Máirtín Mac Conmara MSC
Blackrock, Dublin
3 May 2026
Cúigiú Domhnach den Cháisc
Is mise an tSlí, an Fhírinne agus an Bheatha. Is cuid de aitheasc Íosa é seo agus é ag fágaint slán ag a dheisceabail roimh filleadh ar a Athair dó chun áit a chur in oiriúint dóibh.
Leagann sé béim ar an aontas atá, agus a bheidh, ann idir é féin, an tAthair agus na deisceabail. Beidh siad leis san áit ina a bhfuil sé ag dul. Ag freagairt ceiste ó Thomás deir Íosa gurb é féin an tSlí chun an Athar, an Fhírinne agus an Bheatha. Ionann aithne ar Íosa agus athne ar an Athair. Má tá aithne acu ar Íosa, tá aithne acu ar an Athair. Téama thar a bheith tábhachtach atá anseo.
Bunphrionsabal i gcreideamh an tSeantiomna agus an Ghiúdachais ná nach féidir le duine daonna Dia a fheiceáil. Mar a dúirt Dia féin le Maois: ‘Ní féidir do dhuine mé a fheiceáil agus maireachtáil dá éis sin’ (Eacsadas 33:20).
Deir Eoin an rud céanna sa bhrollach don Soiscéal seo (Eoin 1:18): ‘Ní fhaca aon duine riamh Dia. An tAonghin atá i gcochall chroí Dé, eisean a d’aithris’.
Deireann Íosa na rud céanna sa léacht seo. Ní uaidh féin a labhraíonn sé, ach mar a deir an tAthair leis. Mar sin feictear Dia na glóire in Íosa, ina ghrá do chine daonna agus i mórán slíte eile. Is é an tAthair atá ag déanamh na hoibreacha a dhéanann Íosa.
Ni miorúiltí amháin atá i gceist sna hoibreacha seo, ach saothar iomlán slánaithe Íosa, nó saothar an Athar trí Íosa. Agus nuair a bheidh Íosa imithe, agus leis an Athair, agus an Spiorad tagaithe, beidh oibreacha Íosa, agus níos mó fós ná iad, á ndéanamh ag a dheisceabail.
Aris ní miorúilti atá i gceist, ach fianaise don domhan, agus pobal creidimh a bhunú le glóir a thabhairt do Dhia. Bhí saothar, oibreacha, Íosa teoranta don Phailistín.
Beidh fianaise agus oibreacha a dheisceabail, agus na heaglaise, ann don domhan mór – Íosa imithe chun an Athar ach i láthair tríd an Spiorad.
* * *
10 Bealtaine 2026
An Séú Domhnach den Cháisc
Iarrfaidh mé ar m’Athair é, agus tabharfaidh sé Cabhróir eile daoibh. Cuid de aitheasc Íosa ag fágaint slán ag a dheisceabail atá anseo. I gcionn tamaill bhig ní bheidh sé le feiceáil a thuilleadh ag an domhan gan creideamh (‘an saol’ mar a thugann an Soiscéal seo air) lena súile cinn.
Ach beidh Íosa fós le feiceáil ag na deisceabail; beidh radharc acu air, de bharr bhronntanas an chreidimh. I slí, gan Íosa, bheadh na deisceabail mar dhílleachtaí, ach ní mar sin a bheidh, mar tiocfaidh Íosa ar ais chucu i slí nua, le cónaí iontu agus iad a aontú leis an Athair. Geallann Íosa go bhfuil sé chun paraicléid eile a thabhairt dóibh.
An focal Gréigise sin parakletos tá bríonna éagsúla ar féidir a bhaint as. An ceann is bunúsaí ná abhcóide, neach a dhéanfadh iad a chosaint i gcúirt dlí nuair a bheadh líomhaintí á ndéanamh ina gcoinne. Nuair a bhí Íosa féin leo ba paraicléid dóibh é.
Sin é an fáth go ndeireann sé go bhfuil sé le abhcóide eile a chur chucu. An Spiorad Naomh atá i gceist ag Íosa. Mar aon leis an bhrí abhcóide, is féidir an focal céanna a thuiscint mar Chosantóir, mar Chabhróir, agus Sólásaí.
Is istigh i gcoinsias na gcreidmheach, na ndeisceabal, a bheidh an t-abhcóide, an Cosantóir, an Cabhróir, an Sólásaí, ag feidhmiú, agus is é ‘an saol’, lucht an díchreidimh, na cúiseoirí.
Leagann Íosa an-bhéim ar an ghrá dó. Ní rud teibí an grá sin. Ionann é agus a aitheanta a choinneáil. Do Shoiscéal seo Eoin tá dhá aithne ag Íosa: creideamh ann agus grá – grá dó agus don chomharsa. Aontaíonn na haitheanta sin an deisceabal le hÍosa agus leis an Athair – grá a thugann tuiscint ar Íosa, a thaispeánfaidh é féin dó – i gcaidreamh diamhair.
* * *
17 Bealtaine 2026
Deascabháil Ár dTiarna
Tá ábhar domhain machnaimh againn i bhFéile seo Deascabháil Ár dTiarna. Le Pól, iarramar ar Dhia eagna agus tuiscint a thabhairt dúinn. Éilíonn tuiscint orainn greim a fháil ar bhrí na féile seo agus na téarmai a ghabhann lei. Is dual do aigne mhacánta an méid sin.
Tugann an eagna dhiaga orainn meas a bheith ar an Deascabháil mar rúndiamhair. I dtosach báire bíodh agallamh againn lenár n-anam féin, an teachtaireacht atá ag an rúndiamhair dúinn, agus ina dhiaidh sin tig linn dul in agallamh le ceisteanna an lae. Tá Dia láidir.
An nath Gaeilge seo is lár-phointe den dara léacht as an litir chuig na hEifísigh é. Bhí cumhacht as cuimse Dé ag feidhmiú in aiséirí Chríost agus ina dheascabháil go deasláimh an Athar agus tá an chumhacht chéanna sin ag obair fós ionainn, creidmhigh.
Ba chóir go dtabharfadh sin uchtach agus meanma dúinn agus meas ar an oidhreacht chreidimh ata againn. Tá Íosa ar neamh ag idirghuí ar ár son, agus ar son na heaglaise go léir. Mar adeir téacs eile den litir chéanna (Eifísigh 4:8-13): Ag dul in airde (ina dheascabháil) thug Íosa tabhartais do daoine.
Na tabhartais a luaitear ná aspail, fáithe, soiscéalaithe, aoirí agus múinteoirí. Bhí mar aidhm leis sin corp Chríost, an eaglais, a thógáil le go mbeimid go léir tagaithe go aontacht chreidimh, gan a bheith inár naoináin feasta dár luascadh imeasc na dtonn.
Leantar leis an éagsúlacht tabhartas sin ó Dhia san Eaglais fós. Tuiscint ar théarmaí. Cuireann cuid den téarmaíocht a bhaintear úsáid aisti ag cur sios ar an Fhéile seo, agus i dtéacsanna gaolmhara, as do mhórán daoine: mar shampla ‘tógadh Iosa suas ar neamh’, ina shuí ar dheasláimh Dé agus a leithéid.
Agus ní sa Bhíobla, ná sa diagacht, amháin atá sin le sonrú. Thugadh Gaeil ‘An Fear atá inairde’ ar Dhia, agus fós cloistear faoi ‘the Man above’. Bhí, agus fós tá, sort ceannairce i gcoinne a leithéid de théarmaíocht a théann ar uairibh thar cheist téarmaíochta go tuiscint mheitifisiciúil agus chreidimh.
I gcuid den chur síos ar an bhfadhb féin iarrtar orainn a leithéid de théarmaíocht agus tuiscint agus ‘Dia thuas ansin’, ‘God up there’ a chaitheamh uainn, agus coinceapanna nua amhail Dia mar ‘bunchloch, dúshraith, ár mbeith ann’, ‘the Ground of our Being’ a thabhairt isteach, nó fiú diagacht shaolta, secular theology, agus ‘eitic ocáide’, situation ethics.
Ní hí seo an áit na ceisteanna seo a phlé, ach is fiú iad a ardú, agus machnamh a dhéanamh orthu i gcomhthéacs na Féile seo. Is ionmholta iarracht a dhéanamh ar léargais nua agus tuiscintí úra ar an diagacht agus cúrsaí creidimh a thabhairt isteach.
ach má táthar le cloí le ceartchreideamh ní mór aird a thabhairt ar bhunphrionsabail na Críostaíochta, agus an aondiachais, an monodiachais, óna thús sa Ghiúdachas anall.
Dia pearsanta atá i gceist, ní neach teibí amhail dúshraith. Neach spioradálta Dia, nach mbaineann áit ar bith, thuas, inairde, nó eile leis. Ní héasca dár gcéadfaí labhairt faoi, ná faoi aon rud seachas rudaí tadhail.
Ach le beocht a chur lena dheirimid ní mór dúinn úsáid a bhaint as téarmaí dá leithéid, bíodh go dtuigimid an laige atá ag roinnt leo. Le urnaí amháin a thuigtear go bhfuil an Dia pearsanta seo, dúshraith ár mbeith ann, lámh linn. Eisean a thugann an eagna agus an tuiscint ar rudaí diaga agus saolta.
* * *
24 Bealtaine 2026
Domhnach Cincise
An Spiorad Naomh, Maithiúnas na bPeacaí agus an Fhaoistin
Sheol Íosa na hAspail, na deisceabail, amach amhail mar a chuir an tAthair Íosa féin amach uaidh, le muintearas rúndiamhrach a bhunú idir na creidmhigh, Íosa agus an Athair, le go mbeadh an tAthair beo iontu faoi mar a bhí sé in Íosa féin.
Bac da leithéid de chaidreamh an peaca, agus tugadh do na hAspail agus dá gcomharbaí an chumhacht peacaí a mhaitheamh. Rud mór i bhféiniúlacht Ghael ná an Fhaoistin agus maithiúnas na bpeacaí.
Tá an Fhaoistin titithe in léig in Éirinn le tamall anuas agus tugann soiscéal an lae inniu cuireadh dúinn machnamh a dheanamh ar shacraimint na haithrí san Eaglais agus in Éirinn.
Bhí ar an luath-eaglais tuiscint a fháil ar an bpeaca agus conas maithiúnas a thabhairt air.
I dtosach níor cuireadh san áireamh mar pheacai ach cinn throma, amhail íoladhradh, dúnmharú nó adhaltranas, agus gearradh pionós trom orthu. Faoistin phoiblí a bhí ann.
Ní raibh toradh air seo, gur thug Eíre cleachtadh ‘príobháideach’ isteach, a scaip don eaglais go léir. Mar a deirtear linn i gCaiticiosma na hEaglaise Caitlicí (alt 1447): ‘I rith an seachtú haois faoi thionchar thraidisiún na manach san Oirthear, thug misinéirí na hÉireann leo isteach ar mhór-roinn na hEorpa cleachtadh ‘príobháideach’ na haithrí, nár éiligh oibreacha aithrí a dhéanamh go poiblí ar feadh achair fhada roimh athmhuintearas leis an Eaglais a fháil. … Is é sin, a bheag nó a mhor, an leagan amach atá ar chleachtadh na haithrí san Eaglais go dtí an lá inniu’.
Tugann sin dúinn ghlaoch le athmhachnamh a dhéanamh ar athnuachan faoi shacraimint na haithrí in Éirinn inniu. Ní raibh Faoistin nó Comaoineach comónta roimh leasú liotúirgeach an Phápa Pius X sa bhlian 1905, agus níos déanaí i gComhairle Vatacain II.
Ansin d’éirigh Faoistin an-chomónta in Éirinn. Faoistin dheabhóideach, seachas ar pheacaí troma, a bhí ann. Tír an-deabhóideach i mórán slíte a bhí in Éirinn.
Ansin tháinig an t-athrú suntasach atá linn go fóill. Ní gá gur cailliúint chreidimh is bun leis seo. Maidir le dlí na hEaglaise de, níl de oibligeáid dul chun Faoistine ach orthu siúd a bhfuil trompheacaí ar a gcoinsias, agus sin uair sa bhliain.
Agus cé nach bhfuil sé riachtanach, molann an Eaglais Faoistin dheadhóide do mhionpheacaí. Ach ag fágaint dlíthe agus aithne na hEaglaise ar leataobh, is ionmholta an rud é an Fhaoistin agus gnáthú shacraimint an athmhuintearais.
Coimeádann an deabhóid seo an peaca, agus baol an pheaca, os ár gcomhair agus is fianaise é go gcreidimid go bhfuair Críost bás ar son maithiúnas na bpeacaí, agus aontaíonn sé sinn le rúndiamhair na hEaglaise. Agus baineann an Fhaoistin le féiniúlacht Ghael.
* * *
31 Bealtine 2026
Solúntas na Tríonóide Naofa
Is sliocht an téacs seo ó agallamh fada Íosa leis an Fairistíneach Nicodémas a tháinig go hÍosa san oíche. Tagann an téacs seo díreach tar éis tagairt Íosa dá bhás féin ar an gcrois, agus tá sé roghnaithe do fhéile seo na Trionóide Rónaofa toisc an bhéim atá ann ar ghrá Dé don domhan, téama lárnach do liotúirge an lae inniu ag an eaglais.
Seo í bliain Shoiscéal Matha i liotúirge an Domhnaigh, agus Matha an t-aon soiscéal ina a bhfuil tagairt shoiléir don Trionóid Naofa, nuair a luaitear baisteadh ina hainm.
Mar sin féin is oiriúnaí go mór an sliocht as soiscéal Eoin, de bharr na béime atá ann ar ghrá Dé don domhan, a oireann don chur i láthair do rúndiamhair na Tríonóide i liotúirge an lae inniu, bíodh nach luaitear ann ach Dia (an tAthair) agus a Aonghin Mic.
Sin an teagasc atá teibí go leor, agus b’fhéidir do dhaoine áirithe leamh go leor chomh maith. Ach ní mar sin don rúndiamhair féin. Léiriú í sin gur fhoilsigh Dia dúinn trí Íosa a bheatha inmheánach féin, teist don ghrá atá aige dúinn.
Agus tá an grá sin le léamh go soiléir i leachtaí an lae inniu. Tá beatha inmheánach sin Dé tugtha dúinn mar eiseamláir den bheatha Chríostaí san Eaglais.
Tugann sin chun cuimhne an méid a dúirt Íosa agus é ag impí ar a Athair roimh imeacht den saol seo dó (Eoin 17:20-24): ‘Ní ar a son sin amháin atáim ag guí, ach mar an gcéanna, ar son na ndaoine a chreidfidh ionam trína nbriathar, ionas go mba aon iad go léir, faoi mar atá tusa, a Athair, ionamsa agus mise ionatsa, go mbeidis seo ina n-aon ionainn i dtreo go gcreidfidh an saol gur chuir tú uait mise … A Athair, an mhuintir a thug tú dom, is mian liom, an áit ina bhfuilimse, iadsan a bheith ann mar aon liom, ionas go bhfeicfidh siad mo ghlóir, an ghlóir a thug tú dom, mar gur thug tú grá dom roimh chruthú an domhain’.
Déanann an Spiorad Naomh i gcroíthe na bhfíréan feasach sinn gur clann mhac agus clann iníonacha sinn le Dia, glaoite chun maireachtáil de réir na h-onóra sin i rúndiamháir na hEaglaise.
Ní thuigtear an Eaglais i gceart muna fheictear uirthi mar rúndiamhair, Corp Chríost, go bhfuil an Spiorad Naofa á stiúradh. Tá glaoch uirthi bheith aontaithe leis an Tronóid Naofa, le fianaise a thabhairt don domhan do ghrá Dé, tobar na beatha.
* * *
All Irish homily texts for the three years by Máirtín Mac Conmara MSC as in ‘Sunday Scripture Online’ have been published by ‘An Sagart’, Maynooth, under the titles Machnamh 1, 2, 3 at €10.00 per volume.