhialta.
Ní cúis iontais é seo dúinn de bhrí gur clannmhac agus clann iníonacha an cine daonna go léir don Athair ar neamh agus déantar an chuid is mó dá saol a mhaireachtáil i suíomhanna sibhialta seachas i suíomhanna creidimh nó reiligúin.
Daoine daonna, mar neacha réasúnacha, bíonn siad machnamhach agus aird acu ar chaidreamh daoine eatorthu féin. Luath-thraidisiún na hEagna in Iosrael, bíodh gur oidhreacht agus gníomhaíocht mhuintir a chreid i nDia Iosrael é, tharraing sé a mhachnamh ar an iompar daonna ón dtaithi dhaonna seachas ó Dhlí Mhaois nó ón bhfoilsiú.
Bíodh gur léigh agus gur rinne Ben Sira (Eccleiasticus), ó ré dhéanach de thraidisiún Eabhrach na hEagna, machnamh ar an Dlí agus na Fáithe chomh maith le luath-litríocht na hEagna, is féidir linn a mheas gur tháinig a bhfuil le rá aige ar an maithúnas óna thaithí ar an iompr daonna seachas mar chonclúid ó theagasc an fhoilsiú.
Mar sin is féidir linn machnamh a dhéanamh ar léachtaí an lae inniu mar theachtaireacht do phobal creidimh agus don tsochaí shibhialta.
Cé go bhfuil na tagairtí don Athair ar Neamh sna Soiscéil ceangailte de ghnáth le trua agus taise, is soiléir ó léacht Shoiscéal an lae inniu go bhfuil Íosa thar a bheith éilitheach maidir le lárphointe dá chuid teagaisc a bheith curtha i gcrích ag a lucht leanúna.
Dúirt Íosa féin gur lárphrionsabal den tsean-am a bhí sa nath ‘súil ar shúil agus fiacail ar fhiacail’ (Matha 5:38) ach ba é a theagasc féin gan seasamh in aghaidh an drochdhuine.
Sa tSeanmóir ar an Sliabh leagann sé béim ar ghnéithe éagsúla de sin níos mó ná uair amháin: gan géilleadh don fhearg; athmhuintearas a dhéanamh le do comhbhráthair nó chomhshiuír roimh íobairt a ofráil; grá a thabhairt do do namhaid; guí ar a son siúd ar fuath leo thú.
Ní mór sin go léir a dhéanamh mar chuid den seirbhís don Athair grámhar ar neamh. Thug Íosa féin sampla den tuiscint agus den mhaithiúnas ón gCrois.
Teagasc nua agus béim úr a bhí anseo agus tá sé le feiscint go soiléir mar lárphointe na Soiscéal agus i scribhinní eile an Tiomna Nua. Ba chóir an teachtaireacht atá sa bhéim seo agus i bparabal i Shoiscéal an lae inniu a choimeád de shíor os comhair an phobail Chríostaí.
Ach beidh a fhios go maith ag ceannairí na hEaglaise cé chomh discréideach nach foláir a bheith maidir le cursaí athmhuintearais i gcásanna faoi leith, ag tabhairt aire chuí do shiceolaíocht an duine aonair.
Maidir le hatmhuintearas sa saol sibhialta de, agus i gcásanna acrainn agus cursaí iar-chogaidh, is deas a fheiceáil gur fhoghlaim an pobal sibhialta fiúntas ina bhfuil le rá ag traidisiún Eagna Iosrael agus an bhéim a chuireann na Soiscéil san athmhuintearas agus san easpa díoltais.
Cuid lárnach den chuid is mó de phobail eagraithe an lae inniu ná réiteach achrainn, agus i roinnt mhaith cásanna is iad sin a bhí gafa i bhfeachtis mhileata i gcoinne a chéile uair amhain atá gníomhach anois ag cur réiteach achrainn agus athmhuintearais chun tosaigh. Gurbh amhlaidh a bheidh. Is beannaithe lucht déanta na síochána
* * *
20 Meán Fómhair 2026
An Cúigiú Domhnach Fichead Saor
Tá ábhar machnaimh againn i léachtaí an lae inniu faoi mar is cóir dúinn fís agus freagra uirthi a thabhairt le chéile agus sinn ag machnamh ar saol ár linne agus ag tabhairt aghaidh ar an mbóthar romhainn amach.
Is éasca géilleadh don chathú faoi smaointe teibí, mar shampla ag rá: dá mbeadh spiorad ghlúin a imigh romhainn againn, spiorad Vatacáin II agus mar sin de, an fhís a bhí ag an ghlúin sin nó ag an Chomhairle sin.
Tá a fhios againn an freagra a thug an fáidh sa chéad léacht ar a leithéid de cheist. Tá fís ann dúinn i gcónaí agus is ag Dia, is é Dia féin, an fhís sin. Ach ní fiú tada fís gan comhoibriú daonna, mura nglactar leis uainne. Ná cailltear i smaointe teibí sinn.
Rud lárnach do na léachtaí go léir inniu ná go bhfuil Dia i láthair linn, ach san am céanna mar Dhia na Glóire, le fís léirithe aige dár dtodhchaí, agus é dár nglaoch is dár ngairm freagra a thabhairt uirthi, agus aghaidh a thabhairt ar a bhfuil i ndán dúinn le creideamh, le humhlaíocht agus le haithrí.
Faoi mar a bhí ag Pól, is é Críost bun agus barr agus lár ar mbeatha go léir mar Chríostaithe. Ní mór bheith daingean sa chreideamh sin. Níor choir riamh dearmad a dhéanamh ar fhís an Dea-Scéil i gcoraí an tsaoil, fís nach réitíonn i gcónaí le fealsúnacht reatha.
Glaoch saor ó Dhia an creideamh, a glactar leis go humhail, agus le haithrí mar gheall ar laigí daonna. Agus tugann an creidmheach aghaidh ar an ré le teacht le lán-dochas, mar is é Dia a spreag an fhís ann céaduair, agus tá sé linn le freagra cuí a thabhairt uirthi agus lena chur i ngníomh.
* * *
27 Meán Fómhair 2026
An Séú Domhnach Fichead Sao
Tá, nó ar a laghad bhí tráth, eolas fóirleathan ar an dán Gaeilge faoi chomhairle don duine óg: ‘A dhuine atá i dtúis do shaoil, mo theagasc go cruinn beir leat – sara dtiocfaidh iomad ded aois aois, bíodh aithne ar Chríost agat’.
Ní eolas faoi Chríost, ach aithne phearsanta ar Chríost. Tá seo ag teacht go hálainn lena deir Pól aspal ina litreacha, sa litir chuig na Filipigh agus eile. Ba chuid dlúth de chéad-teagasc an heaglaise roimh an bhaisteadh é.
Tá sé curtha go han-deas sa litir chuig na hEifisigh, áit a déantar codarsnacht idir an Seansaol, saol mar phagánaigh, agus an saol nua i gCríost, an Sean-saol ag daoine ina mbíonn a n-aird ar nithe baotha, dealaithe amach ó bheatha Dé, tugtha don drabhlás.
Ansin, i gcodarsnacht leis sin, deir Pól: ‘Ní mar sin a fhoghlaim sibhse Críost’ (Eifisigh 4:20), má éist sibh leis i gceart agus más í an fhírinne atá in Íosa a múineadh daoibh. Ionann an teagasc faoi Chríost, agus an baisteadh i gCriost a chuaigh leis i dtús na hEaglaise agus a théann go fóill, agus caidreamh pearsanta le Críost.
Nuair a dhírigh Pól aird na gCríostaithe ar Chríost ar neamh, ar dheis Dé, agus a n-aire a bheith ar na nithe atá thuas, ní éalú ón saol seo atá i gceist aige ach gríosadh dóibh gach neamhghlaine iontu féin a chur chun báis agus maireachtáil de réir an tsoiscéil. Ionann an bheatha Chríostaí agus aithris ar Chríost agus gach a leanann as.
Ní caidreamh teibí nó fealsanta atá i gceist ach caidreamh beo, a thagann ó chleachtadh an chreidimh agus an urnaí, aithris a thagann mar bhronntanas ó Dhia. Tá ábhar machnaimh anseo dúinn i saol an lae inniu, idir óg agus aosta.
* * *
All Irish homily texts for the three years by Máirtín Mac Conmara MSC as in ‘Sunday Scripture Online’ have been published by ‘An Sagart’, Maynooth, under the titles Machnamh 1, 2, 3 at €10.00 per volume