Máirtín Mac Conmara MSC
Blackrock, Dublin
Gach téacs tógtha ó;
Freagra ar Chreideamh sa Bhíobla leis
an Urr. Máirtín Mac Conmara MSC
1 Samhain 2026
Na Naoimh Uile Domhnach Saor
Machnamh. Na Naoimh uile. Néal mór finnéithe. B’feasach do thraidiún na hÉireann, agus go deimhin don traidisiún Críostaí, go raibh nasc láidir idir na naoimh ar neamh agus na fíréin abhus ar talamh. Labhair ár sinsir go minic faoi mhuintir neimhe agus talún, mar a raibh coinne eatorthu sa Cháisc agus san Aifreann. Cuid den Chré is ea comaoin na naomh. Ceiliúrtar féile na Naomh Uile ar 1 Samhain, Lá Samhna i dtraidisiún na nGael, ceiliúradh a théann thar nais go aimsir na pagántachta. Ba thráth í ina mheas na beo go bhféadfaí caidreamh a bheith acu leis an saol eile, agus ar bhain lear mór piseog leis.
Bhí tuairmaí agus cleachtadh dá leithéid san Eoraip, taobh amuigh d’Eirinn. Ag tráth na féile seo tugann an Eaglais cuireadh dúinn a mheabhrú go bhfuil nasc eadrainn atá beo anseo ar talamh agus iad siúd atá imithe uainn, agus sin trí chomaoin na naomh.
San fhéile seo tugaimid onóir don mhathshlua dí-áirithe creidmheach atá anois faoi ghlóir le Dia, Íosa, Muire agus na haingil ar neamh, ní hiad naoimh chanónaithe amháin, ach iad sin go léir a fuair bás i ghrásta Dé.
De bhrí go ndeireann ár gcreideamh Críostaí agus an deabhóid Chríostaí linn go bhféadfaimis guí chucu, agus go ndéanann siad idirghuí ar ár son, is féidir linn bheith deimhin de go bhfuilid siúd atá imithe uainn aontaithe linn agus gur féidir linn cabhair a iarraidh orthu.
In Éirinn inniu, mar atá i gcearnaí eile den domhan, tá le braitsint easpa shíocháin anama agud lúcháire maidir leis an gcreideamh agus leis an Eaglais. Daoine éirimiúla ón dtaobh amuigh ag tabhairt seo faoi deara in Éirinn, tá siad den tuairim nach easpa chreidimh atá i gceist ach, b’fhéidir léiriú den bhféin-saoirse nua atá faighte acu, saoirse ó thiarnas eaglaise údarásaí a chuir iachall orthu glacadh agus smaoineamh mar ba thoil le siúd ar an iliomad rudaí, pearsanta agus eile.
D’fhéadfadh an anailís sin ar chúrsaí mar atá agus ar thiarnas na hEaglaise i ré atá thart bheith cruinn. Más mar sin atá, nó a bhí, an scéal ní mór don Eaglais, agus do na creidmhigh taobh istigh di, teacht ar leigheas ar an gcás.
Tá seans ann go bhfuil sólás éigin, agus spreagadh éigin, le baint as seo, gur fadhb chian aosta atá i gceist anseo. Bhí ar an aspal Pól aghaidh a thabhairt ar staid dá leithéid in eaglais Choraint lena linn fein (thart ar an bhliain 57, sé bhliain tar éis dó an eaglais a bhunú ansin).
D’éirigh idir an eaglais sin agus é féin agus i litir dá chuid chucu (2 Corantaigh 1:24) labhraíonn sé mar seo leo: ‘Ní hea go mbímid ag déanamh máistreachta ar bhur gcreideamh; ach ag comhoibriú libh le háthas a bheith oraibh, ó bhíonn bhur gcreideamh ina sheasamh go daingean’.
Is mar sin is cóir don Eaglais a bheith leis na creidmhigh: ag cabhrú leo áthas, lúcháir agus sonas a bheith acu sa chreideamh, seachas bheith ag imirt máistreachta. Tá litreacha Phóil, mar na Soiscéil féin, lom lán d’urnaithe do shíocháin agus lúcháir sa chreidiuint, mar shampla chuig na Rómhánaigh (15:13): ‘Go ndéana Dia an dóchais sibh a líonadh den áthas agus den tsíocháin uile sa chreideamh ar shli go mbeadh raidhse den dóchas agaibh trí chumhacht an Spioraid Naoimh’.
Is bronntanais ón Spiorad Naomh síocháin agus lúcháir sa chreidiúint, nach mór guí le hiad a bheith againn. San anam daonna tá seilbh orthu nasctha le creideamh in gCríost mar an péarla lómhar, agus aontacht le Dia abhus agus sa saol eile mar an t-aon rud riachtanach.
Ní mór don tsíocháin agus don lúcháir seo maireachtáil taobh le taobh le laigí agus lochtanna san Eaglais mar institiúid, agus leis an Eaglais ag fógairt teachtaireacht shlánaithe Chríost i gcúinsí nua atá ag síor-athrú. Is beannachtaí ó Dhia iad na Biáide, atá nasctha le ríocht Dé.
Ach ní chuireann siad fadhbanna nó fiú géarleanúint as an áireamh. Guímis nach dtógadh laigí nó lochtanna taobh istigh den Eaglais as don braithstint den fhís Chríostaí agus de phearsa Chríost, a thugann leo síocháin agus lúcháir sa chreideamh, sa chreidiúint.
* * *
08 Samhain 2026
Dara Domhnach Tríochad Saor
Na críocha déanacha, bás, breithiúnaas, ifreann agus neamh, agus an glaoch bheith réidh don bhás agus an breithiúnas, ar éigin go labhartar nó go scríobhtar futhu sin sna saolta seo. Agus má déantar tagairt dóibh i gcomhthéacs an Bhíobla is ar an Parousia, Ateacht Chríost, a bhíonn duine ag smaoineamh.
D’fhéadfaí a mheas gur dó sin a bhí Íosa ag tagairt i bparabal an lae inniu, bíodh nach bhfuil leid ann bheith réidh don bhás. Labhair Íosa faoin ábhar seo níos mó ná uair amháin de réir Shoiscéal Mhatha, i sleachta a léitear i liotúirge an Domhnaigh i mblianas.
Nuair a chuir duine áirithe ceist ar Íosa faoi cad é an mhaith atá le déanamh chun go mbeadh an bheatha shíoraí ag duine d’fhreagair Íosa: ‘Coinnigh na haitheanta’ (Matha 19:16-17).
Cuireadh ceist air tráth an ea nach mbíonn slánaithe ach an beagán, agus d’fhreagair Íosa: ‘Téigí isteach tríd an doras cúng, mar is fairsing an doras agus is leathan an bóthar a sheolann chun léirscriosta, agus tá morán a ghabhann an tslí sin isteach. Ach is cúng an doras agus is caol an bóthar a sheolann chun na beatha, agus is iad an beagán a aimsíonn é’ (Matha 7:13-14; Lúcás 13:23-24).
D’iarr Íosa chomh maith: ‘Cá fearrde duine go ngnóthódh sé an domhan go léir dá ligfeadh sé a anam féin ar ceal?’ (Matha 16:26), téacs nach féidir an focal ‘anam’ ann a thuiscint amháin mar ‘é féin’, ‘a bheatha’ (‘a bheo féin’, Cosslett Ó Cuinn; NRSV), toisc go bhfuil an téacs a leanann é go direach as caint faoi Mac an Duine ag teacht le cúiteamh le gach duine de réir mar a rinne sé.
Tá rabhadh sin Íosa sna Soiscéil le fáil chomh maith i scríbhinní na luatheaglaise. Tá a lán rudaí dearfa le rá ag Pól ina litir chuig na Filipigh, mar shampla a n-aire a bheith ar an rud fíor, an rud uasal, ar an rud cóir, ar an rud naofa, ar an rud measúil, ar an rud creidiúnach, ar an ruid atá suáilceach inmholta (4:8), ach deir sé leo chomh maith a slánú a shaothrú faoi uamhan agus faoi eagla (2:12).
Mar iomaitheoir i gcoimhlint an creidimh do Pól, deir sé go dtugann sé bascadh dá chorp agu coinníonn faoi smacht é le heagla go gcolfaí é féin tar éis dó a bheith ag fógairt ar dhaoine eile (1 Corantaigh 9:27).
Agus níl ansin ach cuid de na rabhaidh, na foláirimh, atá sa Tiomna Nua faoi ócáidí an pheaca a seachaint. Bíodh gur inmholta go bhfuil an bhéim in Eaglais an lae inniu sa rud dearfa, sna carasmaí agus a leithéidí, bheadh sé baolach faillí a dhéanamh ar an méid a deir sn Tiomna Nua ar laige an nádúir dhaonna, agus ar a riachtanaí is atá sé bheith de shíor san airdeall.
* * *
15 Samhain 2026
Tríú Domhnach Tríochad Saor
Go traidisiúnta, ag deireadh bhliain an liotuirge agus roimh thús na hAidbhine bhí béim i liotúirge an Domhnaigh ar na críocha déanacha agus a riachtanaí is atá sé bheith réidh le buaileadh leis an Tiarna, agus an breithiúnas a ghabhann leis an mbás.
Ní hiondual inniu machnamh a dhéanamh ar an mbás agus a riachtanaí is atá sé bás a fháil i ngrásta Dé, nó fiú machnamh a dhéanamh ar bhriathra Phóil chuig na Teasalónaigh maireachtáil mar chlann mhac agus chlann iníonacha an tsolais, de réir an tsoiscéil agus teagasc na hEaglaise. Agus go minic tagann an bás fós mar bhithiúnach san oíche, gan coinne.
Ábhar machnaimh eile dúinn ó liotúirge an lae inniu ná gurb í toil Dé go mbaineann gach duine againn úsáid as na buanna nádúrtha, na tallainn, atá againn, pé mór beag iad, agus sin dár leas féin agus do leas an chomharsa, do leas an phobail.
Ní beag an t-ábhar machnaimh a thugann liotúirge an lae, agus na léachtaí seo, dúinn.
* * *
22 Samhain 2026
Sollúntas Chríost Rí na nUile
Tugann an comóradh seo cuireadh dúinn machnamh a dhéanamh ar an gceangal atá idir Críost Rí na nUile agus sochai an lae inniu, agus agallamh a dhéanamh leis. Cuireadh an fhéile ar bun céaduair mar fhreagra ar an náisiúnachas agus an dí-eaglaisiú a bhí ag dul i dtreise san am, go háirithe san Iodáil agus sa Ghearmáin. Inniu tá géarú ar an dí–eaglaisiú, agus tá an saeclárachas i dul i dtreise, gan trácht ar an aindiachas, nó neamhdhiachas más fearr mar ainm air. Sean-admháil chreidimh é gurb é Íosa Críost an Tiarna. Bhí impleachtaí thar an ghnáth ag gabháil leis an bhfocal sin ‘Tiarna’. Ag Tiarna tá tiarnas. Bhí a lán ann in aimsir Phóil a thug tiarna orthu féin. Duine díobh sin ná Impire na Róimhe ar tugadh omós dó mar dhia, agus a éiligh an t-omós sin. Ag scríobh chuig na Corantaigh ar ábhar gaolmhar dúirt Pól (1 Corantaigh 8:5-6): ‘Tá gan amhras déithe mar dhea ar neamh agus ar talamh – go deimhin tá ‘déithe’ agus ‘tiarnaí’ ann go líonmhr. Mar sin féin níl ann i dtaca linne de, ach an t-aon Dia amháin …, agus níl ann ach an t-aon Tiarna amháin, Iosa Críost, ar tríd a thagann an uile ní agus gur tríd atáimidne ann chomh maith’.
Inniu agus an iarracht ann cursaí stáit a scaradh ón eaglais, agus ó chreideamh, agus saol saeclárach a bheith ann, deir daoine áirithe gur polaiteoirí nó cathróirí, nó ealantóirí iad ar dtús agus ansin Críostaithe nó Caitlicigh. Ní ceadaíonn dílseacht do Criost an Tiarna sin; ní ceadaíonn Íosa d’aoinne é a chur sa dara háit. Is fada siar an cheist faoi dhílseacht do Chríost, dá eaglais, agus an stat, agus is ionann na prionsabail a ghabhann leis an gceist inniu agus a bhí riamh.
Beidh ríocht Dé agus ríocht Chríost i gcoimhlint leis an mbrú a thagann ón aindiachas, nó neamh-dhiachas, ar mhaith leis a chur ina luí ar dhaoine nach ann do Dhia. Ní mór do chreidmigh bheith san airdeall faoi na fórsaí atá ag obair lenár linn. Níl teorainn leis an líon agallamh ar féidir a bheith againn le saol an lae inniu, ag eascair ó chreideamh i gCríost, Rí na nUile.
* * *
29 Samhain 2026 (B)
An Chéad Domhnach den Aidbhint
Agallamh le ceisteanna ár linne féin. Ag feitheamh le Dia. Scríobh Samuel Beckett dráma faoin dteideal ‘Ag feitheamh le Godot’. Cuid den chreideamh Críostaí, i slí, ná feitheamh le Dia, agus is tráthúil tréimhse na hAidbhinte le machnamh a dhéanamh air. Bliain i ndiaidh bliana tréimshe ullmhúchain dúinn an Aidbhint do ‘theacht’ Íosa um Nollaig. Ionann an focal Laidine Adventus taobh thiar den Ghaeilge Aidbhint agus ‘Teacht’. Agus déanaimid iarracht machnamh dhéanamh ar a chéad teacht agus ar an Dara Teacht, nó Téarnamh. Is gné dhílis de chreideamh an tSeantiomna agus an Tiomna Nua an feitheamh le Dia, le Dia lena theacht le ceart agus coir a chur i bfeidhm de réir a naofachta agus a ghealltanas féin. An chéad achainí sa Bhíobla ar Dhia sin a dhéanamh ná ón bhfáidh Habacúc, thart an ar mbliain 609 roimh Chríost. Bhí fórsai mileata na Baibealóine ag imirt slaid agus cos ar bolg ar phobal ionraic na Pailistíne, agus gan faic á dhéanamh faoi ag Dia. Mar fháidh Dé bhí Habacúc chun seasamh ar a thúr faire le freagra ó Dhia a fháil ar a chasaoid. Thug an Tiarna freagra air á rá: ‘Scríobh síos an fhis; déan í a ghreanadh ar leaca ionas go mbeidh sé furasta í a léamh. Óir is le haghaidh a hionú féin amháin a tugadh an fhís seo; tá sí ag tnúthán lena comhlíonadh agus ní dhéanfaidh sí bréag. Go fiú má bhíonn sí mall ag teacht, fan lei; mar tiocfaidh sí i gcrích go cinnte; ní theipfidh uirthi choíche. Féach, cloítear an té nach bhfuil croí ionraic aige; ach mairfidh an fíréan de bharr a dhílse.’
Tugann sin le fios an spiorad is gá dúinn agus sinn ag feitheamh le Dia, le comhlíonadh gealltanas agus fáistiní: dílse agus foighhid. Muna bhfuil sin ag duine caillfear é. Ar ndóigh fíoradh a lán de fháistiní na bhfáithe, agus thug fís an Dara Íseáia uchtach do na deoraithe tabhairt faoina dtodhchaí, bíodh nár fíoradh de réir na litreach í. Ina slí féin fíoradh an fhís sa Tiomna Nua. Rún an Athar ab ea an lá agus an uair bheacht le críoch a chur leis an stair, nárbh fhios do Íosa ná do Phól, a lean orthu ag craobhscaoileadh an Dea-Scéil. Bhí cuid de bhriathra Íosa a thabharfadh le fios go raibh Téarnamh Íosa le teacht ag glúin a chomhaimsire, agus nuair nár tháinig ghlac roinnt Chríostaithe scannal faoi. Mheabhraigh údar Dhara Litir Naomh Peadar dóibh machnamh a dhéanamh ar thrócaire agus ar fhoighid Dé, agus gur cuma aon lá amháin leis an Tiarna agus míle bliain agus míle bliain agus aon lá amháin.
* * *
All Irish homily texts for the three years by Máirtín Mac Conmara MSC as in ‘Sunday Scripture Online’ have been published by ‘An Sagart’, Maynooth, under the titles Machnamh 1, 2, 3 at €10.00 per volume
The three-year cycle of excerpts for Intercom from ‘Sunday Scripture Online’ has now been completed. A ‘mile buiochas’ to Fr McNamara for so generously allowing use of his work for Intercom readers and subscribers. Editor.