October 2024: Leathanach don Cheiliúraí
6 Deireadh Fomhair 2024
An Seachtú Domhnach Fichead Saor
D’fhéadfadh duine go macánta an cheist a chur conas teagasc seo Íosa faoin chosc ar cholscaradh a réiteach leis an gcáineadh a dhéanann sé ar na Fairsisínigh faoi ualaí troma do-iompair a cheangal le buaileadh ar ghuaillí daoine (Matha 23:4), agus le briathar Chríost féin go bhfuil a chuing so-iompair agus a ualach éadrom, agus cuireadh Chríost do gach aoinne a bhfuil saothar agus tromualach orthu teacht chuige (Matha 11:28-30). Glaonn an chodarsnacht idir theagasc Chríost ar an cholscaradh agus na poinnti eile sin orainn machnamh a dhéanamh.
Ní thagann teagasc soiléir Chríost ar cholscaradh agus athphósadh ó fhoirfeachtachas fuar nó ó aon easpa tuisceana ó thaobh an tSlánaitheora. Pearsa Íosa mar is eol dúinn ó na Soiscéil í, ionann í agus an cur síos atá uirthi i dara léacht an lae inniu ón Litir chuig na hEabhraigh. Ba í toil an Athar go mothódh Íosa, a Mhac, na peannaidí agus crá croí a bheadh le fulaingt ag an gcine daonna, ag gach mac máthar agus iníon athar. Bhí Íosa ina chara dóibh siúd a bhí ar an imeall agus curtha i leataobh. Bhí trua aige don chine daonna agus don nádúr daonna briste. Ach maraon le seo go léir tháinig sé le teachtaireacht ón Athair an cine daonna a glaoch thar n-ais don staid ina raibh sé i dtosach, nuair a cruthaíodh é. Níor thóg an laige dhaonna ná a staid bhriste ó fhís Dé don chine daonna. Ba shamhail an pósadh mar ba thoil le Dia é, agus mar is toil leis fós, den staid tosaigh sin. An méid a deirtear faoi cholscaradh agus plean tosaigh Dé, is fíor sin faoi mhórán de fhís agus de léargas an Tiomna Nua – glaoch thar nais don bheatha sin is toil le Dia.
Ní mór don Eaglais bheith dílis do theachtaireacht Chríost san ábhar seo, mar a bhí an tAspal Pól. San am céanna tá uirthi cineáltas Íosa a thaispeáint do na daoine iomadúla atá gafa le fadhbanna taobh istigh den phósadh, agus ó phóstaí atá briste, le tuiscint aici do na brúnna iomadúla ar an bpósadh an lá atá inniu ann – díreach mar atá á dhéanamh aici inniu agus í ag cíoradh na gceisteanna faoi mhoráltacht an teaghlaigh. Is glaoch é liotúirge an lae inniu ar lucht leanúna Chriost a bheith dílis don ghairm atá acu ó Chríost, dílis dá theagasc agus dá chúram grámhar do na fadhbanna gan teorainn atá ag cine daonna leochaileach, briste.
* * *
13 Deireadh Fómhair 2024
An t-ochtú Domhnach is Fiche Saor
Tá guth Dé, briathar Dé, beoúil bríomhar i gcónaí. An bhriathar a théann as a bhéal, ní fhilleann air gan toradh, gan an rud a b’áil leis a dhéanamh agus a bheart a chur i gcrích. Mar a dúirt Dia leis an bhfáidh Irimia: ‘Nach bhfuil mo briatharsa ar nós tine, nach cosúil é le hord a bhriseann na carraigeacha ina smidiriní?’ (Irimia 23:29). Bhí sé gníomhach trid an stair, agus níos géire ná claíomh dhá bhéal téann sé isteach idir anam agus spiorad agus tugann sé breith ar chlaonta agus ar smaointe an chroí. Trína bhriathar agus a ghníomhaíocht tá Dia ag labhairt lena eaglais agus le domhan an lae inniu, ag glaoch orthu guí chun Dé an eagna dhiaga sin a rinne ‘Solamh’ urnaí a sheoladh uaidh amach as na flaithis naofa in dtreo go bhfoghlaimeomis céard is áil le Dia, le meas a bheith againn ar an aon rud riachtanach, an péarla róluachmhar, ár gcreideamh, ríocht Dé agus a bhaineann lei. Bhí guth Dé iláthair aris ina Mhac Íosa nuair a mheabhraigh sé dúinn cad a bhí riachtanach leis an mbeatha shíoraí a fháil mar oidhreacht, le gabháil isteach i ríocht na bhflaitheas. Tá bríonna éagsúla ag baint leis an ráiteas ‘ríocht na bhflaitheas’, ag braith ar an gcomhthéacs, an bheatha shíoraí ina measc, agus i mbéal an fhir óig a chuir an cheist ar Íosa, b’ionann an bheath shíoraí agus an saol eile, flaitheas Dé. Ní hé go bhfuil an Chríostaíocht neamhshaolta, ag baint leis an saol eile amháin. Mar fhreagra faoi conas an bheatha shíoraí, neamh, a ghnóthu luaigh Íosa na haitheanta, agus bhain na haitheanta i gceist leis an saol seo, le caidreamh idirphearsanta anseo ar talamh. Ach ba theachtaireacht lárnach Íosa gur bhain an dea-scéal leis an mbeatha shíoraí, agus ní leis an saol anseo ar talamh amháin.
Tá guth Íosa, briathar Dé, ag labhairt linn inniu i slí faoi leith. Mairimnis in aois ina bhfuil brú í leith dí-eaglaisithe, gan aon áit ag creideamh sa saol poiblí. Tá feachtas láidir ann chomh maith i leith aindiachais, i gcoinne creideamh i nDia nó sa saol eile. Tá baol ann ná beifear ag éisteacht le guth Dé ag labhairt, ag glaoch orainn agus ar an saol glacadh le Críost agus leis an Chríostaíocht faoi mar atá siad in aigne Dé – mar an phéarla róluachmhar, ag tabhairt chun cuimhne dúinn an t-aon rud riachtanach, na haitheanta a choimeád taobh istigh de chomhluadar Criostaí. Tá fís Chríostaí ann agus thug an fhís sin daingne, buanseasmhacht agus aidhm sa bheatha tríd na haoiseanna. Sin rud atá de dhíth go gear ón aois seo againne agus ónár dtír dhúchais féin. Is fís í nach mbaineann leis an aigne agus an croí amháin. Ní mór taca a bheith aici ó chreideamh beo, cothaithe ag na sacraimintí, le hÍosa ina lár. D’athraigh an Chríostaíocht cúrsa na staire. D’fhéadfadh sí déanamh amhlaidh arís. Mar a dúirt Íosa linn sa Soiscéal inniu: Tá an uile ní sodhéanta ag Dia.
* * *
20 Deireadh Fomhair 2024
An Naoú Domhnach Fichead Saor
Rinneadh teagasc Íosa faoi sheirbhís, agus a lucht leanúna a bheith ina searbhóntaí dá chéile, coitianta, agus tá sé lárnach, mar shampla, san teagasc a thug Pól dá eaglaisí siúd ina litreacha. Lárphointe an tSoiscéil in Aifreann an lae inniu ná gurb é Críost féin is eisesamláir dá lucht leanúna, agus nár chóir do aoinne dá lucht leanúna a bheith á bhrú féin chun tosaigh seachas bheith mar Chríost, ina shearbhónta.
Ach le filleadh ar na haspail agus a gcomharbaí, tá samhail na seirbhíse lárnach do Phól. Ar son an tsoiscéil, deir sé, rinneadh seirbhíseach do chách de le cách a ghnóthú do Chríost. Faoi mar ar mheabhraigh Íosa dá chuid aspal: dá ma mhian le aoinne bheith i dtosach níorbh fholáir dó bheith ina sheirbhíseach do chách. Níor thóg sin na haspail gan an soiscéal a fhógairt ina iomláine gan scáth gan eagla. Mar mhinistri an tsoiscéil ba ionann iad uile, ar chomhchéim, leis an misean céanna ó Dhia. D’fhéadfadh Pól é féin a chur i láthair mar shearbhónta do gach aoinne, ach san am céanna ag déanamh soiléir gur fheidhmigh sé mar aspal agus gur fhógair sé an soiscéal leis an mhuinín a tháinig chuige ón ghairm a bhí aige mar aspal. D’fhéadfadh sé a rá: ‘Ní mise a deir, ach an Tiarna’. Sheachaid sé féin an teagasc a fuair sé féin ón Tiarna agus ón luath-thraidisiún Críostaí.
Ag machnamh ar an mbaint atá aige sin go léir le teachtaireacht Chríost don lá atá inniu ann, is féidir linn a rá go deimhin go mbaineann an teachtaireacht a bheith ina seirbhísigh dá chéile le comharbaí na nAspal agus le Críostaithe. Nuair a dhéantar cáineadh ar an Eaglais toisc gur imigh sí ar leataobh ó theachtaireacht an tSoiscéil, ba chóir gan dearmad a dhéanamh den dteachtaireacht fháidhiúil atá ag an Eaglais an soiscéal a fhógairt faoi mar is gá sin inniu, agus sin ina iomláine gan scáth gan eagla. Ag déanamh sin di tá aici mar eiseamláir Pól naofa, a bhí gach rud do gach duine, mar shearbhónta do Shoiscéal Dé.
* * *
27 Deireadh Fomhair 2024
An Tríochadú Domhnach Saor
Cothaíonn fís phearsanta agus fís phobail daoine nuair a bhíonn siad faoi bhrú agus tugann treoir dóibh agus iad faoi anacair nó faoi rath. Tá samplaí maithe de cad is brí le seo i léachtaí an Domhnaigh áirithe seo. Pheacaigh pobal Dé, agus ón dtaobh daonna de is beag an dóchas a bí ann go raibh todhchaí ar bith acu. Nuair a bhí an peaca á dhéanamh acu bhí guthanna ó na fáithe ag tabhairt dúshláin dóibh agus á gcáineadh, ag bagairt díoltais ó Dhia orthu. Ach nuair a measadh go raibh gach rud caillte bhí guthanna fáidhiúla fós ann le misneach a thabhairt dóibh. Ní fís do laochra an fhís Chríostaí. Chonnaic muid mar a bhí ar na haspail agus lucht leanúna eile stracadh lena gcreideamh i gCríost agus faoi mar ar tógadh iad de réir a cheile chun tuisceana níos doimhne den ghairm Chríostaí a bhí acu.
Tá gá géar inniu ann go ndéanfadh creidmhigh i gCríost athnuachan ar an bhfís Chríostaí maidir le cad is brí leis an mbeatha dhaonna anseo agus sa saol eile. Tugann an Tiomna Nua a leithéid de fhís, agus mhair an luatheaglais í. I gCríost tá a chreideann ann, agus a bhaineann leis, cruthaithe as an nua (feic 2 Corantaigh 5:17). ‘Féach’, a deir Críost, ‘tá gach ní á dhéanamh nua agam’. An fhís Chríostaí atá le fail sa Seanmóir ar an Sliabh, sna Biáide agus sa bheatha Chríostaí féin, mhúnlaigh sin an tsochaí tríd na haoiseanna síos. Bhí tionchar aici ar na healaíona, ar an litríocht agus ar mhórán cúrsaí eile den saol.
Tá lárionad ag Críost san fhís Chriostaí. Is rud é an fhis seo do gach creidmheach, agus ní do bhuíon tofa amháin. Is rud beo í. Glacann sí a neart ó ghealltanas Chríost bheith in éineacht lena eaglais i gcónaí, faoi mar a gheall Dia Iosrael dá phobal féin in dtráth na hanacra agus na deoraíochta. Bheith feasach ar pheacaí a tharla, nó ar fhaillíocha ó thaobh na cléire nó daoine eile, is féidir leis seo baint ónár bfonn aird a thabhairt ar fhís sin Chríost ar an mbeatha. Ach níor chóir gurbh amhlaidh a bheadh. Is cuid den stair faillí dhaonna i slí amháin ní i slí eile. I Soiscéal Mharcais ní chuirtear na haspail agus chéad lucht leanúna Chriost inár láthair mar eiseamláirí. A mhalairt ar fad. Níor thug faillí phobal Dé roimh an deoraíocht nó lena linn ar na fáithe gan fís ollmhór Dé dá dtochaí a chur os comhair an phobail sin. Bheadh Dia leo, ina gcuideachta.
Is féidir linn teachtaireacht a fhoghlaim ón Scrioptúr gan ligean dár bhfís Chríostaí dul i léig, nó gan ligean dúinn éirí beaguchtach de bharr laigí nó peacaí taobh istigh den eaglais. Rud é an creideamh a thagann fás air, uaireanta ó leath-dhaille, ó chaoiche, go radharc iomlán.
* * *