November 2025: Irish Notes

Máirtín Mac Conmara MSC

Blackrock, Dublin

 

 

1 Samhain 2025
Na Naoimh Uile

 

Machnamh. Na Naoimh uile. Néal mór finnéithe.

B’feasach do thraidiún na hÉireann, agus go deimhin don traidisiún Críostaí, go raibh nasc láidir idir na naoimh ar neamh agus na fíréin abhus ar talamh. Labhair ár sinsir go minic faoi mhuintir neimhe agus talún, mar a raibh coinne eatorthu sa Cháisc agus san Aifreann. Cuid den Chré is ea comaoin na naomh. Ceiliúrtar féile na Naomh Uile ar 1 Samhain, Lá Samhna i dtraidisiún na nGael, ceiliúradh a théann thar nais go aimsir na pagántachta. Ba thráth í ina mheas na beo go bhféadfaí caidreamh a bheith acu leis an saol eile, agus ar bhain lear mór piseog leis. Bhí tuairmaí agus cleachtadh dá leithéid san Eoraip, taobh amuigh d’Eirinn. Ag tráth na féile seo tugann an Eaglais cuireadh dúinn a mheabhrú go bhfuil nasc eadrainn atá beo anseo ar talamh agus iad siúd atá imithe uainn, agus sin trí chomaoin na naomh.

     San fhéile seo tugaimid onóir don mhathshlua dí-áirithe creidmheach atá anois faoi ghlóir le Dia, Íosa, Muire agus na haingil ar neamh, ní hiad naoimh chanónaithe amháin, ach iad sin go léir a fuair bás i ghrásta Dé. De bhrí go ndeireann ár gcreideamh Críostaí agus an deabhóid Chríostaí linn go bhféadfaimis guí chucu, agus go ndéanann siad idirghuí ar ár son, is féidir linn bheith deimhin de go bhfuilid siúd atá imithe uainn aontaithe linn agus gur féidir linn cabhair a iarraidh orthu.

 

* * *

 

2 Samhain 2025 Comóradh na nDílis Uile a D’éag

 

Tugann an lá atá inniu againn, agus leachtaí an liotúirge, ábhar machnaimh ar fhírinní faoi leith: bua Íosa ar an mbás agus deabhóid do na hanamacha sa phurgadóir.

     Brón agus bua ar an mBás. Ábhar bróin i gcónaí an bás, bás an duine aoinair, bás gan ceannlitir agus an Bás ann féin, Bás le ceannlitir, Bás mar chumhacht phearsantaithe. Is fuath le Dia an Bás, Bás le ceannlitir. Deir Leabhar na hEagna nárbh é Dia a chruthaigh an Bás, ach gur trí éad an diabail a tháinig ann dó. Tá an chéad léacht inniu ag féachaint ar aghaidh chuig an lá ina chuirfidh Dia an Bás ar ceal, agus ina mbeidh ré nua athmhuintearais idir Dhia agus an cine daonna.

     An Purgadóir i gcreideamh na hEaglaise. Is cuid de chreideamh na hEaglaise gur ann don Phurgadóir, staid idirmheánach idir an bhás agus glóir na bhflaitheas, radharc na Trionóide, do na fíréin, iad sin a gheibheann bás i ghrasta Dé. Tá dhá fhírinne bunúsacha san alt creidimh seo: is ann don staid idirmheánach seo, agus is féidir leis na creidmhigh lena mbeo sa saol seo teacht i gcabhair ar na hanamacha ann lena gcuid urnaithe, gníomhartha carthanachta agus eile. Is iomaí sin cur síos a bhí, agus atá, ar an staid idirmheánanach seo, ach ní mór teora a chur leis an tsamhlaíoche san ábhar.

     Cairde Dé iad na hanamacha sa Phurgadóir. Is minic a chuirtear síos ar phianta na n-anamacha sa Phurgadóir. Pian amháin a bheadh acu ná bheith feasach faoin easpa naofachta atá acu, agus an gá le glanadh ó na peacaí agus laigí daonna a bhí acu sula a leigfear isteach do radharc na Trionóide iad. Is is cinnte gur mór an sólas dóibh go bhfuilid slánaithe, i ngrá Dé, ag feitheamh le radharc na Trionóide.

     Thóg sé tréimhse fhada i stair na hEaglaise le teacht ar an dteagasc faoi mar atá sé againn inniu, ach glacaimid le creideamh é agus guímid go rialta, agus i ngach Aifreann, ar son anamacha na marbh, agus i slí faoi leith inniu i gCuimhneachán seo na bhFíréan Uile atá marbh.

 

* * *

 

9 Samhain 2025 (c) Coisreacan Bhaisleach an Latarain

 

Mar fhreagra ar cheist na nGiúdach faoi chomhartha, d’fhreagair Íosa go dtógfadh sé suas an Teampall, dá leagfsaí é, i dtrí lá. Maidir le tagairt na nGiúdach go raibh an Teampall á thogáil sé bliana agus daichead, cóiriú an Teampaill ag an Rí Héaród sa bhliain 20-19 roimh Chríost atá i gceist. Thógadh sin go dtí an bhliain 27-28 sinn. Thuig na deisceabail tar éis aiséirí Chríost gur ar theampall a choirp a bhí Íosa ag labhairt. Is é an Teampall Nua é corp Chríost aiséirithe, agus is í an Eaglais an Teampall sin

     Tá ceachtanna simplí ag léachtaí an lae inniu dúinn. Is mór an rud é gur toil leis an Dia dofheicthe, Uilechumhachtach, teacht i gcaidreamh linn. Is í an naofacht féin é agus ní mór dá phobal ar thalamh, ar an saol seo, bheith san airdeal gan dearmad a dhéanamh ar a thromchúisi is atá sé ar ghairm na heaglaise chun naofachta. Is ró-easca do cheannairí na heaglaise, agus do bhaill na heaglaise, glacadh leis an eaglais mar eagras daonna, ina dtagaimid ar an saol agus ina mhairimid gan an gné, an tomhas, osnádurtha di a choimeád os comhair ár súl. Ní féidir cur lena bhfuil sa dara léacht agus sa soiscéal. Is é teampall Dé an eaglais, sinne, agus tá Spiorad Dé ag lonnú i gcroíthe na bhfíréan. Má dhéantar dearmad ar sin, agus má bhíonn scannail san eaglais, nochfar iad ag Dia sa deireadh thiar. Tá an méid sin á fhoghlaim againn na laethanta seo.

 

* * *

 

16 Samhain 2025 (C) Tríú Domhnach Tríochad Saor

 

Tá Íosa ag labhairt sa Teampall, agus bhí cuid den lucht éisteachta ag breathnú go taitneamhach ar an bhfoirgneamh agus ag cur a meas air in iúl, ar a chlocha greanta agus a chuid íobairtí. Agus an lán-cheart acu chuige an tráth sin, sa bhliain 30 nó 33 dár ré féin. Scriosadh an chéad Teampall, teampall Sholaimh, ag arm na Beabalóine i 587 nó 586. Cuireadh críoch le Teampall eile ina áit sa bhliain 515, ach bhí sé i bhfad ó áilleacht Theampall Solaimh. Bíodh nach den chreideamah Giúdach an Rí Héaród Mór, chuir sé roimhe an Teampall a mhaisiú le go mbeadh sé inchurtha le foirgneamh ar bith de impireacht an Róimhe.

     Thosaigh sé an maisiúchán sa bhliain 19 roimh Chríost agus bhí clú agus cáil ar an Teampall de bharr a mhaoirseascht chloiche. Thuar Íosa go scriosfaí é, nach bhfágfaí cloch ar mhuin cloiche de. Ba shin sa bhlain 30 nó 33, agus tháinig an tuar faoin tairngreacht sa bhliain 70 ag arm na Róimhe. Cuireann na deisceabail ceist air faoi dháta na heachtra seo agus faoi na comharthai a bheadh le fesicint roimh an léirscrios.

     An freagra a thug Íosa is ar an chríoch dheiridh, filleadh Mhac an Duine, atá sé seachas treascairt an Teampaill. Ach d’fhéadfadh roinnt de na comharthaí a luann sé bheith ag tagairt do réanna éagsúla, mar shampla na Meisiasanna bréige ag fógairt slánú agus teacht Lá an Tiarna, Théarnaimh Íosa. Tharla cuid de na comharthai seo roimh laethanta deiridh Iarúsailéim. Is í is aidhm don roinn seo ná foláireamh a thabhairt do na deiscesabail gan ligint dóibh féin bheith curtha ar strae ag na comharthaí seo. Tá an sliocht féin agus an t-íomháineachas atá ann ag teacht le traidisiun litríocht apacailipteach na nGiúdach.

 

* * *

 

23 Samhain 2025 (C) Sollúntas Chríost Rí na nUile

 

A Thiarna, cuimhnigh ormsa nuair a thiocfaidh tú faoi réim do ríochta. Cuireann an sliocht álainn seo síos ar Chríost Rí agus a ríocht. Thug an teideal os cionn na croise aitheantas d’Íosa mar rí: ‘Seo é Rí na nGiúdach’. Rinne cinnirí na nGiúdach, na saighdiúirí agus duine amháin de na coirpigh fonóid faoi Íosa. Deireadh na saighdiúirí: ‘Más tú Rí na nGiúdach, saor thú féin’. Tugann an coirpeach eile aitheantas d’Iosa mar rí: ‘A Íosa, cuimhnigh ormsa nuair a thiocfaidh tú faoi réim do ríochta’. Ní deirtear linn conas a thuig sé réim ríochta seo Íosa. Do Lúcás agus an Tiomna Nua bheadh Íosa i réim a ríochta leis an aiséirí agus an deascabháil. D’fhreagair Íosa go mbeadh an coirpeach an lá sin féin in éineacht leis i bparthas. Do ghrúpa amháin i measc na nGiúdach b’ionann Parthas agus an áit ina mbeadh anamacha na bhfíréan roimh aiséiri na colainne. Teachtaireacht lárnach na léachta seo ná go bhfuil baint ag bás Íosa ar an gcrois le tusicint Íosa mar Rí na nUile. Ní Rí é ar ghnáth-bhri an fhocail sin, ach Rí a fhulaing fonóid le grá Dé don domhan a léiriú.

 

* * *

 

30 Samhain 2025 (A) Céad Domhnach den Aidbhint

 

I machnamh dá chuid do chéad Dhomhnach na hAidbhinte meabhragh an Pápa Benedict XVI go dtosaíonn bliain nua liotuirgeach leis an Domhnnach seo. Tosaíonn pobal Dé an athuair ar an mbóthar le rúndiamhair Chríost sa stair a mhaireachtáil. Ionann Críost inné, inniu agus i gcónaí. Ach athraíonn an stair de shíor agus tá gá aici i gcónaí le soiscealú, le teachtaireacht an tsoiscéil a thabhairt di. Tá gá ag an stair le hathnuachtaint ón taobh istigh agus is é Críost an t-aon fhíor-úire. Is eisean comhlíonadh na staire agus todhchaí solasmhar an chine dhaonna agus an domhain. Is í an Aidbhint, mar sin, an tráth fábharach, uair na cinniúna, le dúiseacht inár gcroíthe agus súil a bheith againn dó-sin ‘atá, a bhí, agus atá le teacht’.

     Téann an méid sin go léir léachtaí an lae inniu. Mionlach i saol dhomhan na Róimhe na Críostaithe ar scríobh Pól chucu, ach le buanseasmhacht chuaigh fís an fháidh i bhfeidhm ar shaol an chreidimh agus na poilitíochta.

     Rud eile nach dochar machnamh a dhéanamh air: gairm seo na gCríostaithe don domhan, ní ualach ach cúis lúcháire í. Bronntanas ó Chriost dá lucht leanúna an lúcháir, an t-áthas (feach ar Eoin 15:11; 16:22-24; 17:13). Cúis mhachnaimh í seo don Adbhint.

 

* * *

All Irish homily texts for the three years by Máirtín Mac Conmara MSC as in ‘Sunday Scripture Online’ have been published by ‘An Sagart’, Maynooth, under the titles Machnamh 1, 2, 3 at €10.00 per volume.