December 2023: Leathanach don Cheiliúraí

Leathanach don Cheiliúraí

Máirtín Mac Conmara MSC
Blackrock, Dublin

 

3 Nollaig 2023
An Chéad Domhnach den Aidbhint 

 

Réamhrá
Céad Léacht (Íseáia 63:16-17; 64:1, 3-8). Och, dá roisfeá na flaithis óna chéile agus teacht anuas. Tugann teideal na léachta seo éirim an tsleachta agus tréimhse na hAidbhinte dúinn. Tá an t-údar ag éamh ar Dhia na flaithis a roiseadh, a réabadh, a scoilt, agus teacht i gcabhair ar a phobal atá i gcruachás.
Dara Léacht (1 Corantaigh 1:3-9). Pól buíochas le Dia as an ghrásta go léir, agus na buanna iomadúla, atá bronnta aige ar an eaglais óg sin.

 

Machnamh
An Soiscéal (Marcas 13:33-37)
Sa luatheaglais bhí béim i dTéarnamh, filleadh, an Tiarna Íosa, bíodh nach raibh a fhios ag aoinne cathain a bheadh sin ann. Mhaolaigh ar an dtaobh sin den scéal de réir a chéile, ach is fíor i gcónaí an rabhadh faoi bheith réidh le buaileadh leis an Tiarna in am ár mbáis. Ionann an rabhadh sin agus beatha Chríostaí a chaitheamh, agus maithiúnas inár bpeacaí a iarraidh ar Dhia. Is tIs tráth í tréimhse na hAidbhinte le machnamh a dhéanamh gur ann don pheaca, idir bheag agus mór. Scríobh Samuel Beckett dráma faoin dteideal ‘Ag feitheamh le Godot’. Cuid den chreideamh Críostaí, i slí, ná feitheamh le Dia, agus is tráthúil tréimhse na hAidbhinte le machnamh a dhéanamh air. Bliain i ndiaidh bliana tréimshe ullmhúchain dúinn an Aidbhint do ‘theacht’ Íosa um Nollaig. Ionann an focal Laidine Adventus taobh thiar den Ghaeilge Aidbhint agus ‘Teacht’. Agus déanaimid iarracht machnamh dhéanamh ar a chéad teacht agus ar an Dara Teacht, nó Téarnamh. Is gné dhílis de chreideamh an tSeantiomna agus an Tiomna Nua an feitheamh le Dia, le Dia lena theacht le ceart agus coir a chur i bfeidhm de réir a naofachta agus a ghealltanas féin.

Agus sinne Críostaithe ag feitheamh le Dia, ní le Dia anaithnid éigin sin, ach Dia dofheichthe a fhoilsigh é féin agus atá linn i gcónaí go deireadh an tsaoil i gCríost agus san Spiorad Naomh. Ionann feitheamh le Dia dúinn agus feitheamh le comhlíonadh ghealltanas Dé, teacht ríocht Dé, ríocht shíoraí gan teorainn, ríocht na fírinne agus na beatha, ríocht na naofachta agus an ghrásta, ríocht an chirt, an ghrá agus na siochána, mar a chuireann preafáid Fhéile Chríost Rí é.

 

* * *

10 Nollaig 2023
An Dara Domhnach den Aidbhint

 

Réamhrá
Céad Léacht (Íseáia 40:1-5, 9-11). Réitigí cosán le haghaidh an Tiarna. Roghnaíodh an léacht seo le dul le soiscéal an lae inniu. Labhraíonn an dá cheann faoi ré nua atá ar tí tosú.
Dara Léacht (2 Peadar 3:8-14). Táimid ag súil le spéartha nua agus le domhan nua. Téama lárnach na léachta seo ná fadhb a tharla sa luatheaglais toisc gur measadh nár fíoradh briathra agus gealltanas Chríost faoina Théarnamh féin.

 

Machnamh
An Soiscéal (Marcas 1:1-8)
Tá teacht ann, agus teacht chun críche, d’fhís fháidh ar bith ceangailte le freagra daonna agus cora an tsaoil agus na staire. Is é Críost fís nua Dé; foilsíonn an tAthair é féin ina Mhac Íosa, agus is toil le hÍosa an fhís sin a bheith le feiscint agus á fógairt ag a bhrídeach, an Eaglais, gur toil le hÍosa a bheith naofa agus gan cháim. Tá a fhios againn go maith gur fada ó sin fírinne an scéil, leis na laigí agus na scannail atá san eaglais. Is cabhair dúinn na léachtaí rudaí agus géarchéimeanna a fheiceáil ina gceart, agus fiú treise a thabhairt dár gcreideamh, gur Dia Beo bun agus barr dó. Mar adeir an téacs iomráiteach (Eabhraigh 11:1): ‘Is é an rud é creideamh ná urra go bhfaighimid na nithe a bhfuilimid ag súil leo agus cruthú gur ann do na nithe nach bhfeicimid’.

Tá an iliomad nithe agus prionsabal ann a eascraíonn as léachtaí an lae inniu a thabharfadh deis dúinn agallamh a dhéanamh le saol ár linne. An t-agallamh le bunú na hEaglaise féin, le ceisteanna a bhí le freagairt ag údar Dara Litir Naomh Pheadar maidir le gealltanas Chríost.

Ansin is fiú iarracht a dhéanamh ar shainmhíniú a thabhairt ar cad is creideamh agus dóchas Críostaí ann, agus an ceangal dílis idir dóchas agus buanseasmhacht, mar is creideamh i nDia Beo atá i gceist i gcónaí.

Agus sa deireadh thiar, ar ndóigh, ní féidir an dara léacht a léamh gan machnamh a dhéanamh ar an domhan nua ar a bhfuilimid ag súil, agus gur ceist lárnach í i bpleanáil shoisialta an lae inniu.

* * *

17 Nollaig 2023
An Tríú Domhnach den Aidbhint

 

Réamhrá
Go traidisiúnta sa liotúirge Laidine gairmeadh ‘Domhnach Gaudete’ ar an tríú Domhnach den Aidbhint, sin le rá Domhnach na lúcháire, agus sin ó bhriathra tosaigh na loinneoige don Iontróid, ‘Bígí lúcháireach’, briathra atá tógtha ón Litir chuig na Filipigh, Filipigh 4:4-7, téacs a léadh ina iomláine sa sean-liotúirge gach bliain, agus a léitear anois sa tríú bliain den chúrsa nua.

 

Machnamh
An Soiscéal (Eoin 1:6-8, 19-28)
Is fiú aird a thabhairt ar bhriathra Phóil mar atá siad againn i loinneog don Intróid in Aifreann an lae inniu: ‘Bígí lúcháireach i gcónaí. Deirim arís é: Bíodh lúcháir oraibh’. Nocht Íosa fírinní faoi féin lena dheisceabail le go mbeadh a lúcháir féin iontu agus go mbeadh an lúcháir sin iomlán. Don chreidmhach ní chuireann trioblóidí an tsaoil, nó géarleanúint féin, as don lúcháir. Tá sé soiléir óna téacsanna sin go bhfuil an lúcháir Chríostaí fréamhaithe sa chreideamh i gCríost, sa ré nua a thosaigh leis, agus san eaglais a bhunaigh sé.

Ba chuid dílis den oidhreacht Chríostaí an grá don chreideamh agus an lúcháir a bhaineann leis. Tá sin le mothú go mór i luath-litríocht Chríostaí na hÉireann agus síos go dtí ár ré féin. Tá athrú mór tagaithe maidir leis sin le deireannas, sa ré iar-Chríostaí atá linn anois i slíte áirithe, go mór mór i gcúrsaí ard-litríochta. Le roinnt céadta anuas tá an Chríostaíocht tréigthe ag saoithe, agus níos deireannaí ag an gnáth-mhuintir. Maidir leo siúd a chreideann nó a thugann droim láimhe leis an gcreideamh tá trí short ann: iad sin a fhanann mar chreidmhigh, iad sin a fhágann agus gur cuma leo, agus an tríú grúpa ar ghráin leo creideamh na hEaglaise, nó creideamh i gCríost, nó fiú i nDia. Tá déistin le gach a bhaineann leis le mothú ina gcuid scribhínní. Tá slánú pearsanta, agus don domhan, á lorg ag cuid acu siúd, agus déanann siad soiléir nach é an slánú atá á fhógairt ag an Eaglais, ag teacht ó Chríost, atá i gceist.

Agus Domhnach seo na lúcháire á chomóradh againn, measaim nach dochar súil a chaitheamh ar an dá thaobh den saol atá linn maidir le creideamh Chríost: Críost cúis ár n-athais, ár lúcháire, agus an creideamh cúis déistine.

 

* * *

24 Nollaig 2023
An Ceathrú Domhnach den Aidbhint

 

Réamhrá
Tá an Aidbhint, agus an feitheamh, cor is a bheith thart agus an comhlíonadh sa Nollaig buailte linn. I dtraidisiún na hÉireann agus na Gaeilge tugadh La Fhéile Muire na Sanaise ar fhéile theachtaireacht an aingil, 25 Márta. Tá brí throm ag gabháil leis an bhfocal ‘sanas’ sa chomhthéacs seo, sin le rá seicréid sa chiall eaglasta, rúndiamhair, rúndiamhair ioncollaithe Chríost agus maighdeanais Mhuire. I dtéacs Gaeilge sa lámhscríbhinn ar a dtugtar Liber Flavus Fergusiorum, ag cur síos ar chuairt Mhuire ar Eiliosaibeit deir an téacs: ar chloisint comhrá Eiliosaibeit do Muire do cuimnigh sí ar an tsanas a thug an t-aingeal di, ar an dteachaireacht agus an rundiamhair a bhain lei.

Machnamh
An Soiscéal (Lúcás 1:26-38)
Tugtar maighdean ar Mhuire, agus tá sin lárnach don cur síos. Bíodh go raibh sí luaite i bpósadh le Iósaef dúirt sí le Gaibriél nach raibh aithne fir aici (‘gan cuid agam d’fhear céile’). Beidh coimpeart maighdeanúil aici. Chuir beannú an aingil gan coinne ionadh ar Mhuire: ‘Sé do bheatha atá lán de ghrásta’; ní grásta an anama mar a thuigtear anois é, ach ‘a Mhuire a bhfuil gnaoi ort’, faoi meas agus onóir faoi leith, toisc go bhfuil an Tiarna lei, agus beannaithe idir mná, mar a dúirt Eiliosaibeit níos deireannaí lei. Bhí buaireamh ar Mhuire dá bharr seo; ní amhras ach buaireamh, a chuir ag machnamh í. Luaitear machnamh Mhuire ar an rúndiamhair cúpla uair eile ag Lúcás.

Leagtar béim ar phointí éagsúla sa léacht seo, a bhfuil Muire lárnach inti. I dtosach tá iomlánú agus comhlíonadh an ghealltanais do Dháiví, agus na bhfáistíní eile faoin ré nua. Ansin tá an bhéim ar ócht, ar mhaighdeanas, Mhuire. Coimpreadh Íosa go maighdeanúil, gan athair daonna. Agus cuirtear Muire inár láthair mar eiseamláir den fhíorcheidmheach, mar a duirt Eiliosaibeit lei: Is méanar di seo a chreid. Eiseamláir leis ina freaga deiridh do Gaibréil tar éis a ceisteanna agus soiléiriú: ‘Féach mise banóglach an Tiarna; déantar dom de réir d’fhocail’.

 

* * *

25 Nollaig 2023
Aifreann an lae

 

Réamhrá
An Chead Léacht (Íseáia 52:7-10). Roimh léirscrios an Teampaill (sa bhliain 586 roimh Chríost) measadh gur thréig glóir Dé an Teampall (feic Ézicéil 8-11). Anois feiceann na fir faire ar bhallóga scriosta Iarúsailéim a mhalairt: glóir Dé, an Tiarna féin, ag filleadh ar an gCathair Naofa. Deirtear leo an dea-scéala sin a scairteadh amach le háthas. Feictear ar ghníomh mór slánaithe Dé do Iarúsailéim mar shlánú Dé go críocha uile na talún.

An Dara Léacht (Eabhraigh 1:1-6). Labhair Dia linn trína Mhac. Tá an léacht seo roghnaithe le dul leis an soiscéal, ina bhfuil tagairt do nádúr diaga Chríost.

 

Machnamh
An Soiscéal (Leagan Gearr; Eoin 1:1-5; 9-14)
Bhí sé de cheart ag gach sagart, agus tá fós, trí Aifreann a cheiliúradh Lá Nollag: Aifreann na hOíche, ag Breacadh Lae, agus Aifreann an Lae. De ghnáth ní cheiliúrtar anois ach an chéad agus an tríú ceann díobh sin. Is fiú suntas a thabhairt don dá Aifreann sin le chéile, mar tá teachtaireacht láidir acu dúinn inniu faoi rúndiamhair phearsa Íosa Críost, mac Mhuire agus Mac Dé. Chuir Íosa an cheist ar a dheisceabail: ‘Cé hé a deir na daoine Mac an Duine? Cé a deir sibse mé?’ Cad í an tuairim atá acu, agaibhse, díom? Lean an cheist sin ar aghaidh san eaglais tar éis aiséiri Chríost, agus a dheascabháil go deaslámh an Athar. Cad é an gaol a bhí ag Íosa leis an Athair agus leis an Spiorad Naomh?

Ceist eile ná fianaise na bhfáithe, an tSeantiomna, faoi Íosa. Meabhraíonn an chéad léacht d’Aifreann an Lae dúinn gur fada an t-ullmhúchán a bhí ann do theacht Chríost, rud a chabhraíonn linn a thuiscint go raibh gá le tréimhse fhada san eaglais le teacht ar léiriú níos soléire ar ghaol Íosa leis an Athair agus an Spiorad Naomh, agus gaol idir thrí phearsa na Trionóide lena chéile.

In Aifreann na hOíche inniu tá an bhéim ar dhaonnacht Chriost; rugadh ó Mhuire Ógh. Leagtar béim ar dhiagacht Chríost sna léachtaí in Aifreann an lae, go mór mór sa dara léacht agus sa Soisceal, gan dearmad a dhéanamh ar a dhaonnacht: Ghlac Mac Dé colainn daonna; rinneadh feoil den Bhriathar grá don Eaglais a mhéadú.

 

* * *

31 Nollaig 2023
Féile an Teaghlaigh Naofa

Réamhrá
An Chéad Léacht (Sírach 3:2-6, 12-14). Tá machnamh seo Ben Sira ar an gceathrú aithne lán de dhaonacht, de thaise agus de thrócaire. Ábhar sonais agus aoibhnis meas mhuintir theaghlaigh ar a chéile. Cur síos iontach i leabhar den Seantiomna an léacht seo ar faoi mar is cóir aire a thabhairt do chúrsai an teaghlaigh.

An Dara Léacht (Colosaigh 3:12-21). Nuair a chuir Pól barrshamhail, idéal, na beatha Críostaí os comhair eaglais Cholosae, ní hionann sin is a rá go raibh an eaglais sin ag maireachtáil go hiomlán de réir na barrshamhla sin. D’fhéadfadh a mhalairt a bheith fíor, agus go raibh Pól ag tabhairt na heiseamláire chun cuimhne de bhrí go raibh teannas, scoilteanna agus naimhdeas áirithe taobh istigh den eaglais sin.

 

 Machnamh
An Soiscéal (Lúcás 2:22-40)
Leagann Lúcás béim ar cé chomh tugtha is sa bhí Muire agus Iósaef ar Dhlí an Tiarna, Dlí Maois, a chomhlíonadh.
Maidir le híonghlanadh, is í an mháthair amháin atá i gceist agus is uan a bheadh le hofráil aici, agus dá mba raibh sí ró-bhoch le uan a ofráil, ansin péire colm nó dhá ghearrcach colúr. Bheadh an t-íonghlanadh le déanamh dachad lá tar éis bhreith an linbh. Maidir le ofrail chéadghin fhirinnigh, bheadh an leanbh sin le hofráil don Tiarna agus le ‘fuascailt’, ach ní luaitear aon am beacht chuige sin. D’fhéadfaí sin a cheangal leis an íonghlanadh, ar ndóigh, go háirithe ag daoine a raibh orthu turas fada a thabhairt orthu féin teacht go hIarúsailéim agus an Teampall. Labhraíonn sé faoi thuismitheoirí Íosa, bíodh go bhfuil ráite aige cheana gur maighdean Muire, nach raibh aithne fir aici. Tá Iarúsailéim agus an Teampall lárnach dá bhfuil le rá ag Lúcás, agus tá an Teampall anois le fianaise a thabhairt d’Íosa. Tá fáisrine ag Suimeon do Mhuire chomh maith faoina mac, a bheidh ina thrúig leagtha agus éirithe dá lán in Iosrael, agus ina chomhartha a shéanfar, agus faoi mar a bheidh baint ag sin go léir le Muire féin – fáistiní a fíorfar i mbeatha Íosa, agus ag Muire i bpáis Íosa. Tar éis an méid sin faoi phearsa an linbh ag Suimeon, cuirtear críoch sa sliocht le tagairt do dhaonnacht an linbh Iosa. D’fhás sé agus neartaigh sé mar aon leanbh eile i Nazarat, lán d’eagna, de thuiscint ar chúrsaí faoi Dhia agus faoin saol, agus cúram (grásta) Dé faoi leith aige.

 

* * *

7 Eanáir 2024
Féile Bhaisteadh ár dTiarna

Réamhrá
An Chéad Léacht (Íseáia 55:1-11). Taraigí faoi choinne uisce agus beidh bhur
n-anam saolach. Roghnaítear an léacht seo do Fhéile an lae inniu toisc an chuireadh atá inti teacht faoi choinne uisce, uisce na beatha, atá á ofráil ag Dia saor in aisce, agus mar aon leis sin an rabhadh atá ann Dia a lorg agus maithiúnas a fháil – téamaí a ghabhann le seanmóirearcht Eoin Baiste agus baisteadh Íosa.

An Dara Léacht (1 Eoin 5:1-9). Tugann an triúr sin, uisce (Baisteadh), fuil (Eocairist) and an Spiorad Naomh fianase i gcónaí faoi Chríost Mac Dé, agus tugann siad toradh a bheatha, a bháis agus a aiséirí i gcrích.

 

Macnamh
An Soiscéal (Marcas 1:7-11)
Ceiliúradh seo bhaiste Íosa, ní eachtra i mbeatha Íosa amháin atá ann nó tús lena bheatha phoiblí. Leagann téacsanna uile an Tiomna béim ar seo gur ungadh Íosa leis an Spiorad Naomh ag a bhaisteadh. Le cumhacht an Spioraid sin chuaigh sé thart ag déanamh na maithe agus ag cur as do chumhacht an pheaca agus Shátain. Ó thús a staire d’fhéach an Eaglais ar an mbaisteadh Críostaí mar cheangal dlúth le hÍosa agus lena bhaisteadh, nuair a tugadh an Spiorad Naomh mar bhronntanas do na creidmhigh. Déanann an Spiorad Naomh deimhin sinn gur clann Dé sinn, clann mhac agus clann iníonacha. Ionann an Spiorad a bheith againn agus ungadh spioradálta a thugann muinín dúinn sa chreideamh i gCríost agus san eaglais. Feidhmíonn an Spiorad go ciúin san anam ag cabhrú le creidmhigh an bheatha Chríostaí a mhaireachtáil de réir spiorad an tsoiscéil. Inniu déantar roinnt mhaith cainte faoin spioradáltacht, ar uairibh ag tabhairt le tuiscint gur airde an spioradáltach ná an reiligiún, gur measúla ná an creideamh í. Agus cúrsaí mar atá ní dochar ar bith a mheabhrú go mbaintear feidhm as bríonna éagsúla leis an téarma ‘spioradáltacht’. D’fhéadfadh daonnachtaithe, ar bheagán nó ar dada creidimh i nDia nó sa domhan eile, úsáid a bhaint as. Ionann spioradáltacht dóibh siúd agus tréith nó feidhmiú an spioraid dhaonna, beag beann ar aon chredeamh i nDia. Do chreidmhigh ionann spioradáltacht agus beatha an ghrásta, faoi stiúir an Spioraid Naoimh. Sa chiall seo den téarma tá spioradáltacht ag gach creidmheach, bocht nó saibhir, óg agus aosta, léannta nó a mhalairt, díreach mar atá an Spiorad Naomh acu, mar bhronntanas Dé sa bhaisteadh.

 

* * *

14 Eanáir 2024
Dara Domhnach Saor

Réamhrá
An Chéad Léacht (1 Samúéil 3:3-10, 19). Lena ré, bhí Samúéil lárnach i stair a phobail. Bhí deireadh ré ag teacht lena linn. Bhí sé ina cheannaire, ina bhreitheamh mar a thugtar air sa Bhíobla don ré sin, nuair a bhí pobal Iosrael ag iarraidh iompú ó bhreithiúna, go dtí rí agus ríocht.

An Dara Léacht (1 Corantaigh 6:13-15, 17-20). Litir thábhachtach agus thar a bheith spéisiúil í céad litir Phóil chuig na Corantaigh a thugann lear mór eolais dúinn faoin gcaidreamh idir an eaglais sin agus a nAspal. Tá seasamh láidir á thógaint aige in éadan an chleachtaidh choitianta a bheadh aithne ag na Coraintigh air roimh glacadh le creideamh Chríost dóibh.

 

Macnamh
An Soiscéal (Eoin 1:35-42)
Ocáid thábhachtach d’údar an tsoiscéil seo an eachtra seo, agus tugann sé an tráth beacht inar thárla sé: timpeall an deichiú huair, a cheathair a chlog tráthnóna.

Leanann eachtra eile an ceann seo. Tógann Aindrias a dheartháir Siomón go hÍosa, á rá leis go bhfuil an Meisias (an focal Eabhrach, Aramaise; as Gréigis Christos, an tUngthach) faighte aige. Mar sin bhí Siomón (Peadar) ina dheisceabal ag Eoin Baiste sul ar lean sé Íosa. Deir Íosa go mbeidh malairt ainm air, sin Céafas, focal Airimise a chiallaíonn Carraig.

Dia ag glaoch. Ba chuid de thraidisiún na hEaglaise Samúéil nuair a bhíodh ceist gairmeacha don sagartacht nó don bheatha rialta faoi caibideal, agus is mar sin fós. Thug Samúéil an sampla maidir le freagra: ‘Labhair a Thiarna, tá do sheirbhíseach ag éisteacht’. Le blianta anuas, in Éirinn agus sa sean-domhan, tá laghdú suntasach tagaithe ar líon na ngarmeacha don sagartacht agus don bheatha rialta. Dúirt Ár dTiarna féin lena dheisceabail go raibh an fómhar fairsing ach nach raibh ann ach meitheal bheag, agus gur choir guí ar Mháistir an fhómhair go gcuireadh sé meitheal uaidh isteach ina fhómhar. Ach is maith le Dia cabhair a fháil, agus maraon leis an urnaí d’fhéadfaí machnamh a dhéanamh faoi mar ar féidir gairmeacha a spreagadh don sagartacht agus bheatha rialta lenár linn féin. Is boichte an eaglais dá n-uireasa. Ag déanamh tagairt faoi leith do ghairmeacha don sagartacht agus beatha rialta, ni ionann sin agus ról lárnach na dtuataí san eaglais a shéanadh, ach is fiú aire agus aird a thabhairt don ghéarchéim atá ann maidir leis na gairmeacha eile a luadh.

 

* * *

Eanáir 21 2024
Tríú Domhnach Saor

Réamhrá
An Chéad Léacht (Ióna 3:1-5, 10). Leabhar faoi leith atá i Ieabhar Ióna, an fáidh a sheol Dia le aithrí a fhógairt do mhuintir Ninivé. éirim leabhair Ióna: tá Dia trócaireach don uile dhuine, i bhfad thar a mheas clann Iosrael, trócaireach fiú do naimhde Iosrael.

An Dara Léacht (1 Corantaigh 7:29-31). Bhí Pól tréadach agus réadach, a fhios aige nach mór do phobal Dé maireachtáil sa domhan a bhí ann, sa saol thart timpeall orthu ach gan ligint d’aon rud teacht idir sinn agus an Tiarna, mar a dúirt Íosa féin sa Soiscéal.

 

Macnamh
An Soiscéal (Marcas 1:14-20)
Níor mhian le hÍosa, de réir dealraimh, ministreacht chomhaimsireach a bheith aige le Eoin Baiste. Bhí Eoin Baiste ag fógairt a scéala taobh amuigh den Ghailil, sa Iúdáia, agus b’fhéidir sa Samáir. In am éigin ghabh sé thar teorainn isteach sa Ghailíl, faoi dhlínse Héaróid Antipas, agus cuireadh i bpriosún é. Thosaigh Íosa ag fógairt Shoiscéal Dé, ag rá go raibh an tréimhse a bhíothas ag feitheamh le comhlíonadh na bhfáistiní thart agus go raibh ríocht Dé in achmaireacht, buailte leo. Bhí gá le dhá rud anois: aithrí agus creideamh sa Soiscéal. Ionann i slí an dá rud aithrí agus creideamh sa soiscéal. Ní aithrí faoi peacaí faoi leith a bhí i gceist ach athrú meoin, aigne agus meon a dhíriú ar an rud nua, an Soiscéal a bheadh á fhógairt ag Íosa.

Cuirtear béim ag Marcas, agus ag Matha agus Lúcás, ar ghlaoch an chéad cheathrar deisceabal, a raibh postanna buana acu mar iascairí, béim chomh maith ar chomh tapa ar fhágadar gach rud le Íosa a leanúint ina shlí bheatha agus a chamchuairteanna tríd an Phailistín. Cuirtear sin ar phár sna soiscéil, agus sin le go mbeadh sé mar shampla don eaglais faoi dhílseacht do Chríost, agus do dhaoine áirithe bheith réidh dá mba gá an sampla sin a leanúint.

 

* * *

28 Eanáir 2024
Ceathrú Domhnach Saor

Réamhrá
An Chéad Léacht (Deotranaimí 18:15-20). Maidir leis an léacht seo, ina chomhthéacs sa Bhíobla deir an Tiarna Dia lena phobal Iosrael bheith san airdeall ag dul isteach sa tír tairngire dóibh, faoi na tuairimí agus cleachtaí reiligiúin a bhí ag na náisiúin phagánacha ansin. Dia soiléir a thoil féin agus cad a bhi ina aigne aige d’Iosrael.Bheadh orthu éisteacht lena ghuth.

An Dara Léacht (1 Corantaigh 7:32-35). Bhí caidreamh leanúnach ag Pól leis an eaglais óg sin a bhí éirithe gníomhach agus tugtha do mhodhanna nua den bheatha Chriostaí. Bhí ainm in airde ar Choraint mar chathair tugtha do chúrsaí ghnéis. Cuireann an tAspal Pól ar a n-airdeall iad maidir le seo, gan iad féin a ligint i gcathú, agus ag meabhrú dóibh naofacht an choirp de bhrí gur teampall an Spioraid Naoimh é.

 

Macnamh
An Soiscéal (Marcas 1:21-28).
Mairimid i ré ina bhfuil athraithe suntasacha ag teacht ar an sochaí agus ar chúrsaí soisialta. Ní miste machnamh a dhéanamh ar chuid de fhadhbanna an lae inniu atá ag an Eaglais le súil ar a rinne Dia sa dúlra agus i stair Iosrael, a chine tofa. Múineann an eolaíocht dúinn cé chomh mall agus a bhí an éabhlóid a thug dúinn an domhan, an chruinne, faoi mar atá sé againn inniu, agus táimid de shíor ag teacht ar líon níos mó dá chuid rúndiamhra. Is mar an gcéanna é maidir le éabhlóid an chine dhaonna faoi mar is eol dúinn inniu é. Dóibh sin a chreideann gur chruthaigh Dia an chruinne agus an cine daonna agus go stiúrann sé iad, ionann sin agus a rá go raibh agus go bhfuil Dia gníomhach san oibriú seo go léir. Tugann an eolaíocht cuireadh dúinn mar sin machnamh a dhéanamh ar ghníomhú folaithe Dé tríd na mile milliún de bhlianta.

Tá gníomhú, oibriú, seo Dé tostach. Sa traidisiún Giúd-Chríostaí tá láthaireacht diaga eile ann, ceann ina labhraíonn Dia lena phobal tofa, agus tríothu sin don chine daonna ar fad. Tagann an scéala seo trí bhriathar Dé, agus mar adeir Dia féin, seasann briathar Dé go deo.

* * *

 

All Irish homily texts for the three years by Máirtín Mac Conmara MSC as in ‘Sunday Scripture Online’ have been published by ‘An Sagart’, Maynooth, under the titles Machnamh 1, 2, 3 at €10.00 per volume.