October 2025: Leathanach don Cheiliúraí

Máirtín Mac Conmara MSC

Blackrock, Dublin

 

 

5 Deireadh Fomhair 2025 (C) Seachtú Domhnach Fichead Saor

 

Tugann léachtaí an lae inniu cuireadh dúinn agallamh a dhéanamh leis an saol comhaimsire faoi thrí theideal, ceann do gach léacht, agus baineann siad go léir le gnéithe den chreideamh.

Dílseacht, buanseasmhacht le moille Dé agus na hEaglaise. Mairimid i ré ina mbíonn an saol agus antsochaí ag athrú go tobann, agus ina mbíonn freagraí tobanna ag teastáil, réiteach ar fhadhbanna teoiriciúla agus móráltachta. Is fada siar a théann na ceisteanna ar Dhia faoi riar an domhain agus chúrsaí eile. Bhí leabhar fianaise curtha le cheile ag Iób le freagraí a fháil ó Dhia. D’fhreagair Dia Iób ach níor thug sé freagra ar a cheisteanna. Níor thug do Habacúc ach an oiread. Inniu, mar a bhí i laethanta Iób agus Habacúc, ní mór do creidmhigh maireachtáil lena gcreideamh i nDia, pé ar bith ceisteanna a bhionn acu. Is suáilce dhiaga é an creideamh a nascann le Dia. Tagann cinnteacht an chreidimh ó Dhia. Ní chuireann ceisteanna ná a bhaineann leo as don chinnteacht sin.

An ‘taisce’ a chaomhnú. Is mór an cur agus an cúiteamh san eaglais faoi láthair, agus le tamall anuas, ar ábhair mar oirniú ban agus moráltacht maidir le cúrsaí gnéis, daoine á maíomh gur cóir don Eaglais teacht de réir meon na haoise agus athraithe cuí a dhéanamh. Déanann Caiticiosma na hEaglaise Caitlicí trácht ar an taisce (oidhreacht) seo in áiteanna éagsúla, mar shampla uimhir 97: ‘Déanann an Traidisiún Beannaithe agus an Scrioptúr Naofa le chéile taisce sácráilte éagsamhalta (singular) de bhriathar Dé mar a bheadh scáthan a mbaineann an Eaglais abhus lán a súl as Dia ann, an Té is údar lena cuid saibhris ar fad’ (agus freisin in uimhir 84). Téann an bhéim seo ar dhílseacht don ‘taisce’ siar go tús na hEaglaise, mar is léir óna Litreacha Tréadacha (Tiomóid, Tíotas). Ceist a bheadh, agus atá, á cíoradh ná an mbaineann pointe áirithe teagaisc le croílár an ‘taisce’ nó an ann dó de bharr coinníolacha staire. Ní mór an machnamh agus an plé ar ábhair seo rúndiamhair an chreidimh a dhéanamh sa chomhthéacs a thuileann siad, faoi stiúir an Spioraid.

An creideamh a dhéanann miorúiltí. D’iarr na hAspail ar Íosa a gcreideamh a mhéadú, creideamh in Íosa mar theachtaire an Athar agus a leanann as sin, agus neart a bheith dílis dó. Is ar na h-éachtaí a leanann as creideamh láidir a bhi an freagra a thug Íosa. Sin an creideamh a bhí ag na hAspail nuair a chuireadar fúthu an domhan go léir a thabhairt isteach i gcró Chriost. Tá an neart céanna le sonrú i gcreideamh na gnáthmhuintire a thuigeann gur treise cumhacht Dé ina gcroíthe ná deacracht dá mhéid í.

 

* * *

 

12 Deireadh Fomhair 2025 (C) Ochtú Domhnach Fichead Saor

 

Ina litir chuig na Rómhánagh (15:4) deir Pól: ‘Gach ar scríobhadh fadó is dár dteagascna a scríobhadh é chun go mbeadh an fhoighne agus an sólás atá ar fáil sa scrioptúr ina n-ábhar dóchais dúinn’. Tugann na briathra sin cuireadh dúinn machnamh a dhéanamh go rialta ar léachtaí an Domhnaigh, le misneach agus sólás a bhaint astu. Ní gá dúinn dul go ró-dhomhain isteach iontu anseo, mar tá cuid den mhachnamh déanta cheana féin ag cur síos ar na léachtaí.

Maireann Briathar Dé go deo.Tá sampla de seo againn sa chéad léacht. Bhí an fáidh Eilisea gníomhach thart ar an mbliain 850 roimh Chríost. Tugaann an léacht sampla dúinn ar fháidh ó Iosrael ag taispeáint cineáltais agus ag tabhairt leighis do choimhthíoch, do cheannaire arm tire a bhí naimhdeach dá thír. Comhartha a bhí ann don Dea-Scéal a bhí le fogairt do na pagánaigh na céadta bliain níos déanaí.

Tugann Íosa sin le fios dá mhuintir féin sa Nasair, nuair a luiagh sé sampla Eilisea mar chomhartha go raibh an Dea-Scéal le fógairt thar an chine tofa amach (Lúcás 5:27). Ní féidir laincis, géibheann, a chur ar bhriathar Dé, mar a mheabhraidh Pól do Thiomóid. Tá cumhacht dá chuid féin i mBriathar Dé. Ba chóir go dtabharfadh an smaoineamh seo rúndaingne sa chreideamh agus uchtach dúinn inniu. Tá stair, agus réamh-stair, fhada ag caidreamh Dé leis an cine daonna roimh ár linn féin, agus beidh a thuilleadh fós ann.

Gabháil buíochais. Tugadh aird dó seo sa cur síos ar an léacht ón Soiscéal dúinn.

 

* * *

 

 

19 Deireadh Fómhair 2025 (C) Naoú Domhnach Fichead Saor

 

Tá dhá ábhar machnaimh soiléir dúinn i liotúirge an lae inniu, agus tá baint acu eatorthu féin. Is iad sin gairm Íosa chun na hurnaí agus béim Phóil ar an mBíobla mar threoir don bheatha Chríostaí, a bhfuil béim air chomh maith againn sa suíomh idirlín seo.

Maidir leis an urnaí, tá sí riachtanach, mar ní thuigtear creideamh Chríost gan caidreamh pearsanta le Dia sa ghuí, sa phaidreoireacht. Is rúndiamhair í an Chríostaíocht, rúndiamhair a éilíonn an caidreamh sin. Ní beo don chreideamh ina héagmais. Is iomaí sin slíte atá ann le urnaí a dhéanamh, go poiblí nó go príobháideach, ach ní mór do gach saghas díobh a bheith pearsanta, duine i gcaidreamh le Dia agus don Chríostai caidreamh faoi stiúir an Spioraid Naoimh.

Sa mhéid a bhaineann le léamh agus staidéar an Bhíobla de, ní fearr áit le tosú ar a dtábhacht ná an téacs as an litir chuig Tiomóid a léamh inniu. Ní dochar a mheabhrú fós an bhéim a leag an Eaglais i Vatacain II ar áit an Bhíobla sa Liotúirge Nua, go mór mór in Aifreann an Domhnaigh. Ach chomh maith céanna sa doiciméad ar Bhriathar Dé (Dei Verbum) tá caibideal iomlán ann ar an Scrioptúr Naofa i mbeatha na hEaglaise, agus i ngach gné di.

Sa chaibideal seo meabhraítear don chléir – sagairt, déagánaigh, caiticeasmóirí – iad sin a bhfuil baint dhíreach acu le ministreacht an Bhriathair, iad féin a thumadh go hiomlán sna Scrioptuir le léamh deabhóideach agus taighde díochra. I doiciméid eile den Chomhairle cheanna, i bhforógra ar mhinistreacht agus bheatha na sagart, téitear i bhfad níos doimhne isteach sa cheist, go háirithe faoin cheangal ar chóir a dhéanamh idir mhíníu na léachtaí agus ceisteanna comhaimsire, ceist a dhéantar iarracht freastal a dhéanamh uirthi sa togra seo.

 

* * *

26 Deireadh Fómhair 2025 (C) Tríochadú Domhnach Saor

 

Bhí Íosa an-dian ar an mbéalchraifeacht, ar dhaoine a bhí ag iarraidh aire a tharraingt orthu féin trí na cleachtaí creidimh traidisiúnta, amhail urnaí, troscadh agus déirc. Cháin sé chomh maith Fairisínigh agus scríobhaithe den traidisiún céanna de bharr a mbéime i ghlaine sheachtrach maidir le soithigh, agus ag déanamh neamaird ar ghlaine inmheánach. Rudaí a bhain le cúrsaí Giúdacha iad sin. Sa pharabal inniu, bíodh gur Giúdaigh atá i gceist, baineann tréithe an Fhairisinigh agus cás an bhailitheoir cánach le glúin ar bith tríd an stair agus lenár laethanta féin. Is dual don, agus dlite den, duine daonna bheith umhail agus uiríseal i láthair Dé agus a laige agus peacúileacht an nádúir dhaonna a aithint, chomh maith le uile-naofacht agus tuiscint Dé do chás gach aoinne, peacach agus eile. Is éasca do dhuine sa chomhluadar daonna beag is fiú a dhéanamh de dhuine nó de ghrúpa eile. Díríonn parabal an lae inniu ár n-aird ar sin.

Ag scríobh chuig na Rómhánaigh cuireann Pól éirim an pharabail i mbeagán focal: ‘Bígí báúil le cách agus in ionad a bheith ardnósach deanaigi caidreamh leis na daoine ísle’ (Rómhánaigh 12:16). Tá an teagasc céanna sin tugtha go han-mhinic ag Pól agus i scríbhinní an Tiomna Nua. Thógfadh sé tráchtas iomlán leis an fhianaise go léir a thabhairt; grá an chomharsa; leas an duine eile seachas do leas féin a chuardach. Lár-fhírinne den teagasc sin ná gur ar scáth a chéile a mhaireann na daoine. Sa mhéid seo tá teagasc an Tiomna Nua an-soisialach. Is fiú dúinn eolas níos fearr a chur ar an dteagasc saibhir sin.

 

* * *

 

All Irish homily texts for the three years by Máirtín Mac Conmara MSC as in ‘Sunday Scripture Online’ have been published by ‘An Sagart’, Maynooth, under the titles Machnamh 1, 2, 3 at €10.00 per volume