Máirtín Mac Conmara MSC
Blackrock, Dublin
5 Aibreán 2026
Domhnach Cásca
á ábhar saibhir machnaimh i léachaí an lae inniu, agus den chuid is mó de labhraíonn siad uathu féin ach iad a léamh agus súil againn ar shaol agus chúinsí ár linne féin. Sa chéad léacht cuireann Peadar béim ar na haspail mar fhinnéithe d’aiséirí Chríost agus sa dara léacht as an litir chuig na Colosaigh meabhraítear do chreidmhigh go bhfuil a mbeatha ‘folaithe mar aon le Críost i nDia’. Críost ar neamh ceann na hEaglaise, tá sé fós ag fógairt a shoiscéil mar a rinne sé dá mhuintir na Giúdaigh, ach chomh maith ag fógairt shoiscéil Phóil do na neamh-Ghiúdaigh, na pagánaigh, á meabhrú do na Colosaigh, agus do gach creidmheach, nósanna pagánacha a chur díobh, nósanna a áiríonn sé: ‘Básaigí mar sin an taobh saolta (na hainmhianta pagánacha) díbh féin: an drúis, an neamhglaine, an paisean, an ainmhian agus an tsaint úd nach bhfuil inti ach íoladhradh’. Gan Críost bheith mar chroílár aici ní bheadh san eaglais dá fearr í ach cumann leasa shoisialaigh, mar a mheabhraigh an Pápa Proinséas dúinn.
Tá feachtas nua tosaithe san eaglais chun daoine a thabhairt thar n-ais do Chríost. Sin teachtaireacht na Cásca dúinn, fianaise a thabhairt an lá atá inniu ann do Chríost ar dheis an Athar, agus sinne aontaithe leis sa bhaisteadh, sa chreideamh. Mar is léir ón dara léacht inniu tá Críost aiséirithe, ar dheaslámh an Athar, ag fógairt an tSoiscéil dúinn mar a rinne sé sa tSeanmóir ar an Sliabh: ‘Is sibhse salann na talún. Is sibhse solas an domhain. Bíodh bhur solas ag taitneamh mar sin os comhair daoine chun go bhfeicfidís bhur ndea-ghníomhthartha agus go nglóireoidís bhur nAthair atá ar neamh’. Beannachtaí na Cásca orainn go léir.
* * *
12 Aibreán 2026
Dara Domhnach den Cháisc
Is cuimhin liom gur cuireadh ceist ar dhramadóir in agallamh tráth faoin eachtra ba mhaith leis bheith faighte aige i rith a shaoil. Fhreagair sé gur bhreá leis dá mbeadh buailte aige le hÍosa. Ní fios cén cheist a bheadh curtha aige ar Íosa ná ar fhreagra Íosa air. Cuireadh chun aithrí is dócha! Ní hionann an cás sa mhéid a bhaineann le creidmhigh de. Téimis thar n-ais go dtí an seomra uachtarach sin, le hÍosa agus Tomás, a chreid i ndiagacht Chríost agus é i láthair. I mbriathra Chríost, is méanar dóibh siúd a chreideann ann i ngach aois, i ngach áit, go deireadh an domhain. Ní beannaithe Tomás ná iad. Trí shúile an chreidimh tá Críost i láthair faoi mar a bhí do Thomás le súile aiceanta.
Tá seo ag dul leis an méid a dúirt Íosa ina achainí don Athair ag an Suipéar Déanach: ‘Ní ar a son-san amháin [a lucht leanúna an tráth úd] atáim ag guí, ach, mar an gcéanna, ar son na ndaoine a chreidfidh ionam trína mbriathar’ (Eoin 17:20). Don luath-eaglais, agus don eaglais i ngach aois, tá Íosa i ngar – níos gaire ná an doras – ag tabhairt soláis, misnigh agus spreagtha. Meabhraíonn an chéad léacht inniu dúinn faoi mar a mhair an eaglais óg in Iarúsailéim faoi shimplíocht chroí, ag caitheamh a gcuid bia faoi áthas. Agus is mar seo a labhair Peadar faoi Íosa ina litir do Chríostaíthe a bhí ag fulaingt ar son a gcreidimh i gCríost, mar a deirtear sa dara léacht san Aifreann inniu: ‘Thug sibh grá dósan (do Íosa) cé nach bhfaca sibh é. Ní fheiceann sibh anois féin é, ach creideann sibh ann, agus is lúcháireach sibh le háthas iontach dolabhartha’ (1 Peadar 1:8). Is cuid dílis den Tiomna Nua agus den Chríostaiocht aithne phearsanta agus aithris ar Chríost. Tá sin go léir curtha go deas i ndán Gaeilge faoin chomhairle don duine óg atá tagaithe anuas chugainn sa bhéaloideas agus i scríbhinn: ‘A dhuine atá i dtúis do shaoil, mo theagasc go cruinn beir leat … Ná santaigh ráite baois’ ná an dream go mbíd acu; sara dtiocfaidh iomad den aois, bíodh aithne ar Chríost agat’.
* * *
19 Aibreán 2026
Tríú Domhnach den Cháisc
Ceann de na sleachta is iomráití sa Bhíobla léacht sin i soiscéal an lae inniu. Labhraíonn sé go tréan le daoine ó gach aois, a fheiceann samhail díobh féin sa bheirt thaistealaí sin san aistear dóibh, an creideamh agus an dóchas caillte acu, an todhchaí a mheas siad a bheith acu, agus ag a mhuintir, titithe as a chéile, ach cara caoin anaithnid ag siúl an bhóthair leo le léargas úr a thabhairt dóibh, nó leis an saol nua a nascadh leis an saol ab aithne dóibh.
I gnáthach sna saolta seo labhairt ar bheatha an duine aonair mar aistear, agus ar ndóigh is mar sin atá – aistear ó thaobh aithne ag an duine air nó uirthi féin, cá seasann siad, agus cad tá i ndán dóibh. Moltar siúl leo san aistear. Go minic is ó thaobh comhairleoireachta a thugtar an moladh seo, gan tagairt do chúrsaí creidimh. Ach, faoi mar ab eol dár sinsir, tá Críost san aistear i gcónaí, Críost liom, Críost romham, Críost i mo dhiaidh agus mar sin de. Fírinní eile ar fiú machnamh orthu inniu ná Críost i láthair sa Aifreann, i léachtaí an Scrioptúir agus san Eocairist.
Ar éigin gur gá a mheabhrú arís firinne ina chuireann an Eaglais an-bhéim inniu: go bhfuil Críost i láthair ina bhriathar, mar is é Críost a labhraíonn gach uair a léitear an scrioptúr sa liotúirge. Tugann léacht an Bhíobla an sean agus an nua le chéile dúinn, an bhrí ba chiall leis céaduair agus faoi mar is féidir sin a chur in oiriúint do thoscaí an lae inniu, nó fiú do cheisteanna fós le teacht. Ní teagmháil aigne, intleachtach lom amháin atá anseo, mar tá Críost i láthair lena Spiorad, lena ghrásta.
Agus, ar ndóigh, tá sé i láthair i modh faoi leith san Eocairist, i mbriseadh an aráin, gníomh a thugann chun cuimhne dúinn na bríonna iomadúla a bhí le briseadh an aráin do Íosa féin lena bheatha agus tar éis aiséirí do.
* * *
19 Aibreán 2026
Ceathrú Domhnach den Cháisc
Sa pharabal agus san aitheasc fada faoi féin mar an sáraoire, leagann Íosa béim ar fhírinní bunúsacha faoi féin, agus faoin chaidreamh atá aige leis an Athair agus a ‘thréad’, a lucht leanúna dílis. Tugann an sáraoire a bheatha ar son a chaorach. Tá comhthuiscint dhomhain idir é féin agus a chaoirigh; áithníonn siad a ghuth agus leanann siad é, ag tabhairt cúl do ‘aoirí’ eile a chuirfeadh ar strae iad. Rud suntasach faoi léachtaí go léir an lae inniu ná lárionad Íosa sa chreideamh, san eaglais, i bplean slánaithe Dé. Ag a aiséirí dó tar eis bháis ar an gcrois, rinne Dia Tiarna agus Críost de Íosa. B’shin teachtaireacht Pheadair Lá Cincíse do phobal na nGiúdach, leis an ghairm aithrí a dhéanamh, athrú ó chreideamh le Maois ina lár go creideamh sa Soiscéal. Mionlach a bhí sna comhluadair Críostaíthe ar scríobh Peadar chucu ina litir a léitear na Domhnachaí seo, ina mholann sé omós a bheith acu do na húdaráis shibhialta, ach bheith deimhin de go raibh oidhreacht eile acu féin trí bhás Íosa ar an gCrois, Críost a bheadh mar eiseamláir acu. Déanann Íosa soiléir sa pharabal agus ina aitheasc gurb é féin an t-aon doras, an doras go cró na gcaorach (comhluadar na gcreidmheach ar talamh) agus an t-aon doras go dtí an tAthair ar neamh. Mar adeir sé in áit eile: is eisean an tslí, an fhírinne agus an bheatha.
Tréad beag a bhí ag Íosa ar talamh an uair sin, agus is beag tréad na hEaglaise aon uair i gcomparáid leis na céadta milliún den chine daonna atá ann, gurb é Dia a gCruthaitheoir agus Íosa a Slánaitheoir. Céard faoina slánú siúd? Ceap tuisle é do aos léinn áirithe gurb ag Críostaithe amháin, agus trí Críost an Doras, amháin, atá bealach isteach do Dhia. Níl freagra na ceiste sin ag an Eaglais. Tá teagasc Chríost aici faoi Íosa féin mar an Doras, an tSlí, agus a fhios aici chomh maith gur maitheas gan teora é Dia, a bhfuil freagra na ceiste eile aige. Agus Domhnach an Aoire Mhaith á cheiliúradh againn, tugaimis aird ar a bhriathra bheith aontaithe leis agus leis an Athair, le go mbeadh ar ár gcumas a ghuth a aithint, i saol ina bhfuil iliomad guthanna eile ár dtarraingt uaidh. Agus guímis ar son méadú ar ghairmeacha le go mbeadh aoirí, tréadaithe, le fáil san eaglais, gairmeacha a thiocfaidh ó dhaoine ag aithint guth an Aoire Mhaith.
* * *
All Irish homily texts for the three years by Máirtín Mac Conmara MSC as in ‘Sunday Scripture Online’ have been published by ‘An Sagart’, Maynooth, under the titles Machnamh 1, 2, 3 at €10.00 per volume