Máirtín Mac Conmara MSC
Blackrock, Dublin
Ceist mhór in agallamh na hEaglaise le sochaí an lae inniu treoir Chríost agus na hEaglaise i gcúrsaí an tsaoil. Tá téamaí an agallaimh, nuair is ann dó, chomh leathan le teachtaireacht Chríost agus na hEaglaise féin. Deir Críost gur solas an domhain é. Ar uairibh, dar le líon nach beag dár gcomhaimsirigh meastar gur dorchadas don chine daonna teagasc na hEaglaise. Ach do ábhar machnaimh an lae inniu cloífimid le téama amháin den Soiscéal: cuing Íosa so-iompair agus a ualach éadrom.
An chuing atá i gceist ná a theachtaireacht agus a theagasc. Seoladh Íosa ón Athair le beatha a thabhairt don domhan agus í a thabhairt go fial. Ach tá teagasc soiléir faoin bhestha seo: ní mór do dhuine bás a fháil dó féin leis an bheatha sin a ghnóthu. Agus deir Pól an rud céanna leis na Rómhánaigh, mar a chonacamar sa dara léacht inniu. Le bheith mar dheisceabail do Chríost ní mór do dhuine a chrois a thógaint agus Íosa a leanúint. Níl a leithéid de theagasc inghlactha ag duine gan creideamh, agus fiú bheadh ceisteanna ag roinnt creidmheach faoi. Mar a deir an file Seán Ó Riordáin faoi seo agus cuid eile de theagasc na hEaglaise: ‘Buarach ar m’aigne Eaglais Dé, Ar shagairt do glaofinn coillteáin’ – buarach, rópa nó corda ceangailte bó i stalla. Is fada sin ó bheith so-iompair nó éadrom.
An bhfhuil réiteach le fail ar an bhfadhb seo? Don chreidmheach a chreideann i gCríost, agus a bhfuil aithne phearsanta á cur aige air, agus creideamh sa Spiorad Naomh agus feidhmiú ghrásta Dé trí Chríost aige – tá cuing Chríost so-iompair agus a ualach éadrom, chomh so-iompair agus éadrom agus a bhí sé ar Chríost féin. Is cuid mhór de oidhreacht theagasc mhorálta na hEaglaise sampla Chríost. Ní hionann an méid sin agus a rá nach mór an chuing sin a dhéanamh chomh so-iompair agus éadrom agus is féidir le teagasc Chríost a chur in oiriúint don saol atá anois againn, ach deimhin a dhéanamh de gur cuing agus ualach Chríost atá i gcónaí ann.
* * *
12 Iúil 2026 An Cúigiú Domhnach Déag Saor
Tá an téama seo ag rith trí na trí léachtaí inniu agus is fiú machnamh a dhéanamh air mar tá ábhar agallaimh ann do shaol ár linne féin. Bhí pobal Iosrael ar scríobh an fáidh ar a dtugaimid an Dara Íseáia chuige in íseal brí agus faoi lag-mhisneach sa Bhaibealóin gan mórán dóchais acu go raibh todhchaí ar bith i ndán dóibh. Mheabhraigh an fáidh seo dóibh nach mar sin a bhí in aigne Dé, a mhaireann a Bhriathar de shíor. Bhí ré nua i ndán dóibh, agus gan mhoill, gealltanas a thug díocas dóibh, agus ní briatrhra baotha folamha a bhí anseo ach dóchas bunaithe ar fhírinne agus dhílseacht Dé féin. Spreagadh chun gnímh iad dá bharr. Mar an gcéanna le téacs Phóil chuig na Rómhánaigh, leis na tagairtí do chneadach an dúlra ag iarraidh saoirse agus foilsiu ghlóir chlann Dé. Ar uairibh sa Seantiomna féachtar ar an dúlra, ar gach ar cruthaíodh, mar bhrat glóire Dé. Brat glóire i slí é don chine daonna chomh maith, agus níl sé chomh foirfe sa ról sin agus a oirfeadh do ghlóir na gcreidmhach. Tá an dúlra easnamhach sa mhéid sin de. Dar le Pól sin toisc neach éigin, Dia is dócha, a rinne gan rath é. Tá baol ann don dúlra inniu, ní tóisc Dé ach de bharr neamh-chúram agus mí-úsáid an chine dhaonna. Tá spéis faoi leith again inniu san imshaol, sa timpeallacht, agus tá seo ag teacht go geal lena dúirt Pól. Is cuid dinn féin, brat an chine dhaonna, an timpealleacht. Agus maidir le íomhá an tsíoladóra de, is cuid dhílis de stair poilitíochta agus réabhlóideach na hÉireann íomhá an tsíl agus an tsíoladóra – an síol á chur ag glúnta romhainn agus an fomhar á bhaint níos déanaí. Ach maille leis sin tá Briathar Dé ann agus guth Dé tríd na haoiseanna síos. Is síoladóir fós é Íosa. Agus is síoladóir gach duine againn a chreideann i nDia agis in Íosa, síoladóir le briathar, le guth agus sampla. Ná cuireadh sé isteach orainn má thiteann cuid den tsíol ar ithreacha éagsúla, ar charraigeacha, chlocha agus eile. Mar sin a bhí riamh. Ach leanann an síoladóir leis ina shaothar.
19 Iúil 2026 An Séú Domhnach Déag Saor
Prionsabal, agus le tamall anuas anuas anois nath, i measc lucht léinn agus eile ná gur fhógair Íosa ríocht Dé agus gurb é a d’eascair as ná an Eaglais. Is fíor ar ndóigh gur chraobhscaoil Íosa ríocht Dé agus nár bhain sé úsáid as an téarna eaglais, ná nár fhág sé aon bhunreacht don eaglais a thiocfaidh níos déanaí. Ach d’fhógair sé ríocht Dé faoi mar ba thoil leis an Athair, agus sin agus é ungtha chuige ag an Spiorad Naomh agus ag gníomhú faoi stiúir an Spioraid Naoimh. Is faoi stiuir Chriost aiséirithe, agus an Spioraid Naoimh agus le toil an Athar, a mbeidh tus agus fás ag an eaglais. Mar sin, an méid a deir Íosa faoi riocht Dé is féidir linn sin a chur i leith na hEaglaise mar a oireann. Is fíor sin ach go háirithe faoin a deirtear maidir le ríocht Dé i bparabail an lae inniu agus i bparabail eile. Bhí tús beag agus lag ag an eaglais ach fás thar chuimse agus anois tá náisiúin iomadúla an domhain ag glacadh fothaine, mar a déarfá, faoina scáth. Agus ní forás seachtrach amháin atá i gceist. Tá grásta Dé innti mar a bheadh gabháil, giosta, le claochlú inmheánach chun na naofachta a dhéanamh uirthi, grásta an Spioraid Naoimh a hathrú ó ghlóir go glóir, mar a chuirfeadh an tAspal Pól é. Sna meáin inniu ar éigin go mbíonn tagairt don Eaglais muna mbíonn scannal éigin reatha nó ón am a ghabh tharainn i gceist. Cuireann sin as go mór do chreidmhigh áirithe, ag cur ar chuid acu éirí as chleachtadh an chreidimh nó fiú drom láimhe a thabhairt don eaglais agus don chreideamh féin. Ní fhéachann siad Críost ann a thuilleadh. Do bhfiú dóibh machnamh a dhéanamh ar an parabal faoin síol maith a cuireadh agus faoin gcogal, an fhiaile. Gné den ríocht agus den eaglais iad sin, agus in mbriathra Chríost beidh sé mar sin go deireadh an domhain. Ní tionól nó buíon naomh í Eaglais Chríost, ach comhluadar ina mbeidh an t-olc agus an mhaith taobh le taobh, ag imirt ar a cheile. Ná déaradh scannail linn nach Eaglais Chríost í a thuilleadh an Eaglais. Beidh siad ann, agus ní choir go gcuirfeadh siad isteach ar an fhás agus an naofacht is dual do ríocht Dé agus d’Eaglais Naofa Chríost.
* * *
26 Iúil 2026 An Seachtú Domhnach Déag Saor
Sna saolta seo agus an neamhshuim agus an nós is cuma liom i gcúrsaí creidimh, agus fiú i measc roinnt Caitliceach, tugann léachtaí an lae inniu ábhar machnaimh dúinn. Ba chuid dhílis dár gcreideamh an t-áthas agus féachaint ar á gcreideamh mar phéarla, mar stór, chiste, thaisce, folaithe. Tá téama an phéarla róluachmair le fail sna léachtaí go leir. Rinne an Rí Solamh achainí ar Dhia croí tuisceanach a thabhairt dó chun an mhaith a athaint thar an olc, croí le toil Dé a thuiscint. Cúis áthais dúinn a bhfuil sa dara léacht, cé chomh mór is atá Dia féin linn leis an ceann sprice is dual dúinn a bhaint amach. Cuireann Íosa sna parabail béim ar cé chomh gafa ba chóir dúinn a bheith le cursai ríocht Dé, sin le rá leis féin agus leis an Eaglais.
Ní dóigh liom gur gá dul níos faide leis seo mar mhachnamh. Is cuireadh na léachtaí dúinn ár gcreideamh agus ár ndíograis inár n-oidhreacht thraidisiunta a mhúscailt.
* * *
2 Lúnasa 2026 An tOchtú Domhnach Déag Saor
Rud teibí í fís – an réaltacht, an saol, an todhchaí, an duine aonair mar ba mhaith le duine, nó le Dia fiú, iad a bheith. Ní thagann radharc ar shaorthoil an duine ina bhfíorú i gceist san fhís féin. Ní hí an fhís féin ach gníomhú an duine dhaonna, agus an phobail, a dhéanann réaltacht de, a dhéanann é a fhíorú, a thugann ann é. Agus d’fhéadfadh seo fíorú na físe a dhéanamh casta, nó cur as dó go hiomlán. Tá iarracht de seo le sonrú maidir le beagnach gach fís. Sampla maith an meíd atá le léamh i bhfáistiní, nó i bhfilíocht, an Dara hÍseáia faoi fhilleadh chlann Iosrael ó dheoraíocht na Baibealóne. I slí tá sé le tabhairt faoi deara i bhfís, in aisling, Phóil maidir le glóir chlann Dé, agus an dúlra féin, gach ar cruthaíodh, sa deireadh thiar. Ach ag feitheamh dóibh dá leithéid, bhí ar chreidmhigh na Róimhe maireachtáil leis an saol a bhi ann, agus bheith reidh dá ma gá do ghéarleanúint. Is fíor é faoi fhís Dara Comhairle na Vatacáne, gan ach cúpla sampla a lua, gan trácht ar fhíseanna, aislingí, poilitíochta.
Tá an baol ann go gcuireann béim agus spéis i bhfís nó aisling, nó i ngné díobh, fós le fíoradh as don aire is dual sna físeanna sin atá fíoraithe cheana féin. Agus is mar sin do lár-fhis na Críostaíochta. Is fís innti féin í an Chríostaíocht, an rúndiamhair a bhí folaithe leis na cianta agus foilsithe in Íosa agus san Eaglais. Is fíor mar a mheabhraíonn Eoin (Eoin 1:18) nár fhaca aoinne riamh Dia, agus gur nocht Íosa, a Aonghin Mac, dúinn é. Tús le sean-amhrán cráifeach Gaeilge, curtha go Nua-Ghaeilge, ná: ‘Mian de mhianta m’anama feiscint gnúise Dé’. Tá gnúis Dé nochtaithe ag Íosa: ‘An té a fhéacann mise, féachann sé an tAthair’. Tá an fhis a bhí folaithe, agus fós le hiomlánú, le fail cheana i mórán slíte: sna hOcht mBeannachtai, ‘Is méanair dóibh sin atá glan ó chroi óir feicfidh siad Dia’. Tá an fhís le fáil sa Seanmóir ar an Sliabh, agus in oidhreacht na hEaglaise. Molann Pól sa lucht léite machnamh a dhéanamh ar an saibhreas Chríostaí atá acu. Seachmall a bheadh ann a bheith ag cur béime ar easnaimnh agus ag déanamh faillí ar shaibhreas na físe atá againn cheana féin.
* * *
9 Lúnasa 2026 An Naoú Domhnach Déag Saor
Tugann briathra tosaigh na léachta seo cuireadh dúinn machnamh a dhéanamh air. Chuir Íosa d’fhiacha ar na deisceabail dul ar bord agus imeacht roimhe. Nuair a shuítear seo ina chomhthéacs sa soiscéal seo, agus i stair na soiscéal, is fiú a mheabhrú go dtagann an sliocht seo díreach tar éis shoiscéal an Ochtú Domhnaigh Déag ina bhfuil cur síos ar mhiorúilt iolrú an aráin. Sa chur síos ar an mhiorúilt seo i Soiscéal Eoin (6:14-15) deirtear gur mheas an pobal, ar a fheiscint doibh, gurb é Íosa an fáidh a bhí geallta, agus nuair a thug Íosa faoi deara go raibh in aigne acu teacht agus é a fhógairt mar rí, chuaigh sé ar leataobh faoin sliabh ina aonar. Is dócha gurb é seo an fáth gur chuir sé d’fhiacha ar na deisceabail dul go háit eile. Scaoil sé na sluaite uaidh chomh maith agus chuaigh an sliabh suas chun guí ina aonar. Luann na soiscéalaithe, go háirithe Lúcás, go ndéanadh Íosa guí go minic, go háirithe dtráthanna tábhachtachta dá shaol; ag a bhaisteadh, sul ar roghnaigh sé an Dáréag, ag múineadh an Ár nAthair dó, nuair a dhéanann a dheisceabail admháil chreidimh ann i Céasaraiá (Lúcás 9:18), ag Geitséamainí, ar lucht a chéasta. Taispeánann a urnaí a aontacht leis an Athair, agus léiríonn an fhirinne gur leiriú ar rúndiamhair shlanaithe Dé a bhí ina chuid saothair. Thug a urnaí sampla agus teachtaireacht don eaglais aithris a dhéanamh air.
An chéad mhir eile a thugann cuireadh chun machnaimh ná ciúniú na stoirme, á tabhairt chun suaimhnis, ar a leanann admhail na nAspal gur Mac Dé é Íosa. Measann siad gur taibhse a bhí in Íosa ag siúl ar an uisce. Deir Íosa leo gan eagla a bheith orthu, leis na briathra; ‘Is mise (atá ann)’, briathra a thugfadh chun cuimhne a dúirt an Tiarna Dia faoi féin ag an tor ar lasadh (Eacsadas 3:14): ‘Is mé an té atá’, agus áiteanna eile ina mbaintear feidhm as an nath lena cur in iul go bhfuil Dia i láthair lena chabhair, le eagla a chur ar ceal (Íseáia 4:4;n 43:5, 10-11), , agus anseo go bhfuil cabhair Dé i ngoire in Íosa. Tá ról lárnach ag Peadar san eachtra, agus é ag iarraidh siúl ar an uisce mar Íosa féin. Cáineann Íosa laige a chreidimh. Nuair a bhi an bheirt slán sabháilte sa bhád chiúnaigh an stoirm de thoirt. Chabhraigh cumhacht Íosa ar an ngaoth agus an fharraige, agus fianaise an Bhíobla chuige acu, chabhraigh sin leis na deisceabail admháil gur Mac Dé dáiríre é Íosa.
Tugann an léacht cuireadh dúinn machnamh a dhéanamh ar thrí phointe: (1) urnaí Íosa agus an lárionad atá ag an urnaí san eaglais don duine aonair agus don phobal; (2) an bád sa stoirm sa bhfarraige is íomhá é den eaglais suaite le fadhbanna i rith a staire. Ach tá Íosa i ngiorracht di i gcónaí. (3) An ról lárnach ata ag Peadar san eaglais i bplean Íosa. Rinne Íosa guí ar a shon nach gclisfeadh ar a chreideamh ach go mbeadh sé láidir le creideamh a bhráithre a neartú.
15 Lúnasa. Deastógáil na Maighdine Beannaithe Muire
Tá dhá mhír sa léacht seo, ar dtús cuairt Mhuire ar Eiliosaibeit, agus mar chríoch ar sin caintic Mhuire, an Magnificat. I dtosach tá an cuntas faoi chuairt Mhuire go hEiliosaibeit sna cnoic, sa cheantar sléibhteach i Iúdáia. Braitheann an fad idir Nazarat agus Iarúsailéim ar an treo a thógtar, pé acu a théitear direach tríd san tSamáir, nó ar bhealach níos faide soir. Tá an bealach díreach thart ar 120 cilliméadar, nó 75 míle, aistear a thógfadh thart ar ceithre lá. Ní bheadh teach Eiliosaibeit ró-fhada ó Iarúsailéim, bíodh nach eol dúinn go beacht cá raibh sé. (Níl sé deimhin go raibh sé in Ain Karim, an láthair oilithreachta chuige do Chaitlicigh inniu.) Ach níorb spéis do Lúcás nó do chuid mhór againn inniu na ceisteanna sin. Is fianaise an t-aistear seo ar dhaonnacht Mhuire – le comghairdeachas a dhéanamh le Eiliosaibeit agus le cabhrú lei, ag fanacht lei b’fhéidir gur rugadh a mac (Eoin). Cuireann Lúcás pointí eile os ár gcomhair chomh maith. Ceann díobh ná an réamhtheachtaire Eoin i mbroinn a mháthar ag beannú don Slánaitheoir Íosa, eisean i mbroinn a mháthar chomh maith. Ansin tá Eiliosaibeith ag fógairt dínit Mhuire go hard mar mhathair an tSlánaitheora, in mbriathra Eiliosaibeit mar ‘mháthair mo Thiarna’, agus fós Muire mar eiseamláir fhoirfe an chreidmhigh Chríostaí, ‘Is méanar di seo a chreid’, murab ionann agus a fear céile Zachárias a raibh amhras air. Mar fhreagra ar bhriathra molta Eiliosaibeit fógraíonn Muire le humhlaíocht a buíochas do Dhia leis an caintic iomráiteach an Magnificat¸ gur rinne an Té atá cumhachtach nithe móra di agus go ndéarfaidh na glúine uile feasta gur meanar di. Ní mór eile, agus an ceann deiridh ar talamh, na an |eastógáil chun na bhflaitheas. Mar a luadh thuas, meastar i draidisiun amhain girbh é Ain Karim láthair na cuairte ar Eiliosabeit. Tá eaglais oilithreachta ag na Poinsiasaigh anois ann aguas sa chlós os a comhair tá an Magnificat as Gaeilge.
* * *
16 Lúnasa 2026 An Fichiú Domhnach Saor
Sa pharabal faoin bhainis agus an éadach bainise (Matha 22:1-15), nuair nár ghlacadh leis an cuireadh chun na bainise, sheol an rí a sheirbhísigh amach chun na bóithre agus togadh isteach olc agus maith go raibh halla na bainise lán. Ansin tháinig an rí féin isteach agus chonaic fear nach raibh aon éadach bainise air, agus caitheadh amach é. An ceacht le tógaint as ná go bhfuil coinníollacha ag gabháil le cuireadh oscailte don fhleá mheisiasach. Bhi, agus beidh, teannas ann i gcónai idir cuireadh chun na hEaglaise, chun Teach Dé, agus an conradh le Dia agus misean na Eaglaise. De réir Chríost féin salann an talún agus solas an domhain iad lucht leanúna Chríost, agus chreid an luath-eaglais sin agus mhair dá réir. As sin d’eascair an cheist cad a bheadh le déanamh le bheith dílis dó sin i gcás peaca nó laige dhaonna. Bhí comhthionól Mhatha dian go leor air an té nár thug maithiúnas do Chríostaí eile – é a dhíbirt ón eaglais sin. Bhí Pól dian ar Chríostaí i gCora int a bhí ciontach i gcúrsa gnéis. D’ordaigh sé don eaglais é a dhíbirt go sealadach. Fadhb í seo a mhaireann linn i gconaí, maidir le gairm na hEaglaise bheith mar shalann agus sholas agus cleachtadh a théann ina choinne sin.
Tá stair fhada san Eaglais san ábhar seo, agus ar feadh i bhfad bhí pionós dian ann don duine a measadh a bheith imithe ar strae. Tá an cheist á cíoradh arís inár laethanta féin, go mór mór maidir leis an Chomaoineach naofa a thabhairt do dhaoine colscartha agus sa dara pósadh, agus maidir le Comaoineach do neamh-Chaitlicigh. Go bunúsach an tseancheist maidir le trócaire agus dílse don chonradh atá ann. Guímis go mbeidh réiteach éigin don nua-ré le fail ag an Eaglais.
23 Lúnasa 2026 An tAonú Domhnach Fichead Saor
Síomón Barióna (Mac Iona) ainm dílis Pheadar. D’athraigh Íosa sin anois go Céafas, an focal Airimise ar charraig, Petrus sa Ghéigis agus sa Laidin, Peadar sa Ghaeilge. Tugtar an t-ainm Airimise sin ar Pheader cúpla uair sa Tiomna Nua (Eoin 1:42; 1 Corantaigh 1:12; Galataigh 1:18). Tugadh Céafas, Peadar, carraig, air mar bhí Íosa lena thoghadh mar bunsraith dá eaglais. Ar ndóigh is é Críost féin an t-aon bunsraith san eaglais, ach bhí áit faoi leith le bheith ag Peadar, agus an gheallúint ann ó Íosa nach mbeidh ar chumas an diabhail (‘geataí ifrinn’), ná fórsaí an oilc, an bua a fháil ar an eaglais, agus an chumhacht ag Peadar breithiúnais (‘ceangal’ agus ‘scaoileadh’) áirithe a thabhairt, cumhacht a thugtar do na haspail go léir níos déanai (Matha 18:18), mar ar tugadh an chumhacht dóibh Domhnach Cásca peacai a mhaitheamh (Eoin 20:24). Téann an gradam seo a tugadh do Pheadar leis an cúram a tugadh dó tar éis an aiséirí aire a thabhairt do chaoireacha agus uain Íosa.
Ceacht amháin atá le baint as an Dara Léacht inniu, ina bhfuil Pól ag caint leis na Rómhánaigh, ná nach mór maireachtáil le rúndiamhair Dé. Ní hé gur rúndiamhair ghlan, amach is amach, é Dia. A mhalairt ar fad is fíor. Mar a deir Eoin sa Cheathrú Soiscéal: Ní fhaca aon duine riamh Dia, ach d’fhoilsigh Íosa, a aonghin, dúinn é. Agus rinne Dia sin go léir le teann grá. Bhí grá sin Dé don domhan léirithe i mbás a mhic Íosa ar an gcrois. Bhí sin go léir ar eolas do Phól Aspal, agus ba chuid lárnach dá shoiscéal é, agus lárnach do shoiscéal na hEaglaise trid na haoisenna. Ach ní hionann sin agus a rá go bhfuil beith, nádúr inmheánach, Dé ídithe ansin. Fanann Dia fós infinideach, mar a deir Pól sa léacht chéanna. Tugtar sin chun cuimhne dúinn ar uairibh mar a tugadh do Phól.
30 Lúnasa 2026 An Dara Domhnach Fichead Saor
Ceist na bhí ann ó thús na Críostaíochta, agus atá linn go fóill, ná an áit atá, nó nach bhfuil, i dlíthe seachtrachta, i noirm, i saol agus i gcoinsias an Chríostaí. Mhaígh Pól gur chaith sé uaidh Dlí Mhaois na nGiúdach, gan idirdhealú a dhéanamh idir ghnéithe éagsúla den Dlí sin. Leag seisean, agus an Chríostaíocht go ginearálta, béim mhór ar riachtanas agus gníomhú an Spioraid Naoimh i saol an chreidmhigh. Ach bhí an baol ann go measfaí nach raibh srian morálta a thuilleadh ar ghníomhartha an duine aonair. Agus ar uairibh géilleadh don chathú sin.
Ar ndóigh leag Pól agus an Eaglais chomh maith béim ar thorthaí an Spioraid, agus bhí teagasc Chríost ann faoi shéanadh agus faoin chrois a iompair agus é a leanúint. Ach bhí an cheist ann i gcónaí faoin gceangal idir ghníomhú inmheánanch an Spioraid, an tsaoirse i gCríost, agus dlíthe nó noirm sheachtracha. Uair amháin (1 Corantaigh 9:21) labhair Pól faoi bheith saor ón Dli (ó Dhlí Mhaois) ach bheith faoi Dhlí Chríost. Ach níl Dlí Chríost i bhfriotal, i scríbhinn bheacht. Tá sé sna soiscéil, sna hOcht mBeannachtai, sa tSeanmóir ar an Sliabh agus eile, agus i dtraidisiún na hEaglaise. Is mor idir laethanta Chriost agus na luath-Eaglaise agus cultúr an lae inniu, áfach, agus ní foláir na cúinsí go léir a choimeád sa áireamh. Ach le toil agus aigne Dé a aithint inniu ní foláir aird a thabhairt ar a dúirt Pól leis na Rómhánaigh: gan bheith gafa le patrún nó meon na haoise reatha ach aire a thabhairt don athnuachaint aigne sin is dual don Chríostaí.
* * *
All Irish homily texts for the three years by Máirtín Mac Conmara MSC as in ‘Sunday Scripture Online’ have been published by ‘An Sagart’, Maynooth, under the titles Machnamh 1, 2, 3 at €10.00 per volume