September 2025: Leathanach don Cheiliúraí

Máirtín Mac Conmara MSC

Blackrock, Dublin

 

7 Meán Fomhair 2025 (C) An Tríú Domhnach is Fiche den Bhliain

Nuair a thagann méadú ar líon na gcreidmheach i dtír nó i bpobal, agus an eaglais ann gan freasúra nó géarleanúint, nó fiú meas an phobail a bheith uirthi, tá an baol ann go n-éiríonn baill na heaglaise bheith ina gCaitlicigh in ainm amháin, Caitlicigh de réir cultúir nó cine (eitneacha), gan teagmháil dáiríre le Críost nó leis an eaglais trí fhreastal ar Aifreann nó na sacraimintí. Sa deireadh ní bhíonn sa chaidreamh seo leis an Eaglais ach sa bhaisteadh, sa phósadh agus san adhlacadh, an bhaint sa phósadh ag dul i laghad de réir a chéile sna saolta seo.

Ach mar sin féin féachann daoine dá leithéid orthu fein mar Chaitlicigh, agus áiríonn siad iad féin mar Chaitlicigh sa daonáireamh. Féachann scríbhneoirí áirithe ar dhaoine mar seo mar Chaitlicigh eitneacha, nó Caitlicigh de réir chultúir amháin. De bhrí gur bronntanas ó Dhia an creideamh, ní féidir le haoinne a mheas an bhfuil an creideamh acu siúd nó nach bhfuil. Ag Dia amháin is fios sin. Mar sin féin toisc gur ghlaoigh Íosa ar gach creidmheach bheith ina fhinné don domhan, bheith mar shalann na talún agus mar sholas an domhain, is fada i gcéin ó ghairm Chríost an ‘Chríostaíocht’ chultuir, eitneach, neodrach, seo. Mairimid i saol atá ag éirí dí-eaglaisithe, tuathaithe in aghaidh na bliana nó a bhfuil claonadh, agus b’fhéidir plean, an creideamh, an reiligiun, agus a bhaineann leis, a sheoladh amach go dtí na himill, gan áit nó guth sa saol poiblí. Is féidir féachaint, fiú, ar chinnteacht nó áitiús creidimh mar bhaol do phost poiblí, nó fiú contrártha dó. I dioscúrsa áirithe polaitíochta ní inghlactha do dhuine a rá gur Críostaí, nó Caitliceach, é/í i dtosach, agus ina dhiaidh sin ball de pháirtí polaitiochta, bíodh nach bhfuil siad contrártha dá cheile.

Is don choinsias aonair agus do mheon an phobail a mheas conas dílseacht do Chríost thar aon rud eile a réiteach le tosca an lae inniu. Déantar dílseacht a chothu leis an deabhóid, deabhóid do Chríost agus don Eaglais, agus ó chleactadh an chreidimh

 

14 Meán Fómhair 2025 (C) Ardú na Croise Naofa

Tá dhá cheacht le foghlaim ó léachtaí an lae inniu maidir le agallamh le ceisteanna an lae. I bhFéile Ardú seo na Croise tá Íosa ag cainnt linn in gcónaí. Ach is ón gCrois é. ardaithe ann mar nathair nimhe an fhásaigh. Tá an chéad teachtaireacht dírithe aige ar na creidmhigh, ar gach duine a chreideann ann, go mbeidh an bheatha shíoraí acu. Ansin díreach ina dhiaidh sin tá teachtaireacht dírithe ar an domhan: Ghráigh Dia an domhan chomh mór sin gur thug sé a Aonghin Mic uaidh, ní chun daorbhreith a thabhairt ar an domhan ach cun go slánófaí an domhan tríd. Tháinig Íosa chun an bheatha a thabhairt agus í a thabhairt go fial.

Is beatha don domhan, don saol, é Críost. Ní forlámhas atá i gceist ach an bheatha is dual do chlann mhac agus clann iníonacha Dé. Níor ghlac a mhuintir féin i saol a linne le Críost ná leis an teachtaireacht sin, agus is mar an gcéanna mórán le saol ár linne féin. Ní gá dúinn dul go domhain isteach sa scéal seo anseo. Tá sin déanta i Machnamh an Domhnaigh seo caite: ‘An Chríostaiocht agus anam an phobail’.

Is beatha Íosa don duine aonair. Ábhar machnaimh dúinn na laethanta seo ná an méid daoine óga, fireann ach go háirithe, a mhothaíonn folús ina saol, nach bhfaigheann brí sa bheatha agus a chuireann lámh ina mbás féin. Bheadh sé doiligh fios fátha na faidhbe seo a aimsiú, ach is cinnte gur toil le hÍosa teacht ar réiteach, agus go ndéanaimis gach iarracht i liotúirge an Domhnaigh agus I slíte eile an teachtaireacht a chur trasna don aos óg agus eile go bhfuil brí agus ciall sa bheatha, agus éifeacht sa Chríostaíocht, i gcreideamh Chríost, brí agus suaimhneas aigne agus anama a thabhairt.

 

21 Meán Fomhair 2025 (C) An Tríú Domhnach is Fiche den Bhliain

Tugann léachtaí an lae inniu deis iontach dúinn an machnamh agus agallamh le saol an lae inniu a nascadh le chéile. Staid na heaglaise mar atá sí atá le feiscint ó na Litreacha Tréadacha, gur ceann díobh 1 Timóteas, ná go bhfuil an ghluaiseacht Chríostai imithe thar na heaglaisí faoi leith, amhail Coirint, Teasaloinicé, Filipi agus eile go heaglais fóirleathan ina bhfuil líon a ball méadaithe agus gur eol do na heaglaisí faoi leith gur baill iad de chomhluadar Críostaí domhanda. Ní mór dóibh machnamh a dhéanamh conas feidhmiú taobh istigh de shochaí shibhialta eagartha agus san am céanna bheith dílis do rúndiamhair bhunaidh agus do mhisean na heaglaise. An chéad rud ná gairm chun urnaí, urnaí an phobail go léir, ach urnaí nach bhfuil teoranta don eaglais amháin, ach don sochaí go léir; urnaí de shaghasana éagsúla, achainí, impí agus altú ar son an uile dhuine, gan olc, gan aighneas. Mar aon leis seo, nó mar fhoinse dó seo, téann creideamh díongbhálta in Íosa, ina bhás in éiric na bpeacaí, agus misean na heaglaise mar fhinné do gach cine faoin ghréin.

Leagann an léacht ón soiscéal béim ar an mbaol atá ann ligint don airgead, nó do mhaoin shaolta, bheith mar mháistir orainn. Ón léacht seo is éasca agallamh a dhéanamh le saol an lae inniu. Is eol dúinn go ró-mhaith faoi mar ar mhill tóir an tsaibhris daoine aonair cáiliúla agus pobail iomlána. Is féidir le dearg-ábharachas éirí as, le meon atá beag beann ar luachanna spioradálta, nó fiú a shéanann ar fad iad. Dhírigh an Pápa ár n-aird ar seo agus mhol sé do shagairt agus grúpaí eile filleadh ar shimplíocht na Soiscéal. Tá ceannairí poilitíochta ann, ar uairibh gan mórán spéise i gcúrsaí creidimh nó reiligiúin, a thugann rabhadh ar bhaol an ábharachais. Ar ndóigh, ar an dtaobh eile de, tá rachmasóirí agus milliúnaithe ann a thugann go fial do ghluaiseachtaí deonacha agus do dhaoine faoi mhíchaoi. Tá súil againn go dtabharfar aird ar bhriathra Íosa gan ligint do mamon¸don mhaoin shaolta, bheith mar mháistir orainn, ár dtarraingt chun sclábhaíochta.

 

28 Meán Fomhair 2025 (C) An Tríú Domhnach is Fiche den Bhliain

Spreagann léachtaí an lae inniu, an chéad léacht agus an soiscéal ach go háirithe, spreagann siad sinn le machnamh a dhéanamh ar chreideamh i gCríost agus sa saol eile agus ár misean mar bhaill den chine daonna don saol seo agus gach a bhaineann leis. Is ábhar é ina bhfuil saol an lae inniu in agallamh linn, agus guthanna láidre ag maoímh gur constaic an creideamh agus an traidisiún Críostaí le dul chun cinn an chine daonna agus cúram na mbocht. Labhair an Pápa Proinsias faoi seo ina imlitir Lumen fidei, ’Solas an Chreidimh’, gur ón iar-Phápa Benedict XVI (Josef Ratzinger) an imlitir dáiríre. Bíodh gur baineadh úsáid cheana as a dúirt sé san imlitir seo (Machnamh 19ú Domhnach) is fiú a smaointe a thabhairt anseo arís. Deir an Pápa (alt 6 den imlitir) gur ionann labhairt ar ‘sholas an chreidimh’ inniu agus bheith ag feitheamh le agóidí, cur ina choinne, ó roinnt mhaith de lucht ár gcomhaimsire. Sa saol atá inniu ann d’fhéadfaí a mheas go n-oirfeadh an solas sin ceart go leor do dhaoine ó ghlúin agus sochaí eile atá thart, ach nach meastar go bhfuil aon tairbhe ann dár linn féin, don chine daonna atá in aois, mórtasach as chumas a réasúin agus cíocrach a thodhchaí a scrúdú i slíte nua. Féachadh ar an gcreideamh ag daoine áirithe mar sholas mearbhlach, ag cur mearbhaill ar dhaoine, ag cur cosc ar na gcine daonna aghaidh a thabhairt go dána ar lorg an eolais, mar dhúléim, léim sa dorchadas, le tógaint nuair nach raibh solas ar fáil, á dtiomáint ag mothúchán caoch, nó mar sholas subiachtúil, a bhí in ann b’fhéidir ola a chur ar an gcroí agus sólás pearsanta a thabhairt, ach nach rud é a fhéadfaí a thairiscint do dhaoine eile mar sholas obiachtúil a thabharfadh treoir don ród seo romhainn. Sin ráite aige, deir an Pápa go bhfuil gá ann arís féachaint ar an gcreideamh mar sholas, mar uair amháin go múchtar lasair an chreidimh, tosaíonn gach solas eile ag dul i léig. Ní solas mearbhlach nó ola don chrói teachtaireacht na bhFáithe nó Íosa. Is soiléir sin ó théacs Amós agus ó pharabal Dives (an duine saibhir) agus Lazaras. Agus ní haon téacs nó parabal ar leith é sin. Tá sé ag teacht le briathra Mhac an Duine ag an breithiúnas deireanach Lá an Luain nuair a bheidh dán síoraí an duine aonair ag braith ar faoi mar ar chaith sé lena chomh-mhuintir lá a ngátair, iad le hocras, tart, nocht, mar strainséir, tinn, i bpriosún. Lár-phointe mhoráltacht creidimh i nDia agus i gCríost ná an dá aithne grá Dé agus grá an chomharsa, agus, mar a mheabhraigh Íosa sa pharabal ‘An Samáireach Fónta’ don té a chuir ceist air faoin ábhar, d’fhéadfadh aithne ghrá an chomharsa cur ar dhuine gníomh nach éasca a dhéanamh le bheith dílis don aithne sin. Is iad an dá aithne sin a thug ar an Eaglais tríd an stair síos – an eaglais mar institiúid, idir chléir agus oird rialta, eagrais tuata agus creidmhigh aonair – fónamh ar ár gcomh-mhuintir, sul a raibh eagrais stáit ann le sin a dhéanamh, agus a leanfaidh sí ar aghaidh leis faoi mar is gá. Ní cosc ach cabhair solas an chreidimh le aghaidh a thabhairt ar shaol ár linne féin, nó ré ar bith le teacht.

 

All Irish homily texts for the three years by Máirtín Mac Conmara MSC as in ‘Sunday Scripture Online’ have been published by ‘An Sagart’, Maynooth, under the titles Machnamh 1, 2, 3 at €10.00 per volume