March 2025: Leathanach don Cheiliúraí

Leathanach don Cheiliúraí 

Máirtín Mac Conmara MSC

Blackrock, Dublin

 

6 Márta 2025
An tOchtú Domhnach Saor

Is do chreidmhigh, do dheisceabail Íosa ach go háirithe, teachtaireacht na léachta ón Soiscéal, mar is dóibh siúd a chéad díríodh an tSeanmóir de réir Lúcáis. Leag Íosa béim thar an ghnáth ar an ghlaine chroí. De réir Biáid amháin i Matha (Matha 5:8) dúirt Íosa: ‘Is méanar dóibh seo atá glan ó chroí, óir feicfidh siad Dia’. Ní hamháin go bhfeicfidh siad é sa ré le teacht, ach beidh sé in gcónaí le feicéail, i láthair ar iomad slí.

     Chuir na Fairisínigh agus grupái eile de na Giúdaigh béim i nglaine sheachtrach, níochán na lámha, an taobh amuigh de shoithigh agus mar sin de. Cháin Íosa go géar iad, agus mhínigh sé dá dheisceabail cén fáth sin (Marcas 7:20-23) ‘Dúirt sé: “An rud a thagann amach as an duine, sin é a dhéanann neamhghlan an duine. Óir is ón taobh istigh, amach as croí na ndaoine, a thagann drochsmaointe, bearta drúise, gadaíochtaí, dúnmharuithe, bearta adhaltranais, sainteanna, mallaitheachtaí, cealg, ainriantacht, formad, ithiomrá, díomas, amadántacht. Is ón taobh istigh a thagann na drochnithe sin uile, agus déanann siad neamhghlan an duine.”’ Tá an bhéim chéanna le mothú tríd an Tiomna Nua go léir. Is solas an domhain iad lucht leanúna Chríost, agus lonraíonn an solas sin trí ghníomha ó chroí glan. Ach ní do chreidmhigh amháin teachtaireacht Shoiscéal an lae inniu.

* * *

9 Márta 2025
An Chéad Domhnach den Charghas

Tugann léachtai an lae inniu deis dúinn machnamh a dhéanamh ar chúpla fírinne lárnacha den Chríostaíocht. Glaonn an Chré sa chéad léacht ar Iosrael machnamh a dhéanamh ar mhaitheas Dé dóibh san am a bhí thart. Is í teachtaireacht na Cré sa dara léacht ná go bhfuil ré áirithe de stair Iosrael thart le teacht Chriost. Sa chreideamh, agus i seirbhís Dé bheo, is é an rud tábhachtach ná beatha i gCríost agus an fhíréantacht, an caidreamh ceart le Dia, a thugann sé. Déanann Pól codarsnacht idir na hiarrachtaí fíréantacht dár gcuid féin a bhuanú agus an fhíréantacht a thagann ó Dhia. An rud tábhachtach sa ré Chríostaí nua ná creideamh i gCríost agus a ainm a admháil go hoscailte. Ionann an creideamh sin agus glacadh le saothar Dé in Íosa agus gniomhú Chríost ar son an duine aonair agus na hEaglaise a bhunaigh sé.

     Ní tráth do rudaí seachtracha amháin, saicéadach agus luaithreach, é an Carghas. Is tréimhse dachad lá é le machnamh a dhéanamh ar an rúndiamhair Chríostaí, ar an mbeatha Chríostaí i gCríost, ar dhínit na pearsan daonna agus na contúirtí ann dó, agus ar fhreagra Dé trí Chriost ar na ceisteanna sin. Is gairm é an Carghas droim láimhe a thabhairt do luachanna bréagacha, agus casadh ar theachtaireacht an tSoiscéil. Is tráth é an Carghas do mhachnamh agus do dheabhóid. Déantar an creideamh a chothú trí dheabóid, deabhóid phearsanta agus phobail, pé acu sa pharóiste nó sa teaghlach. Ní gá go mbeadh deabhóid feiceálach. Is féidir lei a bheith pearsanta agus ciúin, amhail machnamh ar an Aoine ar ghlaoch Íosa é a leanúint, agus in onóir na Páise staonadh ó fheoil (iasc nó rud eile in a hionad) ag an bpríomh-bhéile. Agus tá slíte iomadúla eile ann.

* * *

16 Marta 2025
Dara Domhnach den Charghas

Ceiliúrann an Eaglais féile Chlaochlú an Tiarna gach bliain ar an 6 Lúnasa. Tugtar an rúndiamhair sin chun cuimhne san Aifreann inniu chomh maith, ach i gcomhthéacs thuras Íosa go hIarúsailéim, Cailbhire, agus an aiséirí maidin Dhomhnach Cásca. D’fhéach traidisiún sa Bhíobla, agus traidisiún i measc na nGiúdach, ar aghaidh do chlaochlú, athrú chorp na bhfíréan sa saol le teacht, dóchas atá le fail sa Tiomna Nua chomh maith (feic 1 Corantaigh 15:40-44; 2 Corantaigh 3:18). Mar a luadh sna nótaí ar an dara léacht thuas, tá an claochlú sin ag feidhmiú cheana sa saol seo, mar a bhfuil creidmhigh á n-athrú go híomhá Íosa Críost ó ghlóir go glóir ag grásta Spiorad Íosa aiséirithe (2 Corantaigh 3:18). Tugann an t-athrú sin orthu gan patrún an tsaoil seo a leanúint ach malairt meoin a chur orthu féin trí athnuachan aigne, i slí go
n-aithneoidis cad is toil le Dia, agus a gcoirp a thoirbhirt ina n-íobairt bheo thaitneamhach do Dhia, sin é a
n-adhradh spioradálta (Rómhánaigh 12:1-2).

     Tá ábhar saibhir machnaimh againn i léachtaí an lae inniu. Ní gá ach cúpla pointe a lua anseo. (1) An aontacht a fheiceann an creideamh a bheith ag rith i bhfoilsiú Dá sa tSeantiomna agus sa rúndiamhair a foilsíodh in Íosa. Gealladh d’Abrahám go mbeadh na ciníocha uile beannaithe tríd, ‘ina shíol’, agus ba é Críost an síol sin. B’fhéidir go bhfaca Abrahám ina fhis glóir Chríost; (2) Mar a luadh níos luaithe, meabhraíonn claochlú Críost dúinn áthrú an chreidmhigh faoi ghrásta Dé anseo ar talamh, agus athrú crutha i gcosúileacht choirp ghlórmhar Chríost ar neamh.

* * *

17 Marta 2025
N. Pádraig Easpag
Príomhéarlamh Éireann

Ar lá Fhéile seo ár nÉarlaimh náisiúnta tá alán guthanna ag iarraidh orainn cluas a thabhairt dóibh. Tá guth Chríost féin againn tríd an fháidh Amós ag rá ‘Téigh agus tairngir do mo phobal’ cloí leis an gconradh, le teagasc Chriost agus na hEaglaise. Tá guth Phóil ag meabhrú dúinn go mbeidh líomhaintí, deacrachtaí agus constaici ann i gcónaí i saothar craobhscaoileadh an chreidimh, agus dualgas ar lucht fogartha an chreidimh agus ar gach aon a bhaineann leis bheith macánta agus trédhearcach ina saol agus agus ina saothar. Tá guth na nÉireannach, ‘glór na nGael’, don ogánach naofa Pádraig ag iarraidh air teacht i leith, filleadh chucu, agus a bheith ag siúl an athuair ina measc. Tá guth Íosa againn faoi Pheadar aspal gur guí sé ar a shon nach gclisfeadh a chreideamh, agus go ndéanfadh sé a bhráithre a dhaingniú sa chreideah agus sa misean a bhí acu san Eaglais agus sa tsochai dhaonna.

     Agus anois sa bhlain agus san fhéile áirithe seo tá againn comharba nua-thofa Pheadair atá ag glaoch go caoin, ach go soléir, ar an eaglais filleadh uirthi féin. Roimh éirí as oifig dó mheabhraigh an Pápa Benedict XVI don eaglais go bhfuil sí sa saol seo ach nach den saol í. Meabhraíonn an Papa Proinsías don Eaglais nach NGO ná cumann leasa shoisialaigh í, bíodh ar ndóigh gur cuid lárnach dá misean cúram na mbocht. Ach go bunúsach is seirbhis do Chríost agus aithris ar Chríost, agus páirt inar fulaing sé croí-lar bheatha na hEaglaise.

     Smaointe fóntacha iad seo ar La Fhéile Pádraig, Pádraig a chéad-las an cré geal inár dtír, agus a láidrigh an cré sin le éifeacht a ghui. Guímis go léir air, agus na fadhbanna atá againn, go ndéanfadh sé anois ‘in áitreamh na Fódhla an fíor-chreideamh’ a dhíonadh, a chosaint.

* * *

23 Marta 2025
An Tríú Domhnach den Charghas

An peaca: An ann dó go fóill? Tá feasacht ar pheaca lárnach do theachtaireacht Íosa agus do theagasc an Tiomna Nua. Le linn a bheatha mhaith Íosa peacaí. Ghlaoigh sé chun aithrí agus spreag peacaigh gan peaca a dhéanamh a thuilleadh. Dhoirt sé a chuid fola chun peacaí a mhaitheamh, agus fógraítear sin i ngach Eocairist. Go minic ní shonraítear cad go beacht an peaca i gceist. Ach ba pheaca gach rud a bhí in éadan theagasc an tSoiscéil, na Biáidí agus an an Seanmóir ar an Sliabh agus a thuilleadh eile. Ní bheadh fáilte ag Iarthar Domhain an lae inniu roimh agallamh faoin bpeaca, agus tá roinnt mhaith Caitliceach, go háirithe den aos óg, nach spéis leo cur síos air. Cúis amháin leis sin, b’fhéidir, ná gurbh ionann peacaí ina dtraidisiún agus peacaí na colainne, peacaí gnéis. Ach is iomaí sin peaca mór agus go háirithe éadrom ann, le smaoineamh, briathar, gníomh agus faillí, mar shampla i gcoinne muintearais, a anam (agus corp) a chailliúint le ró-dhúil san airgead, éirí anairde, uabhar agus a thuilleadh mór fós. Leiríonn Críost naofacht Dé; lonraíonn sé mar sholas agus tugann peaca beag agus mór chun solais, ní chun sinn a dhamnú agus le sinn a shaoradh.

     Seachain an peaca agus ócaidí an pheaca. Leag Pól béim ar sin sa dara léacht inniu: ‘An té a shíleann go bhfuil sé ina sheasamh, tugadh sé aire ar eagla go dtitfeadh sé’. Tá sé tábhachtach bheith feasach ar thrócaire dochreidte Dé, ach is baolach an laige dhaonna a ligean i ndearmad. Mar a mheabhraigh Pól in áit eile: tá seoid luachmar chreideamh Chríost i gcoimeád againn i bprócaí cré, d’fhonn a chruthú gur le Dia an chumhacht as cuimse agus nach uainn féin í.

     Déanaigí aithrí. Dúirt Íosa sin arís agus arís eile, aithrí a dhéanamh agus iompú ar an soiscéal, agus aithrí agus droim láimhe a thabhairt do pheaca. Leagann an Eaglais béim ar an dteachtaireacht chéanna i rith an Charghais.

     Sacraimint na hAithrí, an athmhuintearais, an Fhaoistín, a ghnáthú. Ba mhór mar a ghnáthíodh muintir na hÉireann sacraimint na hAithrí, an Fhaoistín, go háirithe i rith an Charghais. Agus ansin go tobann tháinig deireadh leis, idir óg agus aosta. Na laethanta seo tá an Eaglais ag moladh dá baill filleadh ar dhul ar fhaoistín arís. Is admháil ar bheith ann don pheaca an cleachtadh, peaca idir bheag agus mhór, go bhfuair Íosa bás in éiric ár bpeacaí, agus go neartaíonn na sacramaintí inár gcreideamh sinn.

* * *

30 Márta 2025
An Ceathrú Domhnach den Charghas

Is iomaí sin ábhar machnaimh a thugann léachtaí an lae inniu dúinn. Tá trí chinn ar féidir a áireamh.

(1) Is fada idir Cáisc úd Leabhair Iósua, ithe de thoradh thír Canán agus an Tiomna Nua agus an lá atá inniu ann. I slí amháin bhí an tír tairngire, seilbh na talún, bainte amach ag clann Iosrael, seilbh ar a dtugtar chomh maith ‘an suaimhneas’, no ‘áitreamh suaimhnis’. Le himeacht ama b’ionann ‘an talamh’ agus an oidhreacht. Ceann de na Biáidí ná gur méanar dóibh seo atá ceansa mar tiocfaidh siad i seilbh na talún (aistriúchán eile: ‘geobhaidh siad an talamh mar oidhreacht’). Tá an glaoch ann dúinn i gcónaí teacht is seilbh na talún, na hoidhreachta, sin ach a bheith dílis do ghuth Dé.

     (2) Gairid roimh éirí as oifig dó, mheabhraigh an Pápa Benedict XVI dúinn agus sinn in agallamh le saol an lae inniu, go bhfuil an eaglais sa saol ach nach den saol seo í. Tagann seo go mór lena dúirt Pól leis na Corantaigh. Bhí sé in agallamh leo, agus ag déanamh airde dá gcuid cheisteanna agus eile, ach i gcónaí ag meabhrú dóibh gur cruthú nua, beatha chruthaithe as an nua, bheith i bpáirt le Críost. Ag freagairt do bhriathra Phóil, ní féidir an eaglais, ná cursai creidimh, a mheas de réir caighdeáin shaolta. Is geal leis na meáin cúrsaí eaglasta de shaghas áirithe, go háirithe ar cheisteanna gnéis agus scannail, a phlé, ach níor chóir ligint dóibh aird a thabhairt ó na ceisteanna lárnacha den bheatha Chríostai – grásta Dé, urnaí, na sacraimintí, aithrí, Críost beo san eaglais agus rudaí den sórt sin.

     (3) Fill, Fill, a Rúin Ó. Fill ar do oidhreacht Chríostaí. Tá a lán le foghlaim ó pharabal ‘An Mac Drabhlásach’. Bhíodh Íosa in agallamh caoin le daoine a bhí ar an imeall an tráth úd, ar an imeall ar chúis amháin nó ar chúis eile. Bhí caidreamh acu lena chéile. Ní deirtear linn cérbh é an t-ábhar comhrá eatarthu. Ar fhilleadh, ar a bheith faighte tar éis a bheith caillte, atá an bhéim sa parabal. Inniu san eaglais agus sa domhan mór tá a lán daoine mar an mac ab óige sin, a n-oidhreacht, an eaglais, agus b’fhéidir creideamh i nDia féin tréigthe acu, agus gan smaoineamh ag a lán díobh go bhfuilid caillte. Ceann de mhór-cheisteanna ná conas teagmháil a dhéanamh leo siúd, lena léiríú dóibh gur trua a n-oidhreacht a bheith tréigthe acu. Ach tá Dia láidir – cúis mhisnigh sin dúinn. Glaoch dúinn achainí a chur chun Dé ar a son.

* * *

All Irish homily texts for the three years by Máirtín Mac Conmara MSC as in ‘Sunday Scripture Online’ have been published by ‘An Sagart’, Maynooth, under the titles Machnamh 1, 2, 3 at €10.00 per volume