June 2026: Leathanach don Cheiliúraí

Leathanach don Cheiliúraí

Máirtín Mac Conmara MSC

Blackrock, Dublin

 

7 Meitheamh 2026 Solúntas Chorp Chríost

An téama a bhí ann don Chomhdháil Eocairisteach Idirnáisiúnta i mBaile Átha Cliath i 2012 ná ‘An Eocairist: Comaoin le Críost agus lena chéile’. Tá sin ag teacht go hálainn le liotúirge Aifreann an lae inniu. Tá Críost beo san Eocairist mar fhoinse do chaidreamh, comaoin, phearsanta le Dia agus lena chéile, mar chlann mhac agus chlann iníonacha Dé, bráithre agus deirfiúracha Íosa.

Is rúndiamhair dhomhain í láithreacht réalta Chríost faoi ghnéithe aráin agus fíona, nach glactar lei ach trí chreideamh. Ní inné ná inniu a thosaigh an t-amhras faoi. Tar éis a sheanmóra i gCafarnáum air féin mar arán na beatha, bhí na Giúdaigh (nár chreid ann) ag aighneas le chéile á rá: ‘Conas is féidir don duine seo a fheoil a thabhairt dúinn le hithe?’ Lean Íosa ar aghaidh lena théama faoi féin agus ar gclos na cainte dá lán dá dheisceabail dúirt siad: ‘Is crua an chaint í seo, agus cé a d’fhéadfadh éisteacht lei?’ Mar fhreagra dúirt Íosa: ‘An bhfuil an méid seo ina cheap tuisle agaibh? Ach cad é má fheiceann sibh Mac an Duine (Íosa féin) ag dul suas mar a raibh sé cheana?’ Tharraing a lán dá dheisceabail siar, agus níor leanadar é a thuilleadh (Eoin 6:52-65). Tuigimid rúndiamhair na hEocraiate níos fearr má dheinimid machnamh uirthi i gcomthéacs Íosa fior-Dhia agus fíor-dhuine, a dheascabháil chun na bhflaitheas agus é ar dheasláimh Dé. Tríd na haoiseanna síos ghlac an Eaglais le briathra Íosa ar an arán agus an fíon, tar éis a gcoisreacan, bheith go fíor, go réalta, mar a chorp agus a fhuil, agus as sin lean an deabhóid don sacraimint ró-naofa. Slíte a ba iad ina chuir na fíréin in iúl a gcreideamh do láithreacht réalta Íosa san Eocairist. Nuair a shéanadh an creideamh sin faoi láithreacht Chríost ag Berengarius, dhearbhaigh and Eaglais sa bhliain 1079 go ndéantar an t-arán agus fíon a athrú go substaintíul go Corp and Fuil Críost, a dhearbhaíodh arís i gComhairle Trionta, teagasc atá le fáil i gCaiticiosma na hEaglaise Caitlicí (alt 1413): ‘Tríd an choisreacan cuirtear i gcrích tras-substaintiú an aráin agus an fhíona i gCorp agus i bhFuil Chríost’.

 

14 Meitheamh 2026 An tAonú Domhnach Déag Saor

Léachtaí an lae agus téama an Aifrinn: Is ríocht sagart, agus náisiún coisricthe lucht leanúna Chríost. Céad Léacht (Eacsadas). Beidh sibh agamsa in bhur ríocht sagart, in bhur náisiún coisricthe. Dara Léacht (Rómhánaigh). Má rinneadh athmhuintearas idir sinn agus Dia trí bhás a Mhic, nach móide go mor go saorfar sinn trina bheatha.Soiscéal (Matha). Ghlaoigh sé chuige a dháreag deisceabal agus chuir uaidh iad.

Mar a deirtear i gcéad léacht an lae inniu, dúirt Dia le hIosrael dá mbeidís dílis dá ghuth agus don chonradh go mbeadh siad aige ina ríocht sagart agus ina náisiún coisricthe. Ba leis féin náisiúin uile an domhain, agus uathu sin roghnaigh sé Iosrael dó féin. Bhí sagartacht fheidhmeannach in Iosrael i gclannmhac Árón. Léirmhíníonn scoláire amháin téacs leabhair Exodus faoin ghealltanas go mbeadh Iosrael ‘ina ríocht sagart, ina náisiún coisricthe’ mar seo: léiríonn gach ceann den dá leagan cainte dhá thaobh d’Iosrael san ré atá rompu. Beidh siad ina náisiún le struchtúir shóisialta agus phoilitiúla; san am céanna trína náisiúntacht agus a struchtúir mar stát beidh siad tiomanta do Dhia Iosrael, faoi mar atá sagairt tiomanta do sheirbhís Dé. Deir Apacailipsis Eoin (1:5-6; 5:10) go ndearna Críost trína chuid fola ríocht agus sagairt dá Athair de chreidmhigh. Agus i dtéacs níos déanaí (20:6) deir Eoin fúthu siúd a bhfuil páirt acu sa chéad Aiséirí: ‘Ní bhaineann cumhacht an dara báis leo, ach beidh siad mar shagairt le Dia is le Críost agus rialóidh siad míle bliain.’ Déanann Céad Litir Pheadair dhá thagairt do phribiléid seo na gCríostaithe mar shagairt: an chéad cheann (2:5) ag glaoch ar chreidmhigh mar chlocha bheo bheith ina n-áras spioradálta, le bheith ina sagartacht naofa le híobairtí spioradálta taitneamhacha a ofráil do Dhia trí Íosa Críost. Agus tamall gearr ina dhiaidh sin (2:9) meabhraíonn sé dóibh gur cine tofa iad, sagartacht ríoga, muintir naofa, pobal a cuireadh ar leithrigh, le go bhfógródh siad éachtaí an té sin a ghlaoigh as an dorcadas amach iad chun a sholais iontaigh féin. Níl aon cheist anseo faoi shagartacht fheidhmeannach sa chiall níos déanaí de na briathra sin. Is iad na híobairtí a ofrálann siad ná beatha Chríostaí a fhógraíonn éachtaí móra slánaithe Dé.

Dearbhaíonn an Eaglais (Bunreacht ar an Eaglais, alt 10; Caiticiosma na hEaglaise Caitlicí, alt 1547) go bhfuil difríocht bhunúsach idir sagartacht mhinistreach nó chliarlathach na n-easpag agus na sagart, agus sagartacht choiteann na bhfíréan, cé (mar a deir an Chomhairle) ‘go bhfuil siad araon páirteach in aon sagartacht Chríost, gach ceann acu ina dhóigh féin’. Agus míníonn an téacs cén chaoi sin.

 

All Irish homily texts for the three years by Máirtín Mac Conmara MSC as in ‘Sunday Scripture Online’ have been published by ‘An Sagart’, Maynooth, under the titles Machnamh 1, 2, 3 at €10.00 per volume