March 2026: Leathanach don Cheiliúraí

Máirtín Mac Conmara MSC

Blackrock, Dublin

1 Márta 2026
Dara Domhnach den Charghas

Teist, léiriú, ghlóir Chríost tar éis a aiséirí a bhí a gclaochlú Chríost ar an Sliabh. Bíonn an léargas sin de ghlóir Chríost againn i gcónai san eaglais. Dúirt Criost féin an té a fheiceann é go bhfeiceann sé an tAthair. Foilsíonn Íosa an tAthair. Chuaigh an fhírinne sin i bhfeidm go mór ar an aspal Pól. Mar a scríobh sé chuig na Corantaigh (2 Corantaigh 4:6): ‘An Dia a dúirt: ‘Biodh solas ag lonradh as an dorchadas,’ is é an Dia céanna é a chuir solas ag lonradh inár gcroí-ne d’fhonn eolas na glóire diaga ar chuntanós Chríost a chur ar ár súile dúinn’. Sa dara léacht inniu tá tagairt do láthaireacht lonrach Íosa Críost inár measc.

 

Tá Críost beo i gcroíthe na bhfíréan trína ghrásta agus tríd an Spiorad Naomh. Tá sé ag lonradh trína theagasc sna soiscéil, sna Biáide, sa Seanmóir ar an Sliabh. Tháinig sé chun an bheatha a thabhairt dá lucht leanúna agus don saol, agus í a thabhairt go fial. Tugann an creideamh sin i gclaochlú Chríost, agus a lucht leanúna trí ghrásta, fís dúinn, fís atá thar a bheith tábhachtach an lá atá inniu ann, agus físeanna eile nach Críostaí iad á mbrú isteach orainn.

Ábhar machmaimh eile a thugann an dara léacht dúinn ná cuireadh, foláireamh b’fhéidir, gan bheith cúthalach faoi chreideamh sa bhfís sin faoi lonradh Dé, agus bheith réidh fianaise a thabhairt dí mar a oireann.

* * *

8 Márta 2026
Triú Domhnach den Charghas

Sna saolta seo is coitianta amhras i gcúrsaí creidimh – amhras faoi phointí de theagasc morálta, faoi fhírinní an chreidimh, fiú féin faoi bheith ann do Dhia. Cuid de fhealsúnacht áirithe an lae inniu nach ann do chinnteacht ar bith. Tuairmíocht seachas cinnteacht a bheadh ann, a athraíonn ó aois go haois.

Déanann aoráid dá leithéid deacrachtaí do chleachtadh an chreidimh. Tá a leithéid de amhras glan in éadan teagasc an chreidimh ar na fírinní bunúsacha, maidir leis an saol seo agus an saol eile, fós le teacht. Tá an-chur síos ar cad is creideamh ann sa Litir chuig na hEabhraigh (11:1), i dtéacs nach éasca ar fad a aistriú: ‘Is é is creideamh ann ná bheith deimhin de na nithe a bhfuiltear ag súil leo, bheith cinnte de na nithe nach bhfeictear’. Tá dhá théarma thábhachtacha ansin: bheith deimhin agus bheith connte.

Ní deimhneacht nó cinnteacht shiceolaíoch, a bhfuil a préamha san aigne dhaonna, atá i gceist anseo, ach suáilce dhiaga an dóchais, bronntanas ó Dhia, a thugann cinnteacht atá thar acmhainn an nádúir dhaonna. Is deimhneacht agus cinnteacht í a bhfuil síocháin ag ghabháil lei, an tsíocháin sin a bhronnann Íosa ar na creidmhigh agus nach féidir le haoinne í a thógaint uathu.

* * *

15 Márta 2026
An Ceathrú Domhnach den Charghas

Tá trí phointe soiléir ag eascair as liotúirge agus léachtaí an lae inniu a thugann ábhar saibhir machnaimh agus agallaimh dúinn. An chéad cheann ná gurb é solas an tsaoil é Íosa. Is chuige sin a seoladh isteach sa saol é ón Athair. Eisean an Té a seoladh. ‘an Seolta’, Silóm, a leigheasann an dall. Tháinig sé le go mbeadh radharc ghlóir an Athar ag an domhan. Tá sin soléir ó shoiscéal an lae inniu, agus óna lán áiteanna eile sa Tiomna Nua. Is cuid lárnach de theachtaireacht an Tiomna Nua é.

An dara pointe ná nach do bheatha Íosa ar talamh amháin an méid sin. Roghnaigh sé aspail and deisceabail le go mbeadh an dea-scéal sin á fhógairt go críocha deiridh an domhain go deireadh an tsaoil. Solas an domhain agus salann na talún iad lucht leanúna Íosa. Sin mar a thuig, agus mar a chraobhscaoil, an Eaglais ó thús an soiscéal. Is rúndiamhair an tslánaithe í an eaglais ina teagasc agus i mbeatha na bhfíréan.

Tugann sin go dtí an tríú pointe sinn: agallamh ag an eaglais lei féin agus le saol an lae inniu. Ní mór don eaglais í féin a leasú de shíor leis an toradh a thabhairt a thugann an solas uaidh, gach cineál maitheasa agus fíreantachta agus fírinne. Go minic inniu nuair a labhartar faoi leasú na heaglaise is iad ‘na structúir’ atá i gceist, go mór mór sa Vatacáin, an ‘curia’ ach go háirithe. Bíodh go bhfuil tábhacht leis sin, ní hé sin an leasú go práomha atá i gceist, ach athrú i meon agus chleachtadh na bhfíréan le go mbeidis de réir an tsoiscéil, le fianaise a thabhairt do Íosa. Pointe eile san agallamh seo ná go bhfeiceann roinnt mhaith daoine inniu ar an rud a dtugann creidmhigh ‘solas’ air mar dhorchadas, sheanaimsearthacht.

* * *

22 Márta 2026
An Cúigiú Domhnach den Charghas

Uaireanta cuirtear i leith Íosa gur beag an tuiscint a bhí aige ar laige an nádúir dhaonna, mar shampla nuair a chuir sé bac iomlán ar an colscaradh. Is trom i slí an misean a leag sé ar a lucht leanúna nuair a sheol sé amach iad mar sholas an domhain agus mar shalann na talún. D’fhéach an eaglais óg ar an misean a bhí aici díreach mar arb thoil le hÍosa é. Ba sholas úrnua don domhan an eaglais, an comhluadar Críostaí, ina teagasc agus ina cleachtadh. Labhraíonn Pól go deas faoin mhisean uasal sin agus an laige dhaonna ag scríobh chuig na Corantaigh faoin ábhar dó (2 Corantaigh 4:6-7): ‘An Dia a dúirt, “Bíodh solas ag lonradh as an dorchadas”, is é an Dia céanna é a chuir solas ag lonradh inár gcroí-ne d’fhonn eolas na glóire diaga ar chuntanós Chríost a chur ar ár súile dúinn. Is i bprócaí cré atá an tseoid seo i gcoimeád againn, d’fhonn a chruthú gur le Dia an chumhacht as cuimse agus nach uainn féin í’.

 

Ag teacht go dtí ár laethanta féin: go minic déantar an eaglais a cháineadh faoina h-iliomad rialacha. Tá a leithéid de cháineadh sothuigthe go minic, ach ar uairibh is faoi theagasc Chríost féin agus an tsoiscéil a bhítear ag casaoid. Sa chás seo, maidir le teachtaireacht an tsoiscéil á craobhscaoileadh ag an Eaglais, ní rialacha iontu féin atá i gceist, ach iad sin mar chuid den bheatha Chríostaí, agus sin faoi stiúir an Spioraid Naoimh agus faoi chumhacht ghrásta Dé. Ní thuigtear an scéal faoi bheatha na hEaglaise, fiú ina laigí, gan toimhse seo na rúndiamhaire a thabhairt isteach.

Tá iarracht de shean-teagasc Pelagius ann inniu, agus sin le rá bheith ag brath ar an nádúr daonna amháin, gan a bheith ag tabhairt aird go leor ar a laige féin maidir le cúrsaí mórálta, agus neamhaird a dhéanamh den ghá atá le grásta Dé. Is fiú cluas a thabhairt fós ar theagasc Phóil.

Maidir le hagallamh le saol an lae inniu de, i diospóireachtaí faoi leasú na heaglaise agus a leithéidí de, agus ar leasú ar chuid dá cleachtadh a meastar bheith as dáta, agus in éadan shaoirse an duine mar a thuigtear saoirse inniu, ní dochar cuid dá bhfuil ráite thuas a mheabhrú: solas an tsoiscéil agus cumhacht an Spioraid Naoimh agus ghrásta Dé.

* * *

29 Márta 2026
Domhnach na Pailme

Tá ábhar saibhir machnaimh i léachaí an lae inniu, agus den chuid is mó de labhraíonn siad uathu féin ach iad a léamh agus súil againn ar shaol agus chúinsí ár linne féin.

 

Sa chéad agus sa dara léacht tá giolla, seirbhíseach, an Tiarna agus Íosa féin curtha os ár gcomhair mar eiseamláir, an giolla a bhfuil teanga an aos léinn aige toisc gur fhoghlaim sé ón méid a fhulaing sé, agus a thug dó an tuiscint freagra a thabhairt do té atá traochta. Sin bua mór a bheadh le foghlaim ag saol an lae inniu – go bhfuil dínit sa bhrón, san fhulaingt, a thugann tuiscint do dhuine ar chora crua an tsaoil. Déantar cur síos go minic i dtíortha áirithe ar ‘chineál na beatha’, ‘the quality of life’, amhail is nach mbeadh brí, ciall, leis an mbeatha dhaonna muna mbeadh sí gan fhulaingt, gan fhadhb. Tógtar easba seo den ‘quality of life’ mar leithscéal do eotanáis. Tá a fhios againn go bhfuil scéal dá leithéid casta, ach mar sin féin is fiú a mheabhrú go bhfuil dínit ag baint le gach gné den saol daonna.

Ceacht eile a thagann chugainn ón chéad léacht agus ón soiscéal, faoi Pháis Ár dTiarna, ná ceansacht Chríost agus a gairm chugainn a bheith tuisceanach dá chéile. Tá teachtaireacht ag Giolla an Tiarna agus ag Íosa, a fuair bás ar ár son, don saol seo againne go fóill. Guímis go mbeadh toradh fónta ar aspalacht an Phápa Leo.

* * *

All Irish homily texts for the three years by Máirtín Mac Conmara MSC as in ‘Sunday Scripture Online’ have been published by ‘An Sagart’, Maynooth, under the titles Machnamh 1, 2, 3 at €10.00 per volume