October 2026: Leathanach don Cheiliúraí

Máirtín Mac Conmara MSC

Blackrock, Dublin

4 Deireadh Fómhair 2026
An Seachtú Domhnach
Fichead Saor

Leanann an léacht seo an ceann a bhí again i soiscéal an Domhnaigh seo caite. Iontu araon tugann Íosa rabhadh do uachtaráin na sagart agus do sheanórí an phobail, agus tríothu do Iosrael, an babhta seo i bhfoirm parabail. Is parabal faoi fhíonghort é a bheadh bunaithe ar an ceann i Leabhar Íseáia a bhí againn mar chéad léacht inniu.

Parabal faoi úinéir talún (‘fear tí’) a rinne fíonghort a phlandáil agus a chuir ar cíos é do thionóntaí (‘curadóirí’) le go mbeadh toradh aige as, i séasúr na dtorthaí. Thug na tionóntaí drochíde ar na seirbhísigh a chuir sé chucu faoi dhó lena chuid a fháil. Ansin chuir sé chucu a mhac, oidhre ar an bhfíonghort. Chaitheadar amach as an bhfíonghort é agus mharaíodar é.

Nuair a chuir Íosa an cheist faoi cad a dhéanfadh máistir an fhíonghoirt leis na tionóntaí, d’fhreagair siad go mbéarfadh sé drochíde orthu, go gcuirfeadh sé an fíonghort ar cíos do thionóntaí a bhéarfadh na torthaí ina séasúr féin. Mheasfadh duine nár rinneadar aon cheangal idir an bparabal agus téacs Íseáia.

Ní dhéanann Íosa tagairt dó, ach oiread, ach luann sé téacs as Salm 117(118):22-23 ar bhaineadh úsáid fóirleathan as sa chéadeaglais. Íosa féin an chloch dár dhiúltaigh na saoir (sa chás seo uachtaráin na sagart agus na seanóirí), agus ar rinneadh di ceann an chúinne san aiséiri.

Déanann Matha soiléir an tátall a bhí le baint as briathra sin Íosa: ríocht Dé le baint de phobal Iosrael agus le tabhairt do phobal a bhéarfaidh uathu a toradh, an toradh is dual do ríocht Dé. An eaglais, lucht an chreidimh i gCríost, atá i gceist, is dócha. Mar is gnáth le Matha, tá béim curtha ar thoradh a thabhairt, le dea-oibreacha.

* * *

11 Deireadh Fómhair 2026
An Ochtú Domhnach Fichead Saor

Is geal leis an Eaglais a fhógairt gur eaglais oscailte í, ar oscailt do gach aoinne, is cuma faoi chine nó stádas soisialta, le trua agus tuiscint dóibh siud atá bocht nó ar an imeall. Fógraíotar sin ar uairibh ó na haltóirí.

Ach an lá atá inniu ann, tá sa saol agus san Eaglais daoine agus buíonta nach mothaíonn go bhfeartar fáilte rompu san Eaglais nó nach ghlactar leis an staid ina bhfuil siad: daoine colscartha agus athphósta a bhfuil bac orthu Comaoin Naofa a ghlacadh; hómaighnéasaigh ghníomhacha, daoine in gcumann aerach, nó i bpósadh aerach; daoine bainteach le gnéas réamhphósta; colscaradh, nó fiú ginmhilleadh, agus a thuilleadh cleachtaí fós.

Feictear ar chosc ar a leithéidí mar ualach trom, agus ar uairibh féictear orthu siúd a dhéanann an cosc a chosaint mar na Fairistínigh agus scríobhaíthe ar chuir Críost ina leith go gceanglaíonn siad suas ualaí troma do-iompair agus buaileann siad ar ghuaillí daoine iad, ach ní ail leo féin iad a bhogadh le barr méire.

 Tá an cheist sin á cíoradh go domhain na laethanta seo ag údaráis na hEaglaise féin. Is sean-cheist í a théann siar, b’fhéidir, go laethanta an tsoiscéalaí Matha féin, agus seans go bhféadfadh soiscéal an lae inniu tuiscint níos fearr a thabhairt dúinn ar an bhfadhb.

Tá glaoch ag gach aoinne, peacaigh agus eile, chun na hEaglaise, agus ní mór don Eaglais bheith ina teachtaire do thrócaire Dé don saol mór agus dá baill féin. Thug Íosa cuireadh do chách teacht chuige le faoiseamh a fháil, á rá go raibh a chuing so-iompair agus a ualach éadrom.

Ach dúirt sé leis nár mhór dá lucht leanúna bás a fháil dóibh féin agus a chros a iompair. Bás agus aiséirí le Críost dlúthchuid den chreideamh a fhág sé againn.

     Le filleadh uaidh seo go dtí na ceisteanna atá á bplé: Ní mór don Eaglais, sin le rá dúinn uile, bheith tuisceanach, trócaireach, agus gan ualaí do-iompair a chur ar ghuaillí daoine.

Ach maidir leis na ceisteanna atá ardaithe inniu, ní foláir don Eaglais iniúchadh an chuid dílis den taisce, dá teagasc do-athraithe, iad nó an mbaineann siad le sean-teagasc de ré atá thart. Bíodh go raibh, go bhfuil, agus go mbeidh, peacaigh san Eaglais, glaotar orthu chun aithrí de shíor. Is lóchrann don saol mór í an eaglais.

Salann na talún agus solas an domhain iad lucht leanúna Chríost. An mbaineann na na hábhair atá faoi chaibideal le salann agus solas inniu, nó le ré atá thart?

 Ní mór féachaint ar theagasc na hEaglaise mar theagasc Chríost. Is Críost féin atá ag labhairt, Críost ag tabhairt cuireadh chun faoisimh inniu mar a rinne fadó, le cuing so-iompair agus ualach éadrom, ach Críost a dúirt nach mór dá lucht leanúna bás a fháil dóibh féin agus a chros a iompair. Bímis ag guí go dtiocfaidh aithne níos fearr ar Chriost agus eolas ar a chuing de bharr an chur agus an chúitimh seo go léir.

* * *

18 Deireadh Fómhair 2026
An Naoú Domhnach Fichead Saor

 Leanann léacht seo an lae inniu ceann an Domhnaigh seo caite. Ina chomhthéacs sa Soiscéal is ceann é de cheithre agallamh idir Íosa agus ghrúpaí nó daoine aonair Ghiúdacha: Fairisínigh agus Héaródaigh, Sadúisínigh, dlíodóir (scríobhaí léannta) de chuid na bhFairisíneach, ceist ó Íosa ar ar Fairisínigh.

Mar chúlra do léacht an lae inniu, is fiú a mheabhrú go bhfuil an suíomh in Iarúsailéim, in Iúdáia. Bhí Iúdáia faoi riail dhíreach na Róimhe ó briseadh an teitrearc Archalás as a phost sa bhliain 6 iar-Chr­íost, agus leagadh síos cáin denarius amháin, bonn airgid le íomhá an impire – Tiberius an tráth sin, a d’feicfí air mar dhia.

Bhí an cháin le híoc gach bliain, agus ag gach aoinne, sclábhaithe san áireamh. Bhain na Héaródaigh le teaghlach Héaróid, nach raibh i gcumhacht a thuilleadh in Iúdáia, murab ionann agus an Ghailíl. Bheidís i bhfábhar na Róimhe agus chuirfidis aon diúltú an chain a íoc in iúl do údaráis na Róimhe. Sa chás seo bheadh na Fairisínigh ar aon aigne leo le hÍosa chur i sáinn le húdaráis na Róimhe. Tuigeann Íosa gur cleas atá i gceist acu.

 An freagra a thug Íosa: ‘Íocaigí le Céasar’, is é sin le rá le hImpire na Róimhe, agus ‘’Iocaigí le Dia’, spreag sé machnamh thar na gcéadta ar chúrsaí éagsúla, sa diospóireacht maidir leis an ghaol idir an eaglais agus an stát san áireamh.

Bhí ar an luath-eaglais bheith an-chúramach madir le cáin a íoc don stát, gan géarleanúint a tharraingt uirthui féin. I gceisteanna áirithe ní bheadh ar a cumas géilleadh do iarratais an stáit, mar shampla le homós a thabhairt don Impire mar Dhia, agus Críost a shéanadh.

Bheadh impleachtaí éagsúla leis an prionsabal na nithe le Dia a íoc le Dia. Maidir leis na daoine, Giúdaigh, a chuir an cheist, bheadh orthu seasamh do éilimh a gcreidimh sa chás. Bhainfeadh lucht leanúna Íosa a mbrí féin as an éileamh – gach rud a éileann Soiscéal Chríost.

Bhí tuiscint faoi leith an tráchtairí na hÉireann ar an mBíobla faoin bhonn agus an íomhá: ionann an bonn agus an duine daonna le íomhá Dé greanta ann. Íoctar an ní is le Dia, an bonn le íomhá Dé, le beatha Chríostaí.

* * *

25 Deireadh Fómhair 2026
Tríochadú Domhnach Saor

Bhí naimhdeas domhain ann idir na Fairisínigh agus na Sadúisínigh, agus bheadh ríméad orthu gur chuir Íosa na Sadúisínigh ina dtost. Bhí cuid mhaith de na scríobhaithe, dlíodóirí agus saneolaithe ar chúrsaí creidimh, ina bhFairisínigh nó fabhrach dá dtraidisiún.

Bheadh na dlíodóirí sin ag cíoradh faoin aithne mhór, nó an aithne is mó, sa dlí, i Dhli Mhaois. An freagra a thug Íosa ar an gceist faoin aithne mhór ná an téacs ón mBíobla, ar a dtugtar an Seama, a aithris, téacs a deirtí in urnaí Ghiúdach na maidne sa teampall agus sa sionagóg.

Bheadh Íosa agus na Fairisínigh ar aon fhocal faoin aithne seo. Ach bhí aithne eile ann, faoi ghrá an chomharsa. Sa Bhíobla bhí téacs ann faoi ghrá an chomharsa. Cuireann Íosa cúpla focal breise leis sin: grá a thabhairt don chomharsa ‘mar tú féin’.

Ní féidir grá a thabhairt do Dhia gan grá a thaispeáint dá iomhá, don chomharsa. Achoimre ar a bhfuil sa traidisiún Giúdach go hiomlán, an Dli agus na Fáithe, an dá aithne sin.

     Machnamh agus an Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: An dea-shampla: Ar scáth a chéile a mhaireann Críostaíthe.

Sa dara léacht inniu, agus in áiteanna eile dá chuid litreacha, déanann Pól tagairt do aithris a dhéanamh air féin, mar a dhéanann sé féin ar Chríost. Ba mhór aige an dea-iompar agus an dea-shampla sa bheatha Chríostaí. Ba shalann na talún agus solas an domhain iad lucht leanúna Chríost, agus sin, i slíte eile, tríd a gcuid dea-ghníomhartha.

Chuir seanmóireacht na luath-eaglaise béim air sin. Fírinne eile ar cuireadh béim innti ná an dlús ar chóir a bheith idir baill na heaglaise eatarthu féin, iad ag tabhairt uchtach dá chéile sa chreideamh i gCríost seachas barrthuisle a bhaint as a chéile sa chreideamh.

Labhair Íosa féin go han-láidir faoi seo, faoi aoinne a thabharfadh scannal, barrthuisle, dá dheisceabail, dá lucht leanúna, ar a dtugann sé ‘na rudaí, na neacha, beaga seo’: ‘Ach má thugann aoinne scannal do dhuine ar bith de na rudaí beaga seo a chreideann ionamsa, b’fhearr dó go gcrochfaí bró mhuilinn faoina mhuineál agus é a bhá i nduibheagán na farraige’.

B’ionann cás do Phól ina litreacha. Bhí éagsúlacht phearsanra san Eaglais, daoine le creideamh ‘láidir’, agus daoine eile lag sa chreideamh, daoine le coinsias láidir nó leathan, agus roinnt eile nárbh amhlaidh sin. Ach bhí an creideamh acu go léir, agus mhol Pól do gach dream fáilte a chur roimh an dream eile. Rud lárnach i gcomhluadar an chreidimh an dlús, sinn uile an t-aon Chorp amháin i gCríost, le neart agus uchtach a bhaint as scáth a chéile.

 Ceist dúinn inniu ná conas feidhm a bhaint as na fírinni sin an lá atá inniu ann. Ní mór na dea-ghíomhartha, leis an solas a bheith ag taitneamh os comhair daoine chun go bhfeicfidis na dea-ghníomhartha agus glóir a thabhairt don Athair ar neamh. Briathra Íosa féin iad sin.

Ach tá an baol ann gur sinn féin, seachas glóir Dé, a bheadh á chuardach sna dea-oibreacha sin. Agus thug Íosa rabhadh faoi sin: ‘Aire daoibh féin gan a bheith ag déanamh bhur ndea-oibreacha os comhair daoine chun go dtabharfaidis faoi deara iad’.

Agus maidir le dlús agus easpa scannail, agus taca agus uchtach a thabhairt dá chéile, tá an bhéim inniu san duine aonair seachas sa chomhluadar, agus is eol dúinn go maith gur baol atá ann cosaint ar a shon féin, agus scannail a choimeád faoi cheilt. Bhí, agus tá, scannail ann nach mór tabhairt chun solais.

     Ach bíodh sin uile mar atá, tá teagasc an tsoiscéil agus na luath-eaglaise fós linn maidir leis an dlús is dual don eaglais mar chorp Chriost, agus an cúram nach fólair a bheith againn do bhaill laga na heaglaise, ‘na rudaí beaga seo’, gan barrthuisle nach gá a bhaint astu. Ábhar machnaimh dúinn ar fad é seo.

* * *

All Irish homily texts for the three years by Máirtín Mac Conmara MSC as in ‘Sunday Scripture Online’ have been published by ‘An Sagart’, Maynooth, under the titles Machnamh 1, 2, 3 at €10.00 per volume