Máirtín Mac Conmara MSC
Blackrock, Dublin
7 Nollaig 2025 (A) Dara Domhnach den Aidbhint
Tá léachtaí an lae inniu do athnuachan, athrú crutha mar a déarfá, san eaglais. Téann an chéad léacht agus an léacht sa soiscéal thar an tuiscint a bhí ann ina laethanta féin faoin todhchaí. Tá seo soiléir ón chéad léacht.
Bhí Eoin Baiste ag glaoch ar dhaoine a bheith réidh, le aithrí, toisc go raibh ríocht na bhflaitheas, ríocht Dé, buailte leo, le teacht an Té a bhí le teacht ina dhiaidh. Chuaigh a dúirt agus a rinne Íosa i bhfad thar a mheas Eoin. Is í teachtairteacht Phóil ná gur athrú crutha í an Chríostaíocht ‘Ná glacaigí le cruth an tsaoil seo, ach bíodh athrú crutha oraibh trí athnuathan bhur n-intinne’, athnuachan trí ghrásta Dé, aontacht le Críost, leis an eaglais agus a sacraimintí, ionas go mbeadh ar ár gcuma toil Dé a aithint – sin go léir i gcúrsaí shaol na linne seo ina mhairimid, ag saothrú agus ag guí ar son na heaglaise, go mbeadh si á h-athnuachan leis an lúcháir Chríostai agus grá Íosa don domhan a chraobhscaoileadh.
* * *
14 Nollaig 2025 (A) Tríú Domhnach den Aidbhint
Go traidisiúnta tugadh Domhnach na lúcháire’, Domhnach Gaudete, ar an tríú Domhnach seo den Aidbhint toisc briathra tosaigh na Loinneoige don Iontróid (a tógadh as litir Naomh Póil chuig na Pilipigh): ‘Bígí lúcháireach i gcónaí; bíodh lúchair oraibh mar ní fada uainn an Tiarna’ (‘atá an Tighearna i gcomhgar’; De Siúnta).
Bunús don lúcháir, don áthas, i sli is ea cóngaracht, gaireacht, an Tiarna. Measann daoine áirithe gur cóngaracht ateachta, Téarnaimh, Chríost sa parousia atá i gceist ag Pól anseo, cé nach gcreidim gurb’ea. Ar aon chuma ní ar ateacht, filleadh, Chríost atá an lúcháir, an t-áthas, Críostaí bunaithe.
Is bronntanas ó Chríost í, maraon leis an tsíocháin. Is bronntanas an lúcháir, an t-áthas seo nach féidir le haoinne tógaint ó Chríostaithe (Eoin 16:22). Ba thoil le Críost go mbeadh a lúcháir féin go hiomlán iontu (Eoin 17:13). Mhol Críost lúchair a bheith ar a lucht leanúna in am géarleanúna ar a shon, agus b’amhlaidh a bhí ag Pól agus Críostaithe eile.
D’fhéadfadh sin bheith ró-theoiriciúil agus gan baint le cúrsaí an lae inniu, ach ní mar sin atá. Más bronntanas ó Dhia an lúcháir agus an t-áthas sin, beidh siad ag feidhmiú i ghnáth-shaol an chreidmhigh. Tá scannail agus laigí san eaglais, ach leigheasfar iad trí ghrásta Dé.
An té nach bhfuil lúcháireach agus áthasach, sona, tá sé nó sí gruama. Bíonn daoine lúcháireach ag tabhairt tacaíochta dá bhfóireann i gcluichí, agus má cailleann an fhoireann ní bhíonn siad naimhdeach don fhreasúra, le tusicint nach bhfuil ann ach cluiche.
Sin bua na lúcháire agus na síochána. Bíonn lúcháir, sonas, ann i gcraic agus gceol. Agus fiú in am na hainnise agus trioblóide bíonn dóchas i nDia, mar gur gaire cabhair Dé ná an doras. Sin ceacht an Domhnaigh seo: Bíodh lúcháir oraibh, mar ní fada uainn an Tiarna.
* * *
21 Nollaig 2025 (A) Ceathrú Domhnach den Aidbhint
Ábhar domhainmhachnaimh dúinn an teideal sin a tugadh do Mhac Dháiví i bhfáistine Íseáia, agus a luaitear aris ag Matha nuair a gineadh Íosa: ‘Bhéarfar Imeánúéil mar ainm air’.
Mheabhraigh Íosa gur mar sin a bheadh ar feadh na staire ag a lucht leanúna: ‘Beidh mé in éineacht libh i gcónai go deireadh an tsaoil’. Dúirt Íosa an rud céanna lena dheisceabail le linn dó bheith leo, go mór mór le Peadar – i Muir na Gailíle, ag an Suipéar Déanach nuair a dúirt Íosa go raibh Sátan ag iarraidh deis a fháil na deisceabail a chriathradh mar an arbhair, ach go raibh Íosa féin ag guí ar son Pheadair nach gcliseadh a chreideamh agus go ndéanfadh sé daingean a bhráithre.
Tá bheith ‘in éineacht’ de shaghasanna éagsúla ann, faoi mar atá deacrachtaí agus cathaithe de shaghasanna éagsúla ann. Ina aitheasc sláin sa Suipéar Déanach leag Íosa béim ar na deacrachtaí a bheadh ag
na deisceabail tar éis imeachta dó i domhan a bheadh naimhdeach do gach ar sheas sé dó. Nuair a bhí sé lena chuid ar talamh bhí sé mar pharacléid, mar abhcoide, mar chosantóir, acu ag daingniú a rúin bheith dílis dó. Dúirt sé go raibh sé le paracléid eile a sheoladh chucu tar éis imeachta dó, an Spiorad Naomh, a dhéanfadh deimhin iad go raibh an bua ag Íosa trína bhás agus aiséirí ar na naimhne sin, agus trí ghrásta agus chabhair an Spioraid Naoim i gcroíthe na bhfíréan go mbeadh an bua leo go deo. Seo láithreacht bhuan Chriost linn.
Tá sé linn mar Imeánúéil i slíte eile chomh maith – sna sacraimintí agus gach uair a léitear sliocht as an Scrioptúr sa liotúirge. Tuigeann ár muintir brí an fhocail sin ‘Imeánúéil’ nuair a deireann siad: ‘Is gaire cabhair Dé ná an doras’.
* * *
25 Nollaig 2025 (A) Sollúntas Bhreith Ár dTiarna
Bhí sé de cheart ag gach sagart, agus tá fós, trí Aifreann a cheiliúradh Lá Nollag: Aifreann na hOíche, ag Breacadh Lae, agus Aifreann an Lae. De ghnáth ní cheiliúrtar anois ach an chéad agus an tríú ceann díobh sin.
Is fiú suntas a thabhairt don dá Aifreann sin le chéile, mar tá teachtaireacht láidir acu dúinn inniu faoi rúndiamhair phearsa Íosa Críost, mac Mhuire agus Mac Dé. Chuir Íosa an cheist ar a dheisceabail: ‘Cé hé a deir na daoine Mac an Duine? Cé a deir sibse mé?’ Cad í an tuairim atá acu, agaibhse, díom? Lean an cheist sin ar aghaidh san eaglais tar éis aiséiri Chríost, agus a dheascabháil go deaslámh an Athar. Cad é an gaol a bhí ag Íosa leis an Athair agus leis an Spiorad Naomh?
Ceist eile ná fianaise na bhfáithe, an tSeantiomna, faoi Íosa. Meabhraíonn an chéad léacht d’Aifreann an Lae dúinn gur[MM1] bh fhada an t-ullmhúchán a bhí ann do theacht Chríost, rud a chabhraíonn linn a thuiscint go raibh gá le tréimhse fhada san eaglais le teacht ar léiriú níos soléire ar ghaol Íosa leis an Athair agus an Spiorad Naomh, agus gaol idir thrí phearsa na Trionóide lena chéile.
In Aifreann na hOíche inniu tá an bhéim ar dhaonnacht Chriost; rugadh ó Mhuire Ógh. Leagtar béim ar dhiagacht Chríost sna léachtaí in Aifreann an lae, go mór mór sa dara léacht agus sa Soisceal, gan dearmad a dhéanamh ar a dhaonnacht: Ghlac Mac Dé colainn daonna; rinneadh feoil den Bhriathar.
* * *
28 Nollaig 2025 (A) Féile an Teaghlaigh Naofa
Beir leat an leanbh agus a mháthair, agus teith don Éigipt. Ní dochar tosú anseo leis na hainmneacha dílse agus na logainmneacha a luaitear sa léacht. Tá againn Héaród agus Archelás, an Éigipt, Iúdáia, an Ghailíl agus Nazarat.
Fuair an Rí Héaród, tialtóir na Pailistine agus tailte ar an dtaobh thoir di, bás sa bhliain 4 roimh Chríost, rud a thugann le fios gur saolaíodh Críost tamall áirithe roimh an bhliain 1 iar-Chríost.
Tá an comhaireamh ata againn faoi láthair, a meastar a cuireadh le chéile sa séú haois ag an manach Dionysius Exiguus, pas beag as alt, agus is dócha gur rugadh Criost thart an ar mbliain 6 roimh Chríost. Fear danartha a bhí in Héaród.
Ina uacht dheiridh d’ainmnigh sé mar oidhrí leis Archelás (leis an teideal rí), Antipas a dheartháir dílis (dearbhráthair) agus Pilib a leasdeartháir, uacht a bheadh le deimhniú ag an Impire Águstus.
Bhí fuath ag a mhuintir do Archelás, a bhí crúalach mar a athair, agus cuireadh toscaireacht chun na Róimhe le bac a chur air mar oidhre. Dheimhnigh Águstus é mar rialtóir (mar Teatrarc, gan teideal rí), De bharr a mhíriail cuireadh toscaireacht eile chun na Róime ina choinne sa bhliain 6 iar-Ch.
Briseadh Archelás as a phost agus cuireadh a chríocha faoi rialú díreach na Róimhe, faoi ghobharnóir Rómhánach. Deimhníodh Antipas mar Theatrarc ar an Ghailíl, agus Pilib mar Theatrarc ar chríocha in Oirthear na Iordáine; bheadh Caesarea Philippi mar phríomh-chathair aige.
Leagann an téacs againne béim ar ghéillsine Iósaef do thoil Dé. Anseo arís ag cur naoíntacht Chríost i láthair dó tá spéis faoi leith aige i tipeolaíocht agus gcomhlíonadh an tSeantiomna agus an tipeolaíocht idir an Nua agsu an Seantiomna.
Is é Íosa an Iosrael Nua. Sa Seantiomna thug Dia a chéadghin mic ar Iosrael san Éigirpt: ‘Iosrael mo chéadghin mic’ (Eacsodus 4:22), agus níos déanaí dar leis an bhfáidh Hóisé (11:1) dúirt Dia: ‘Nuair a bhí Iosrael ina naíonán thug mé grá dó agus ghlaoigh mé ar mo mhac ón Éigipt’. Is féidir le Matha féachaint ar an téacs seo a bheith comhlíonta le fileadh ón Éigipt d’Íosa, mac Dé, agus an Iosrael nua.
Tar éis filleadh ón Éigipt, agus cur fúthu i Nazarat na Gailíle, féachann Matha air seo mar chomhlionadh ar ráiteas ó ‘na fáithe’: ‘Bhéarfar Nazórach air’. Ní thugann Matha fiú leide faoi na ‘fáithe’ atá i gceist, agus tá teipthe ar scoláirí téacs nó téacsanna caoi a aimsiú.
Seans go bhfuil Matha ag tagairt don nazir par excellence Samsón (Breithiúna 13:5) a dúradh faoi roimh ghiniúint dó go raibh sé le tús na chur le fuascailt Iosrael óna naimhde. Níorbh aon fhuascaltóir é Samsón ach i dtraidisiún amháin Giúdach duirt Iacób ag fáil báis dó nárb le fuascailt Shamsón, nach raibh buan, a bhí sé ag feitheamh ach leis an bhfuascailt cheart a thiocfadh leis an Rí Meisias.
* * *
4 Eanáir 2026 (A) Dara Domhnach tar éis na Nollag
Tuigimid inniu an chumhacht dhúisitheach atá ag briathra a bhaineann le fís, le aisling. Tá a fhios againn an t-athrú chun leasa sa bheatha shoisialta a d’eascair ó na ceithre focail shimplí Béarla sin: ‘I have a dream’. Is cuid de mheon spioradalta na nGael an aisling.
Ag cloí leis an bhfocal Béarla, is eol dúinn dán an Phiarsaigh faoin dteideal’The Fool’, an taibhreamh, dream, a bhí aige ina chroí agus an dúil, an cíocras, a bhí aige go bhfíorófaí é sa saol réadach. Chothaigh an Aisling mar ghné fhiliochta, meanmna Gael thar an blianta.
Tugann léachtai an lae inniu cuireadh dúinn machnamh a dhéanamh ar aisling a bhi i gcroí Dé sul a a raibh aon saol ann agus a léirigh sé thar na cianta, agus a mheabhraigh sé i litríocht na hEagna, a foilsíodh i slí faoi leith i gCríost, agus atá fós á foilsiú san eaglais. Labhair an Eagna Dhiaga, an Bhantiarna Eagna, i slíte éagsúla leis an chine daonna ag iarradh ar dhaoine éisteacht lean guth.
Ach aisling seo Dé ní gnáth-aisling é, ach aisling dhiaga, agus mar sin tá si sacraimintiúil, leis an chumhacht éirim na físe a thabhairt i gcrích, an chumhacht sin ag creidmhigh saol úr a a thabhairt ann ag teacht le plean Eagna Dé.
Rúndiamhair í seo nach dtuigtear ach trí ghrásta an Spioraid Naoimh, mar a mheabhraionn an dara léacht inniu dúinn. Tá gá ag an duine aonair agus ag saol an lae inniu le fís, le aisling. Is fiú machnamh a dhéanamh ar aisling sin chroí Dé ar a bhfuil cur síos i léachtaí an lae inniu.
* * *
11 Eanáir 2026 (A) Féile Bhaiste Ár dTiarna
Ceiliúradh seo bhaiste Íosa, ní eachtra i mbeatha Íosa amháin atá ann nó tús lena bheatha phoiblí. Leagann téacsanna uile an Tiomna béim ar seo gur ungadh Íosa leis an Spiorad Naomh ag a bhaisteadh.
Le cumhacht an Spioraid sin chuaigh sé thart ag déanamh na maithe agus ag cur as do chumhacht an pheaca agus Shátain. Ó thús a staire d’fhéach an Eaglais ar an mbaisteadh Críostaí mar cheangal dlúth le hÍosa agus lena bhaisteadh, nuair a tugadh an Spiorad Naomh mar bhronntanas do na creidmhigh.
Déanann an Spiorad Naomh deimhin sinn gur clann Dé sinn, clann mhac agus clann iníonacha. Ionann an Spiorad a bheith againn agus ungadh spioradálta a thugann muinín dúinn sa chreideamh i gCríost agus san eaglais. Feidhmíonn an Spiorad go ciúin san anam ag cabhrú le creidmhigh an bheatha Chríostaí a mhaireachtáil de réir spiorad an tsoiscéil.
Inniu déantar roinnt mhaith cainte faoin spioradáltacht, ar uairibh ag tabhairt le tuiscint gur airde an spioradáltach ná an reiligiún, gur measúla ná an creideamh í.
Agus cúrsaí mar atá ní dochar ar bith a mheabhrú go mbaintear feidhm as bríonna éagsúla leis an téarma ‘spioradáltacht’. D’fhéadfadh daonnachtaithe, ar bheagán nó ar dada creidimh i nDia nó sa domhan eile, úsáid a bhaint as. Ionann spioradáltacht dóibh siúd agus tréith nó feidhmiú an spioraid dhaonna, beag beann ar aon chredeamh i nDia.
Do chreidmhigh ionann spioradáltacht agus beatha an ghrasta, faoi stiúir an Spioraid Naoimh. Sa chiall seo den téarma tá spioradáltacht ag gach creidmheach, bocht nó saibhir, óg agus aosta, léanta nó a mhalairt, díreach mar atá an Spiorad Naomh acu, mar bhronntanas Dé sa bhaisteadh.
* * *
18 Eanair 2026 (A) An Dara Domhnach Saor
An Domhnach seo sa Liotúirge táimid i spiorad na Eipeafáine go fóill, agus an éacúiméineachais chomh maith, ag druidim le Féile iompú Phóil (25 Eanáir) agus an Nóibhéine do Aontacht na hEaglaise a ghabhann leis. Ionadaithe do phobal neamh-Ghiúdach a bhí sna saoithe a tháinig le homós a thabhairt don Leanbh Íosa, a rugadh mar Rí na nGiúdach, pobal a bhí ag feitheamh, nó ag tnúth le slánú ó Dhia.
Tugadh freagra ó Dhia dóibh tar éis aiséirí Chríost. Tá eaglaisí easaontaithe ár linne ag iarraidh teacht chun níos mó aontachta. Mheas an Eaglais Chaitliceach i dtosach gur sórt leathmheasarthachta i dtaobh fírinne chreidimh a bhí anseo agus d’fhan glan amach uaidh, gur léiríodh di gurb faoi stiúir an Spioraid Naoimh é, agus tá sí anois lán-ghafa ann.
Tríd an Spiorad tá Íosa á fhoilsiú, á nochtadh, féin níos mó i gcónaí. Tá dioscúrsa bríomhar ann idir an saol tuata agus an eaglais, agus an Eaglais á cáineadh nach mbaineann sí le mianta nó le meon an tsaoil atá ann.
Rud nach luaitear, agus má luaitear is ar éigin, ón taobh tuata de ná peaca. Déantar cáineadh ar ghnásanna agus ar chleachtaí na hEaglaise, agus tagairtí iomadúla do Chríost, ag fágaint ar lár an bhaint inmheánach idir Chríost agus an peaca, an tUan a nochtann agus a thógann peaca agus peacaí an domhain. San agallamh idir an Eaglais agus ceisteanna comhaimsire ní mór teachtaireachtaí uile na hEipeafáine agus Bhaisteadh Íosa a choimeád san áireamh.
* * *
25 Eanáir 2026 (A) An Tríú Domhnach Saor
Tús maith. Aithrí, Athrú, Creideamh sa Soiscéal. Taimid i dtús thráth shaor na bliana i liotúirge an Domhnaigh. Ábhar machnaimh dúinn inniu mar ar chuir Íosa tús lena a chuid misinéireachta.
Bhí ré nua tagaithe agus ríocht Dé buailte leo. Cuirtear béim ar dhá thréith anama agus aigne atá riachtanach: aithrí agus creideamh. Ionann i slí an dá rud. Ionann aithrí sa chomhthéacs seo agus athrú meoin, ar ghá dóibh siúd chomh maith narbh fheasach dóibh peacaí a bheith acu.
Ionann í agus athrú meoin, meon agus beatha a bhí ag dul i dtreo amháin ach anois le dul i dtreo eile. Beidh treoir don slí nua seo le fáil sa Soiscéal, i bpearsa Íosa agus ina theagasc, faoi stiúir a Spioraid Naoimh. Ní oiriúnacht pholaitiúil nó chine atá i gceist, ach creideamh i nDia atá ag labhairt lena phobal Iosrael agus an domhan trína Mhac Íosa atá ungtha ag a bhaisteadh leis an Spiorad Naomh.
Agallamh le saol an lae inniu. Eagna dhaonna agus eagna Dé. I saol poilitíochta an lae inniu tá meas mór ar Íosa agus an cúram a bhí aige do na boicht agus dóibh a bhi faoi leatrom agus ar an imeall. Is maith sin.
Baineann sé i slí leis an tuiscint atá ag roinnt mhaith den chine daonna air féin, go mór mór san Eoraip, ón ghluaisesacht fealsúnachta, an Eagnaíocht, an Soilsiú, anall: dul chun cinn don chine daonna gan tagairt do Dhia ná do Íosa.
Is eagna dhaonna é. Ach, mar a mheabhraigh Pól dúínn inniu agus mar a dhéanfaidh sé na Domhnachaí seo romhainn, ní thuigtear an soiscéal trí eagna dhaonna ach le creideamh i gCríost céasta.
Ní mór don Chrois bheith i gcroílár na hEaglaise. Fírinne bhunusach i seo ar fiú cuimhneamh uirthi in agallamh le saol an lae inniu.
* * *
All Irish homily texts for the three years by Máirtín Mac Conmara MSC as in ‘Sunday Scripture Online’ have been published by ‘An Sagart’, Maynooth, under the titles Machnamh 1, 2, 3 at €10.00 per volume