February 2025: Leathanach don Cheiliúraí

Leathanach don Cheiliúraí 

Máirtín Mac Conmara MSC

Blackrock, Dublin

 

2 Feabhra 2025
Cur i láthair an Tiarna

Tugann léamha Scrioptúr an lae inniu go leor ábhar le haghaidh machnaimh phearsanta agus phobail ar chúrsaí a bhaineann le hidirphlé le rannóga áirithe de shochaí ár linne féin. Smaoiníonn duine go háirithe ar bhriathar an fháidh Simeon do Mhuire, máthair Íosa, maidir lena Mac mar chomhartha le labhairt ina choinne nó fiú le diúltú dó. Is é Íosa solas an domhain. Is é an t-aoire maith é a tháinig chun beatha a thabhairt don duine aonair agus don domhan, agus chun é a thabhairt go flúirseach. Chuir sé a haspail, agus a lucht leanúna go léir, chuig salann an domhain agus solas an domhain. Tá ardmheas ar theagasc agus ar theachtaireacht ghinearálta Íosa inniu, fiú ag go leor nach gcreideann san Eaglais ná fiú i nDia. Ach fiú i rith a shaoil ​​féin, agus ar fud stair na hEaglaise agus inár lá féin is minic a chuirtear in iúl fuath nimhneach don Eaglais, dá teagasc, agus iarrachtaí á ndéanamh chun deireadh a chur lena tionchar sa saol poiblí. Cé gur féidir a cheadú go bhfuil na scannail laistigh den Eaglais mar chuid den fhreasúra agus den fhuath seo, go minic ní ghlactar leo seo ach mar leithscéal chun cur i gcoinne an teagaisc nochta agus dílseacht na hEaglaise do Chríost. Cé go gcaithfear admháil agus aiféala a chur ar gach peaca, san am a chuaigh thart agus san am i láthair, laistigh den Eaglais, ag an am céanna is maith a thabhairt chun cuimhne go raibh Íosa é féin ina chomhartha le labhairt ina choinne nó fiú le diúltú dó, agus ba chóir a lucht leanúna a ullmhú le haghaidh cóireála den chineál céanna.

* * *

9 Feabhra 2025 (C)
An Cúigiú Domhnach Saor

Soiscéal (Lúcás 5:1-12). D’fhágadar gach ní agus leanadar é. Sa léacht álainn seo tugann Lúcás chun suntais ról faoi leith Pheadair sa luatheaglais. Roghnaigh Lúcás an eachtra seo le gairm Íosa ar a chéad lucht leanúna a ríomhadh. Déantar í a shuíomh i gcomhthéacs ina raibh Íosa feasach ar an misean a bhí aige dea-scéal an tslánaithe a fhógairt. Sa téacs díreach roimh an gceann seo, nuair a bhí na sluaite ag iarraidh Íosa a choinneáil leo féin le heagla go n-imeodh sé uathu, dúirt Íosa leo: ‘Ní foláir dom an dea-scéal a fhógairt do na cathracha eile, óir is chuige sin a cuireadh amach mé’ (Lúcás 4:43). Tá Íosa anois le tús a chur leis an misean seo i slí nua, ag roghnú grúpa lárnach don mhisean sin, le tús áite ag Síomón (a bhfuil Peadar mar ainm eile air (nó, faoina leagan Airimise Céafas). Tosóidh an saothar i sli shiombólach, le gabháil ollmhór éisc. Is é Íosa féin a roghnaíonn an bád a bhainfear úsáid as don mhíorúilt, bád Shíomóin. Nuair a thugann Íosa cuireadh dul amach ag iascaireacht, tugann Síomón freagra meáite – ón dtaobh daonna de: thugadar an oíche go leir ag saothrú ach níor thugadar aon ni. Ní hionann smaointe Íosa, nach mbaineann le áireamh daonna. Cheapadar clais mhór éisc agus bhí orthu glaoch ar a gcomrádaithe Séamus agus Eoin clann Zeibidé sa bhád eile teacht i gcabhair orthu. I láthair léiriú seo chumhacht Dé thit uamhan ar Shíomón Peadar. Amhail an fháidh Íseáia ag a ghairm siúd (i gcéad léacht an lae inniu) déanann sé admháil ina pheacúileacht féin. Bíodh go n-ainmníotar triúr maidir leis an mhíoruilt (Peadar, Séamas agus Eoin), is le Síomón (Peadar) amháin a labhraíonn Íosa, gan eagla a bheith air; tá misean níos mó ná an ghabháil sin éisc le bheith aige. Is ag gabháil daoine a bheidh sé as sin amach.

     Tá sin ag teacht le téacsanna eile i Soiscéal Lúcáis faoi ról faoi leith Pheadair. Ag an Suipéar Déanach dúirt Íosa leis: ‘A Shíomóin, a Shíomóin, féach fuair Sátan mar aisce sibh (na deisceabail) a chriathradh ar nós an arbhair, ach táimse tar éis guí ar do shonsa chun nach gclisfeadh do chreideamh; agus ón uair amháin go mbeidh tú féin iompaithe, déan daingean do bhráithre’ (Lúcás 23:31-32). Tar éis a aiséirí chonacthas Críost do Shíomón mar chéad duine de na haspail (Lúcás 24:34; 1 Corantaigh 15:5, dara léacht inniu). Sa luatheaglais shaotharigh Peadar le creideamh a bhráithre a dhaingniú, leis an comhluadar a choimeád aontaithe agus an eaglais ag leathnú amach thar an bpobal Giúdach go dtí an domhan Gréigeach agus an domhan mór. Chonaic sé an fhorbairt sin ag teacht le toil Dé. Guímis go mbeadh creideamh a chomharba, easpag na Róime, chomh daingean céanna.

* * *

16 Feabhra 2025 (C)
An Séú Domhnach Saor

An Réamhrá

I Soiscéal an lae inniu castar Íosa orainn indiaidh a chuid Aspal a thoghadh ar bharr an tsléibhe. Ansin tagann sé anuas ar an talamh chothrom, an áit a raibh a chuid deisceabail báilithe le chéile. Seo an píosa ar a dtugaimid an Seanmóir ar an chnoc.

Smaoineamh

Is é an tráchtaireacht is fearr ar sheanmóir Íosa ná an saol a chaith sé féin. Bhí sé de thuigbheáil aige gur bheannaigh Dia é. Ní raibh saol bog aige, bhí sé go minic ina aonar agus na scaiftí ar mhalairt tuairim leis. Bhí taithí aige a bheith tréigithe agus ba mhinic é ag snámh in éadan an easa. Tá na beannachtaí a theagasc Íosa dírithe ar dhaoine a bhfuil ceangal acu le Ríocht Dé, agus tugann siad samplaí dúinn den taithí a dtéann daoine tríd tré bheith rannpháirteach i Ríocht Dé. Tá an gheallúint againn gur féidir le Dia an bochtanas. an t-ocras, na deora agus an tréigint a láimhseáil. Seo é an dea -scéal, Is íomhá é do Dhia atá uilechumhachtach, Dia atá fial agus a thugann tarrtháil orainn in am na trioblóide.

     Cé go gcuireann Dia an uile chuidiú ar fáil dúinn, tá dualgaisí orainn féin chomh maith. Caithfimid ár ndícheall a dhéanamh i gcónaí agus cloí go daingean docht le theachtaireacht an tSoiscéil. ‘Is mairg daoibhse nuair a bhíonn an saol bhur moladh! Sin mar a rinne bhur sinnsir leis na fáithe bréagacha.’

An Sagart Pádraig Ó Baoighill
Na Doire Beaga, Tír Chonaill

* * *

23 Feabhra 2025 (C)
An Seachtú Domhnach Saor

Soiscéal (Lúcás 6:27-38). Bígí sibhse atruach mar atá bhur nAthair atruach. An Domhnach seo caite léadh na Biáide de réir Lúcáis. Díreach ina dhiaidh sin tagann an tSeanmóir de réir Lúcáis, gan í ar an Sliabh mar a bhí ag Matha ach ar thalamh réidh, agus tá tús na Seanmóra sin á léamh san Aifreann inniu. Tá leagan Lúcáis den tSeanmóir gairid. Tosaíonn sé inniu le béim láidir ar ghrá dá naimhide, agus ina dhiaidh sin sliocht faoi gan breithiúnas a thabhairt. Tá sort parabail ag gabháil leis seo, leis an teachtaireacht gan breith a thabhairt a shoiléiriú, a léifear an Domhnach seo chugainn. Ina dhaidh sin tá sliocht ar chrann agus a thorthaí, idir mhaith agus olc. Is siombail den phearsa dhaonna an crann, agus luaitear gurb é croí an duine is foinse den mhaitheas agus den olc. Cuirtear críoch leis an tSeanmóir le rabhadh ó Íosa dá dheiseabail faoina theagasc a chur i ngníomh: ‘Cad chuige a ghlaonn sibh orm ‘A Thiarna, a Thiarna’ agus nach ndéanann sibh a ndeirim?’, agus le freagra ar sin ag déanamh comparáid le freagra i ngníomh dá bhriathra nó a mhalairt le teach tógtha ar charraig nó ar thalamh gan bonn faoi.

Tugann léacht an lae inniu glaoch ar dóigh ó Íosa dá chuid deisceabail bheith trócaireach, atruach, truachroích as miosúr, grá a thabhairt dá naimhde, bheith go maith dóibh sin a bhfuil fuath acu dóibh, beannacht dóibh siúd a thugann mallacht orthu, guí orthu siúd a thugann droc-íde doibh, iasacht a thabhairt gan súil le rud a fháil ar ais, sa tslí seo le bheith ina chlann don Athair, don Té is Airde, óir bíonn seisean lách le daoine diomuíocha agus drochdhaoine. Tá modh seo maireachtála le bheith thar mar a bheifi ag dréim leis ó dhaoine eile. An tSeanmóir, mar a thugann Lúcás dúinn í, tugann sí dúinn léargas ar a mhisean féin mar a bhí sé ina aigne ag Íosa, is é sin le rá go mbeadh a dheisceabail dílis dá theagasc agus dá ngairm féin uaidh mar fhinéithe don domhan mór don fhís a bhí aige do chine daonna úr.

* * *

All Irish homily texts for the three years by Máirtín Mac Conmara MSC as in ‘Sunday Scripture Online’ have been published by ‘An Sagart’, Maynooth, under the titles Machnamh 1, 2, 3 at €10.00 per volume